Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| Nuair a bhí an mhaidin ann, rinne na hardsagairt go léir agus seanóirí an phobail comhairle le chéile in aghaidh Íosa d' fhonn é a bhású. |
| 2 |
| Tar éis dóibh é a cheangal, sheol siad leo é á thabhairt ar láimh do Phioláit an gobharnóir. |
| 3 |
| Ansin, nuair a chonaic Iúdás, fear a bhraite, go raibh sé daortha, bhuail aiféala é, agus thug an tríocha píosa d' airgead geal ar ais d' uachtaráin na sagart agus do na seanóirí, |
| 4 |
| ag rá: «Ba pheaca dom fuil neamhchiontach a bhrath.» Ach dúirt siad sin: «Cad é sin dúinne? Féach féin chuige.» |
| 5 |
| Ach rad sé uaidh na píosaí airgid isteach sa sanctóir agus d' fhág an áit, d' imigh sé leis agus chroch é féin. |
| 6 |
| Thóg na hardsagairt na píosaí airgid agus dúirt siad: «Ní dleathach iad do chur i gciste an Teampaill, mar is luach fola iad.» |
| 7 |
| Tar éis dóibh an scéal a phlé, cheannaigh siad leis an airgead Gort an Chriadóra mar reilig do strainséirí. |
| 8 |
| Sin é a d' fhág Gort na Fola mar ainm ar an ngort sin go dtí an lá inniu féin. |
| 9 |
| Ansin a comhlíonadh a ndúradh trí Irimia fáidh: «Agus thóg siad an tríocha píosa d' airgead geal, luach an duine a measadh ag cuid de chlann Iosrael a measadh é |
| 10 |
| agus thug ar Ghort an Chriadóra iad, de réir mar bheartaigh an Tiarna dom.» |
| 11 |
| Tugadh Íosa i láthair an ghobharnóra, agus d' fhiafraigh an gobharnóir de: «An tusa Rí na nGiúdach?» Dúirt Íosa «Tá sé ráite agat.» |
| 12 |
| Agus le linn a chiontaithe ag na hardsagairt agus ag na seanóirí, bhí sé gan aon fhreagra a thabhairt. |
| 13 |
| Dúirt Pioláit leis ansin: «Nach gcluineann tú a bhfuil d' fhianaise acu á thabhairt i d' aghaidh?» |
| 14 |
| Ach freagra níor thug sé ar phointe ar bith, rud a chuir ardionadh ar an ngobharnóir. |
| 15 |
| Ach ba ghnáthbhéas don ghobharnóir, i ngach féile, go scaoilfeadh sé saor chun an tslua cibé príosúnach ba rogha leo. |
| 16 |
| Bhí príosúnach iomráiteach ar láimh an uair sin arbh ainm dó Barabas. |
| 17 |
| Mar sin, nuair a bhí siad cruinnithe le chéile dúirt Pioláit leo: «Cé acu ba rogha libh mé a scaoileadh chugaibh, Barabas, nó Íosa ar a dtugtar an Críost?» |
| 18 |
| mar bhí a fhios aige gur formad faoi deara é thabhairt ar láimh. |
| 19 |
| Ach le linn dó bheith ina shuí breithimh, chuir a bhean scéala chuige: «Scaoil tharat an fear cóir seo gan baint leis, óir ba mhór í m' fhulaingt i mbrionglóid inniu mar gheall air.» |
| 20 |
| Ach d' áitigh na hardsagairt agus na seanóirí ar na sluaite Barabas a iarraidh agus Íosa a mhilleadh. |
| 21 |
| Labhair an gobharnóir leo: «Cé acu den bheirt is rogha libh mé a scaoileadh chugaibh?» «Barabas!» ar siad. |
| 22 |
| Dúirt Pioláit leo: «Más ea, cad a dhéanfaidh mé le hÍosa ar a dtugtar an Críost?» Dúirt siad: «Céastar é!» |
