An ceathrú lá déag den mhí seo, idir dhá sholas tráthnona, an t-am atá ceaptha daoibh í a choimeád. Ní foláir daoibh í a cheiliúradh de réir gach dlí agus gnás a bhaineann léi.»
Cheiliúradar an Cháisc i bhfásach Shíonái, ar an gcéad mhí, ar an gceathrú lá déag den mhí sin, idir dhá sholas tráthnóna. Rinne clann Iosrael go cruinn beacht mar a d' ordaigh an Tiarna dóibh.
Bhí fir áirithe a bhí neamhghlan mar gur bhaineadar le corpán agus nárbh fhéidir dóibh an Cháisc a cheiliúradh an lá sin. Thángadar go Maois agus go hÁrón an lá sin féin,
agus dúirt siad leis: «Táimid fágtha neamhghlan mar gur bhaineamar le corpán; cén fáth a bhfuiltear a chosc orainne ofráil a dhéanamh don Tiarna ag an am cuí in éineacht leis an gcuid eile de chlann Iosrael?»
«Abair le clann Iosrael: 'Má bhíonn aon duine agaibhse nó de bhur sliocht neamhghlan mar gur bhain sé le corpán, nó má bhíonn sé ar aistear i gcéin, is féidir dó Cáisc a choimeád don Tiarna mar sin féin.
Ach an té atá glan agus nach bhfuil ar aistear, ach nach gcoimeádann an Cháisc san am céanna, gearrtar an duine sin amach óna phobal, mar nár ofráil sé ofráil an Tiarna ag an am a bhí ceaptha; bíodh ualach a pheaca ar an té sin.
Má bhíonn coimhthíoch ag cur faoi in bhur measc agus go gcoimeádann an Cháisc don Tiarna, ní foláir dó í a choimeád de réir reacht agus gnás na Cásca. Bíodh an t-aon reacht amháin in bhur measc do dheoraí agus do dhúchasach mar an gcéanna.'»
An lá a cuireadh suas an taibearnacal, chlúdaigh an néal an taibearnacal agus both na Fianaise. Ó thráthnona go maidin luigh sé ar an taibearnacal faoi chló tine.
Faoi ordú an Tiarna a chuireadh clann Iosrael chun bóthair agus faoi ordú uaidh a shuídís campa. Fad a luigh an néal ar an taibearnacal, d' fhanadar sa champa.
Ach sa chás nach luíodh an néal ach beagán laethanta os cionn an taibearnacail, shuídís campa faoi ordú an Tiarna agus scoiridís campa faoi ordú an Tiarna.
Nuair nach luíodh an néal ach thar oíche go maidin, chuiridís chun siúil nuair a d' ardaíodh sé lá arna mhárach. Nó, nuair a d' fhanadh sé lá agus oíche iomlán, ní bhogaidís go dtí go n-ardaíodh sé.
Ar uaire luíodh sé ar feadh dhá lá, nó mí, nó níos faide; dá fhad a d' fhanadh an néal os cionn an taibearnacail, d' fhanadh clann Iosrael sa champa san áit chéanna agus nuair a d' ardaíodh sé chuiridís chun siúil.