diúltaíodh sé d' fhíon agus do dheoch chrua, ná hóladh sé fínéagar fíona ná dí crua, ná hóladh sé súlach fíniúna, agus ná hitheadh sé caora fíniúna, úr ná triomaithe.
Fad a bhíonn sé faoi cheangal na móide ná baineadh rásúr lena cheann; nó go mbíonn ré a choisricthe don Tiarna slánaithe, bíodh sé naofa agus ligeadh sé dá chuid gruaige bheith ag fás léi ar a cheann.
Má thiteann an t-anam as duine go tobann ina láthair agus go bhfágtar neamhghlan a cheann coisricthe ní foláir dó a cheann a bhearradh lá a ghlanta; bearradh sé a cheann ar an seachtú lá.
Ofráladh an sagart ceann díobh mar íobairt pheaca agus an ceann eile mar íobairt loiscthe, agus comhlíonadh sé ansin gnás an leorghnímh ar son na truaillitheachta a luigh air de bharr an chorpáin. Déanadh sé a cheann a choisreacan an lá céanna;
agus déanadh sé é féin a choisreacan don Tiarna i gcaitheamh a naizíreachta ar fad, agus tugadh sé uan fireann bliana mar íobairt leorghnímh. Ní chuirfear an t-am caite cheana san áireamh, mar gur truaillíodh a naizíreacht.
agus cliabh de bhuilíní slimaráin de phlúr mín fuinte le hola agus de chácaí gan ghabháile le hola leata orthu, mar aon leis na habhlanna agus na híobairtí doirte a ghabhann leo.
Ofráladh an naizíreach an íobairt chomaoineach leis an reithe agus leis an slimarán sa chliabh, agus ofráladh an sagart an abhlann agus an íobairt dhoirte mar an gcéanna.
Ansin bearradh an naizíreach a cheann coisricthe ag doras Bhoth na Teagmhála, agus tógadh sé gruaig a chinn choisricthe agus leagadh í ar an tine atá faoin íobairt chomaoineach.
Ansin tógadh an sagart slinneán an reithe, nuair a bhíonn sé bruite, agus builín slimaráin ón gcliabh, agus cáca gan ghabháile, agus leagadh sé ar lámha an naizírigh iad tar éis dó a ghruaig choisricthe a bhearradh.
Déanadh sé an chuid sin a ofráil don Tiarna mar dhleacht ar leith; is cuid naofa don sagart í, mar aon leis an mbrollach a ofráladh agus leis an gceathrú a cuireadh i leataobh. Ní miste don naizíreach fíon a ól ina dhiaidh sin.
Sin é an gnás don naizíreach a thug móid. Má mhóidigh sé, seachas [a cheann gruaige], ofráil phearsanta don Tiarna seachas cibé rud eile a bheadh ar a acmhainn ní foláir dó an mhóid a thug sé a chomhlíonadh de bhreis ar cibé rud a éilíonn an gnás ar son a ghruaige.»