| 23 |
| Dúirt seisean: «Ach cén t-olc a rinne sé?» Ach is ea ba mhó a bhí siad ag screadadh: «Céastar é!» |
| 24 |
| Nuair a chonaic Pioláit nach raibh aon mhaith dó ann ach gur mhó a bhíothas ag dul chun calláin, fuair sé uisce agus nigh a lámha os comhair an tslua ag rá: «Nílimse freagrach i bhfuil an fhíréin seo: féachaigí sibhse chuige.» |
| 25 |
| D' fhreagair an pobal ar fad: «Go raibh a chuid fola orainn féin agus ar ár gclann!» |
| 26 |
| Scaoil sé Barabas chucu ansin, ach rinne sé Íosa a sciúrsáil agus a thabhairt suas chun go gcéasfaí é. |
| 27 |
| Ansin rug saighdiúirí an ghobharnóra Íosa leo isteach sa phréatóiriam, agus chuir siad tionól ar an gcathlán go léir chuige. |
| 28 |
| Bhain siad de a chuid éadaigh agus ghléas siad i bhfallaing chraorag é: |
| 29 |
| rinne siad coróin a fhí de dheilgneach agus í a bhualadh ar a cheann agus giolcach a chur ina láimh dheis, agus teacht ar a nglúine os a chomhair ag fonóid faoi ag rá: «Sé do bheatha, a Rí na nGiúdach!» |
| 30 |
| Agus chaith siad seilí air agus bhí siad á bhualadh sa cheann leis an ngiolcach. |
| 31 |
| Agus tar éis dóibh fonóid a dhéanamh faoi, bhain siad de an fhallaing, chuir siad a chuid éadaigh féin air agus sheol siad leo é chun a chéasta. |
| 32 |
| Sa tslí amach dóibh, casadh fear Cuiréanach orthu arbh ainm dó Síomón; chuir siad d' fhiacha air seo a chros a iompar. |
| 33 |
| Agus ar theacht dóibh go dtí áit ar a dtugtar Golgotá is é sin le rá, Áit an Chloiginn |
| 34 |
| thug siad le hól dó fíon a raibh domlas tríd, ach ar a bhlaiseadh dó, dhiúltaigh sé a ól. |
| 35 |
| Tar éis dóibh é a chéasadh, roinn siad a chuid éadaigh eatarthu, á gcur ar chrainn, |
| 36 |
| agus d' fhan siad ina suí ansiúd á ghardáil. |
| 37 |
| Cuireadh scríbhinn os a chionn ag insint cúis a dhaortha: «Is é seo Íosa Rí na nGiúdach.» |
| 38 |
| Ansin céasadh mar aon leis beirt robálaithe, duine acu ar a dheis agus an duine eile ar a chlé. |
| 39 |
| Bhí lucht an bhealaigh ag tabhairt achasáin dó, ag croitheadh a gceann |
| 40 |
| agus ag rá: «Thusa, a leagfadh Teampall Dé anuas agus a thógfadh é i dtrí lá, saor thú féin, más tú Mac Dé, agus tar anuas ón gcros!» |
| 41 |
| Bhí na hardsagairt freisin ag fonóid faoi, in éineacht leis na scríobhaithe agus na seanóirí, agus deiridís: |
| 42 |
| «Shaor sé daoine eile, ní féidir leis é féin a shaoradh! Is é Rí Iosrael é: tagadh sé anuas ón gcros feasta agus creidfimid ann. |
| 43 |
| As Dia a bhí a mhuinín; fuasclaíodh Dia anois é más gnaoi leis é, óir dúirt sé féin: 'Is mé Mac Dé.'» |
| 44 |
| Na robálaithe freisin a céasadh mar aon leis, bhí siad á aithisiú mar an gcéanna. |
| 45 |
| Ón séú huair bhí dorchadas anuas ar an talamh go léir go dtí an naoú huair. |
| 46 |
