“Ach is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairiséacha, a lucht na cráifeachta bréige! as siocair go ndúnann sibh ríocht neimhe in aghaidh na ndaoine; mar ní théann sibh féin isteach; agus ní ligeann sibh don dream atá ag iarraidh dul isteach dul thar an táirseach.
“Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairiséacha, a lucht na cráifeachta bréige! mar tugann sibh cuairt na mara agus na tíre le haon duine amháin a iompú, agus nuair a iompaíos sé, déanann sibh ifreannach de is measa faoi dhó ná sibh féin.
“Is mairg daoibh, a threoraithe na daille, a deir, ‘Má thugann duine móid ar an teampall, níl aon ní ráite aige; ach má thugann duine móid ar ór an teampaill, tá sé faoi cheangal a mhóide.’
Agus is é a deir sibh, ‘Má thugann duine móid ar an altóir, níl aon ní ráite aige; ach má thugann aon duine móid ar an tabhartas atá ar an altóir, tá sé faoi cheangal a mhóide’.
“Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairiséacha, a lucht na cráifeachta bréige! mar tugann sibh deachú den mhismín agus den lus mín agus den chuimin, agus tá neamart déanta agaibh sna nithe ar mhó a dtábhacht sa dlí, den chóir agus den trócaire agus den fhírinne; arbh é bhur gceart iad a chur i ngníomh, gan neamart a dhéanamh sa chuid eile.
“Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairiséacha, a lucht na cráifeachta bréige! mar glanann sibh an taobh amuigh den chupán agus den phláta, agus bíonn an taobh istigh lán de shaint agus de chraos.
“Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairiséacha, lucht na cráifeachta bréige! mar tá sibh mar thuamaí atá nite le haol, a mbíonn cuma álainn orthu ar an taobh amuigh, ach a bhfuil an taobh istigh lán de chnámha marbhán agus den uile chineál salachair.
Bíonn cuma na fíréantachta oraibhse mar sin ar an taobh amuigh os comhair na ndaoine, ach ar an taobh istigh tá sibh lán de bhréagchráifeacht agus den éagóir.
“Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairiséacha, a lucht na cráifeachta bréige! mar tógann sibh tuamaí na bhfáithe agus maisíonn sibh leachta cuimhneacháin na bhfear fíréan,
Dá bhrí sin de, cuirim chugaibh fáithe agus saoithe agus scríobhaithe, agus maróidh sibh agus céasfaidh sibh cuid acu, agus tá cuid acu a mbeidh sibh á sciúrsáil in bhur sionagóga agus á ngéarleanúint ó bhaile go baile,
ionas go dtite oraibh ar doirteadh dʼfhuil fhíréanta ar an talamh, ó fhuil Abel neamhchiontaigh go dtí fuil Shecaría mhic Bharacía, ar dhúnmharaigh sibh é idir an sanctóir agus an altóir.
“A Iarúsailéim, a Iarúsailéim, a bhíos ag marú na bhfáithe agus ag imirt báis le clocha ar a gcuirtear chugat! Nach minic ba thoil liomsa do chlannsa a chruinniú mar chruinníonn an chearc a hál faoi scáth a sciathán, agus níor thoil libhse é!