Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| Tháinig ó Iarúsailéim ansin ag triall ar Íosa Fairisínigh agus scríobhaithe a dúirt: |
| 2 |
| «Cén fáth a sáraíonn do dheisceabail traidisiún na sinsear? Ní dhéanann siad a lámha a ní nuair a bhíonn siad ag caitheamh a gcoda.» |
| 3 |
| «Agus cén fáth,» ar seisean leo á bhfreagairt, «a sáraíonn sibh féin aithne Dé ar son an traidisiúin seo agaibh? |
| 4 |
| Óir dúirt Dia: 'Tabhair onóir do d' athair agus do do mháthair'; agus: 'An té a labhraíonn go haithiseach lena athair nó lena mháthair, bíodh ciorrú an bháis air'; |
| 5 |
| ach is é a deir sibhse: 'Cibé duine a deir lena athair nó lena mháthair: «Ní ar bith de mo chuidse a d' fhéadfadh dul chun sochair duitse, táim á choisreacan don Tiarna»; |
| 6 |
| níl cead aige an onóir sin a thabhairt dá athair nó dá mháthair'; agus tá briathar Dé curtha ar neamhní agaibh ar son bhur dtraidisiúin. |
| 7 |
| A bhréagchráifeacha, is breá an tairngreacht a rinne Íseáia mar gheall oraibh nuair a dúirt: |
| 8 |
| ' Tugann an pobal seo onóir dom ó bheola ach is fada uaim atá a gcroí: |
| 9 |
| Is díomhaoin dóibh bheith do m' adhradh, óir níl sa teagasc a mhúineann siad ach aitheanta daonna.'» |
| 10 |
| Ghlaoigh sé an slua chuige agus dúirt sé leo: «Éistigí liom agus bainigí meabhair as an méid seo! |
| 11 |
| Ní hé an rud a théann isteach sa bhéal a dhéanann neamhghlan an duine, ach an rud a thagann amach as an mbéal, sin é a dhéanann neamhghlan an duine.» |
| 12 |
| Tháinig na deisceabail chuige ansin agus dúirt siad leis: «An bhfuil a fhios agat, nuair a chuala na Fairisínigh an chaint sin, gur ghlac siad scannal inti?» |
| 13 |
| D' fhreagair sé iad agus dúirt: «Planda ar bith nárbh é m' Athair neamhaí a phlandaigh é, sracfar as a fhréamha é. |
| 14 |
| Ligigí dóibh. Daill iad ina ngiollaí i gcionn dall, agus má bhíonn dall ina ghiolla i gcionn daill, titfidh siad araon sa díog.» |
| 15 |
| Labhair Peadar leis: «Inis dúinn ciall an pharabail úd.» |
| 16 |
| Dúirt Íosa: «Sibhse freisin, nach bhfuil tuiscint agaibh fós féin? |
| 17 |
| An ea nach dtuigeann sibh, rud ar bith a théann isteach sa bhéal, go ngabhann sé sa ghoile agus go scaoiltear sa leithreas é? |
| 18 |
| Ní ionann agus na nithe a thagann amach as an mbéal, gur as an gcroí a thagann siad, agus déanann siadsan neamhghlan an duine. |
| 19 |
| Óir is iad na nithe a thagann amach as an gcroí, drochsmaointe, dúnmharuithe, bearta adhaltranais agus drúise, gadaíochtaí, fianaisí bréige, diamhaslaí. |
| 20 |
| Sin iad na nithe a dhéanann neamhghlan an duine; ach ní dhéanann sé neamhghlan é má chaitheann sé a chuid gan a lámha a bheith nite.» |
| 21 |
| Ar dhul amach as sin dó, chuaigh Íosa i leataobh go dtí ceantar na Tuíre agus Shíodóine. |
| 22 |
| Agus bhí bean Chanánach a tháinig amach as na críocha sin agus thosaigh sí ag glaoch os ard: «Déan trócaire orm, a Thiarna, a mhic Dháiví,» ar sise, «tá iníon agam agus í á crá go géar ag deamhan.» |
| 23 |
| Ach ní dúirt Íosa focal ar bith á freagairt. Tháinig a dheisceabail chuige agus bhí siad ag impí air: «Scaoil uait í,» ar siad, «tá sí ag glaoch inár ndiaidh.» |
| 24 |
| D' fhreagair agus dúirt: «Níor cuireadh mé ach amháin go dtí caoirigh caillte theaghlach Iosrael.» |
| 25 |
| Ach tháinig an bhean agus d' fhan ar a dhá glúin ina láthair: «A Thiarna,» ar sise, «fóir orm.» |
| 26 |
| D' fhreagair agus dúirt: «Níl sé oiriúnach arán na leanaí a thógáil agus é a chaitheamh chun na gcoileán.» |
| 27 |
| Dúirt sise: «Cinnte, a Thiarna, agus itheann na coileáin féin na grabhróga a thiteann ó bhord a máistrí.» |
| 28 |
| Ansin dúirt Íosa léi á freagairt: «Ó, is mór é do chreideamh, a bhean! Bíodh agat mar is áil leat. Agus bhí a hiníon leigheasta ón nóiméad sin. |
| 29 |
| D' fhág Íosa an áit sin agus bhain amach bord farraige na Gailíle. Chuaigh sé an sliabh suas agus shuigh ansin. |
| 30 |
| Agus tháinig na daoine chuige ina sluaite móra, agus bhí acu leo bacaigh agus mairtínigh agus daill agus balbháin agus mórán eile, agus shín siad ag a chosa iad agus leigheas sé iad. |
| 31 |
| Agus rinne na sluaite ionadh de nuair a chonaic siad caint ag balbháin, mairtínigh slán, siúl ag bacaigh agus radharc ag daill; agus thug siad glóir do Dhia Iosrael. |
| 32 |
| Ghlaoigh Íosa a dheisceabail chuige agus dúirt: «Tá trua agam don slua, mar sin trí lá tugtha acu liom anois agus gan aon bhia acu. Agus níor mhaith liom iad a scaoileadh chun siúil ar céalacan le heagla go mbuailfeadh laige iad sa tslí dóibh.» |
| 33 |
| Ach dúirt na deisceabail leis: «Cá bhfaighimis a ndóthain aráin don slua seo, agus sinn san fhásach?» |
| 34 |
| Dúirt Íosa leo: «Cé mhéad builín atá agaibh? «Tá a seacht,» ar siadsan, «agus tá beagán mioniasc.» |
| 35 |
| D' ordaigh sé don slua ligean fúthu ar an talamh, |
| 36 |
| agus thóg sé na seacht mbuilíní agus na héisc, d' altaigh, bhris agus thug do na deisceabail iad, agus thug na deisceabail do na sluaite iad. |
| 37 |
| D' ith siad uile agus bhí siad sách, agus thóg siad suas an bruscar fuílligh, lán seacht gcléibhíní. |
| 38 |
| Timpeall ceithre mhíle fear a fuair an béile, gan mná ná páistí a áireamh. |
| 39 |
| Agus tar éis dó na sluaite a scaoileadh uaidh, chuaigh sé ar bord an bháid agus tháinig go críocha Mhagadan. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/matthew/015.mp3
28
15