| Agus timpeall an naoú huair, d' éigh Íosa de ghlór ard: «Élí, Élí, lamá sabachtání?» is é sin le rá: «A Dhia, a Dhia, cén fáth ar thréig tú mé?» |
| 47 |
| Dúirt cuid díobh seo a bhí i láthair, ar a chloisteáil sin dóibh: «Ag glaoch ar Éilias atá sé seo,» |
| 48 |
| agus leis sin rith duine acu chun spúinse a fháil, thum i bhfínéagar é, chuir ar bharr giolcaí é agus thug deoch dó. |
| 49 |
| Ach dúirt an chuid eile: «Fan go bhfeicimid an dtiocfaidh Éilias á shaoradh.» |
| 50 |
| Ach gháir Íosa amach arís de ghlór ard agus lig sé uaidh a spiorad. |
| 51 |
| Agus réabadh brat an Teampaill ina dhó ó bharr go bun, chrith an talamh agus réabadh na carraigeacha. |
| 52 |
| D' oscail na tuamaí agus d' éirigh mórán de choirp na naomh a bhí ina suan: |
| 53 |
| tháinig siad amach as na tuamaí tar éis d' Íosa aiséirí agus isteach sa chathair naofa agus taibhsíodh iad dá lán. |
| 54 |
| An taoiseach céad, agus na fir a bhí ag gardáil Íosa in éineacht leis, nuair a chonaic siad an mhaidhm talún agus na nithe a tharla, bhí uamhan an-mhór orthu agus dúirt siad: «Go dearfa, ba é Mac Dé é seo.» |
| 55 |
| Agus bhí mórán ban ann agus iad i bhfad uaidh ag breathnú, iad siúd a bhí tar éis Íosa a leanúint ón nGailíl chun bheith ag freastal air: |
| 56 |
| Bhí Máire Mhaigdiléana orthu, agus Máire máthair Shéamais agus Iósaef, agus máthair chlann Zeibidé. |
| 57 |
| Nuair a bhí an tráthnóna ann, tháinig fear saibhir as Aramatáia darbh ainm Iósaef, agus é féin freisin ina dheisceabal ag Íosa; |
| 58 |
| chuaigh sé seo go dtí Pioláit agus d' iarr corp Íosa air. D' ordaigh Pioláit ansin é a thabhairt dó. |
| 59 |
| Thóg Iósaef an corp, d' fhill i línéadach glan é |
| 60 |
| agus chuir ina thuama nua féin é a bhí gearrtha sa charraig aige; agus tar éis dó cloch mhór a iompú le béal an tuama d' imigh sé leis. |
| 61 |
| Bhí Máire Mhaigdiléana ann agus an Mháire eile, agus iad ina suí os comhair na huaimhe. |
| 62 |
| Lá arna mhárach, is é sin le rá, an lá tar éis an ullmhaithe, chuaigh na hardsagairt agus na Fairisínigh i dteannta a chéile go dtí Pioláit |
| 63 |
| agus dúirt siad: «A dhuine uasail, tá sé tar éis teacht chun ár gcuimhne go ndúirt an mealltóir úd agus é beo: 'I gcionn trí lá, aiséireoidh mé.' |
| 64 |
| Ordaigh, dá bhrí sin, an uaimh a dhéanamh daingean go dtí an treas lá, le heagla go dtiocfadh a chuid deisceabal á fhuadach agus go ndéarfaidís leis an bpobal: 'Tá sé éirithe ó mhairbh,' agus ba mheasa an dul amú nua ná an chéad dul amú.» |
| 65 |
| Dúirt Pioláit leo: «Bíodh garda agaibh; seo libh, déanaigí daingean í mar is fearr is eolach sibh.» |
| 66 |
| D' imigh siad agus rinne siad an uaimh daingean, ag bualadh séala ar an gcloch agus ag ceapadh garda. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/matthew/027.mp3
28
27