agus go ndúirt: ‘Mar gheall air sin, fágfaidh duine a athair agus a mháthair chun a bheith go dlúth i bpáirt lena bhean, agus aon cholainn amháin a bheidh sa bheirt acu.’
Ach deirim-se libh, duine ar bith a scaoileann uaidh a bhean agus nach de dheasca striapachais é, agus a phósann bean eile, déanann sé adhaltranas, agus an té a phósann bean a scaoileadh, déanann sé adhaltranas.”
Óir tá coillteáin ann ar mar sin a tháinig siad as broinn a máthar, agus tá coillteáin ann ar ag daoine a coilleadh iad, agus tá coillteáin ann arb iad féin a choill iad féin ar son Ríocht na bhflaitheas. Gabhadh chuige an té a fhéadann!”
Dúirt sé leis: “Cén fáth a bhfiafraíonn tú díom-sa faoin maith? Aon neach amháin is maith. Ach más áil leat dul isteach sa bheatha, coinnigh na haitheanta.”
“Más áil leat a bheith foirfe,” arsa Íosa leis, “imigh leat, díol amach a bhfuil agat agus tabhair do na boicht é agus beidh stór agat ar Neamh: tar ansin agus lean mise.”
Dúirt Íosa leo: “Deirim libh go fírinneach, san athghiniúint, nuair a bheidh Mac an Duine ina shuí i rí-chathaoir a ghlóire, beidh sibh-se a bhí do mo leanúint in bhur suí freisin in dhá rí-chathaoir déag ag tabhairt breithe ar dhá threibh déag Iosrael.
Agus duine ar bith a dʼfhág tithe nó deartháireacha nó deirfiúracha, nó athair nó máthair, nó bean, nó clann, nó tailte mar gheall ar mʼainm, gheobhaidh sé níos mó faoi chéad agus an bheatha shíoraí mar oidhreacht.