Is é an fáth a mbím ag labhairt leo i bhfáithscéalta, de bhrí go bhfuil an radharc acu agus nach bhfeiceann siad, agus go bhfuil an éisteacht acu agus nach gcluineann siad, agus de bhrí go bhfuil siad gan tuiscint.
Is iad an tuar a tháinig faoi thairngreacht Ísáia a deir: ‘Cluinfidh bhur gcluasa agus ní thuigfidh sibh choíche, agus féachfaidh bhur súile, agus ní fheicfidh sibh go deo.
Mar tá croí na muintire seo i ndiaidh éirí ramhar, agus tugann siad cluas bhodhar, agus dhall siad a súile, ar eagla go bhfeicfeadh a súile, agus go gcluinfeadh a gcluasa, agus go dtuigfeadh a gcroí, agus go dtiontóidís thart ionas go leigheasfadh mise iad.’
Deirim i bhfírinne libh, is iomaí fáidh agus fíréan a bhí ag tnúth lena bhfeiceann sibhse a fheiceáil, agus nach bhfaca é, agus a bhí ag tnúth lena gcluineann sibh a chluinstin agus nár chuala é.
Nuair a chluineann aon duine briathar na ríochta gan a thuiscint, is é rud, tagann an drochsprid agus sciobann sí ar shiúl an síol a cuireadh ina chroí; is é sin an méid a cuireadh ar imeall an chosáin.
an té nach bhfuil aon fhréamh ann, agus nach maireann ach seal, mar nuair a éirionn aon chrá nó géarleanúint i dtaobh an bhriathair, glacann sé fuath dó gan mhoill.
I dtaca leis an síol a cuireadh i measc na ndriseog, is é sin an té a éisteas leis an mbriathar, ach go mbíonn imní an tsaoil agus cluain an tsaibhris ag tachtadh an bhriathair, sa chaoi nach mbíonn toradh air.
Ach i dtaca leis an síol a cuireadh i ndea-úir mhéith, is é sin an té a chluineas an briathar agus a thuigeann é; is é a thugann toradh uaidh, uaireanta faoi chéad, agus uaireanta faoi sheasca, agus uaireanta eile faoi thríocha.”
Agus tháinig seirbhísigh fhear an tí chuige go ndúirt siad leis, ‘A dhuine uasail, nach é an dea-shíol a chuir tú i do chuibhreann? Conas atá an cogal ann?’
Ligigí don dá chuid fás i gcuideachta go dtí an fómhar; agus in am an fhómhair is é a déarfas mé leis na buanaithe. Cruinnígí an cogal an chéad uair, agus ceanglaígí ina bhearta é lena dhó, ach cruinnígí an chruithneacht isteach i mʼiothlainn.’”
Chuir sé fáithscéal eile rompu, go ndúirt, “Is cosúil ríocht na bhflaitheas le gráinne de shíol mustaird ar ghlac fear é agus ar chuir sé ina chuibhreann é;
is é an síol is lú ar shíolta é, ach nuair a fhásas sé níl tom is mó ná é agus bíonn sé ina chrann, agus tagann éanlaith an aeir a dhéanamh neadacha ina chraobhacha.”
Dʼinis sé fáithscéal eile dóibh, “Is cosúil ríocht na bhflaitheas le laibhín a ghlac bean chuici gur fholaigh é i dtrí mhiosúr de phlúr, go dtí gur ghlac an t‑iomlán de an laibhín.”
Dʼfhág sé na sluaite ansin go ndeachaigh isteach sa teach. Agus tháinig a dheisceabail chuige, go ndúirt siad leis, “Mínigh dúinn fáithscéal chogal an chuibhrinn.”
“Is cosúil ríocht na bhflaitheas le taisce a bhí i bhfolach i ngort, ar tháinig fear air, agus ar fholaigh sé é; ansin leis an áthas atá air téann sé go ndíolann sé a bhfuil aige go gceannaíonn sé an gort úd.
nuair a bhí sé líonta leo, tharraing na daoine amach ar an trá é agus shuigh siad gur phioc siad amach an méid a bhí maith gur chuir i soithigh iad, ach gur chaith siad uathu an méid a bhí olc.
Agus ar seisean leo, “Mar sin de, gach scríobhaí dá bhfuair foghlaim le haghaidh ríocht na bhflaitheas, is cosúil é le fear cinn teaghlaigh a bhíos ag tabhairt amach sean agus nua as a bhfuil aige.”
agus tháinig sé go dtí a dhúiche féin gur theagasc dóibh ina sionagóg, ar chaoi a chuir iontas orthu, agus ar siadsan, “Cá has a bhfuil an eagna seo agus na móroibreacha seo ag an duine seo?
Agus ghlac siad scannal roimhe. Ach is é a dúirt Íosa leo, “Ní bhíonn fáidh gan onóir a bheith aige gach áit ach amháin ina dhúiche féin agus ina theach féin.”