Tiomna Nua 1970
|
| 1 |
| Anois nuair a chríochnaigh Íosa na ráite sin, dʼimigh sé ó Ghalailí go ndeachaigh sa réigiún de Iúdaea atá taobh thall den Iornán; |
| 2 |
| agus lean sluaite móra é, agus leigheas sé ansin iad. |
| 3 |
| Agus tháinig Fairiséigh aníos chuige gur chuir féachaint air ag fiafraí de, “An dleathach do dhuine a bhean a chur uaidh ar gach uile chúis?” |
| 4 |
| Ba é a fhreagra, “An é nach bhfuil léite agaibh gur chruthaigh an Cruthaitheoir fireann agus baineann iad i dtús an tsaoil, |
| 5 |
| agus go ndúirt, ‘Dá bhrí sin tréigfidh fear a athair agus a mháthair agus cloífidh sé lena bhean, agus déanfar aon den dís?’ |
| 6 |
| Ní dís iad mar sin ach aon. Ná cuireadh an duine ó chéile ar chuir Dia le chéile.” |
| 7 |
| Dʼfhiafraigh siad de, “Cad chuige mar sin a dʼordaigh Maois do dhuine teastas dealaithe a thabhairt uaidh, agus í a chur uaidh mar sin?” |
| 8 |
| Ar seisean leo, “Is as cruas bhur gcroíthe a lig Maois daoibh bhur mbanchéilí a chur uaibh, ach ní hamhlaidh a bhí ó thús. |
| 9 |
| Agus deirimse libh: Cibé fear a dhealaíos óna bhean, ach mar gheall ar mhí-gheanmnaíocht amháin, agus a phósas bean eile, bíonn sé ag déanamh adhaltranais.” |
| 10 |
| Dúirt na deisceabail leis, “Más amhlaidh an scéal dʼfhear agus dá bhanchéile, is fearr gan phósadh.” |
| 11 |
| Ach dúirt sé leo, “Ní féidir leis na fir uile glacadh leis an gcomhairle seo, ach amháin an méid a mbronntar orthu é. |
| 12 |
| Mar tá coillteáin ann a bhí amhlaidh ó bhroinn, agus tá coillteáin ann a ndearna na daoine iad, agus tá coillteáin ann a rinne coillteáin díobh féin de gheall ar ríocht neimhe. An té ar féidir leis glacadh leis seo, glacadh sé leis.” |
| 13 |
| Tugadh leanaí chuige ansin ionas go leagfadh sé a lámha orthu, agus go ndéanfadh sé guí. Chros na deisceabail ar na daoine sin a dhéanamh; |
| 14 |
| ach is é a dúirt Íosa, “Ligigí do na leanaí teacht chugam, agus ná cuirigí cosc leo; mar is lena leithéidí ríocht neimhe.” |
| 15 |
| Agus leag sé a lámha orthu, agus dʼimigh sé as sin. |
| 16 |
| Agus bʼshiúd duine ag teacht aníos chuige, á rá, “A Oide mhaith, cad é an dea-ghníomh a chaithfeas mé a dhéanamh leis an mbeatha shíoraí a bheith agam?” |
| 17 |
| Agus dúirt sé leis, “Cad chuige duit fiafraí díomsa faoin maith? Tá aon neach amháin ann atá maith. Más mian leat teacht chun na beatha, coinnigh na haitheanta.” |
| 18 |
| Dúirt sé leis, “Cé acu?” Agus dúirt Íosa, “Ná déan dúnmharú, ná adhaltranas, ná goid, ná fianaise bhréige, |
| 19 |
| tabhair onóir do dʼathair agus do do mháthair, agus gráigh do chomharsa mar thú féin.” |
| 20 |
| Dúirt an t‑ógánach leis, “Tá siad seo uile comhlíonta agam; cad é atá in easpa orm fós?” |
| 21 |
| Dúirt Íosa leis, “Más mian leat bheith go foirfe, imigh, díol a bhfuil agat agus tabhair do na boicht é, agus beidh stór agat ar neamh, agus tar, agus lean mise.” |
| 22 |
| Nuair a chuala an t‑ógánach an chaint sin dʼimigh sé faoi bhrón, mar ba mhór a mhaoin saolta. |
| 23 |
| Agus dúirt Íosa lena dheisceabail, “Deirim go fírinneach libh, go mbeidh sé deacair duamhar dʼfhear saibhir dul isteach i ríocht neimhe. |
| 24 |
| Insím daoibh arís, gur fusa do chamall dul trí chró snáthaide ná dʼfhear saibhir dul isteach i ríocht Dé.” |
| 25 |
| Nuair a chuala na deisceabail sin bhí iontas mór orthu, agus iad á rá, “Cé mar sin is féidir a shlánú?” |
| 26 |
| Ach dʼfhéach Íosa fúthu agus tharstu agus dúirt sé leo, “Is dodhéanta sin do dhaoine, ach níl ní nach bhfuil indéanta ag Dia.” |
| 27 |
| Dúirt Peadar ansin á fhreagairt, “Féach orainne, a thréig gach uile ní agus a lean tusa. Cad é a bhéas againne mar sin?” |
| 28 |
| Arsa Íosa leo, “Deirim go fírinneach libh, sa saol úrnua, nuair a shuífidh Mac an duine ar chathaoir a ghlóire, beidh an dream agaibh a bhíodh do mo leanúint in bhur suí ar dhá chathaoir déag ag tabhairt breithiúnais ar dhá threibh déag Iosrael. |
| 29 |
| Agus níl duine dár fhág ina dhiaidh tithe nó deartháireacha nó deirfiúracha nó athair nó máthair nó leanaí nó tailte, mar gheall ar mʼainmse, nach bhfaighidh a chéad oiread, agus nach mbeidh seilbh aige ar an mbeatha shíoraí. |
| 30 |
| Ach is iomaí duine a bhí ar dtús a bheidh ar deireadh, agus an dream a bhí ar deireadh beidh siad ar dtús. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish1970/matthew/019.mp3
28
19