Tiomna Nua 2012
|
| 1 |
| Sna laethanta sin, tháinig Eoin Baiste i láthair agus é ag seanmóir i bhfásach Iúdáia: |
| 2 |
| “Déanaigí aithrí,” deireadh sé, “mar tá Ríocht na bhflaitheas in achomaireacht.” |
| 3 |
| Ag tagairt dó seo a bhí an chaint a dúirt Íseáia fáidh: “Glór duine ag éamh sa bhfhásach: ‘Réitígí bóthar an Tiarna, déanaigí díreach a chosáin.’” |
| 4 |
| Agus Eoin féin, bhí éadach de rón camaill air, agus crios leathair faoina choim, agus is é bia a bhíodh aige, lócaistí agus mil fhiáin. |
| 5 |
| Ansin, bhí na daoine ag teacht amach chuige ó Iarúsailéim agus ó Iúdáia go léir agus ó cheantar uile na hIordáine, |
| 6 |
| agus iad ag fáil baiste uaidh in abhainn na hIordáine ag admháil a bpeacaí. |
| 7 |
| Nuair a chonaic sé mórán de na Fairisínigh agus de na Sadúcaigh ag teacht chun baiste chuige, dúirt sé leo: “A sceith na bpéisteanna, cé a thug leid daoibh-se teitheadh ón díbheirg atá le teacht? |
| 8 |
| Tugaigí, más ea, toradh uaibh is dual don aithrí, |
| 9 |
| agus nárab áil libh a rá libh féin: ‘Tá Abrahám mar athair againn’, óir deirim libh gur féidir le Dia clann a thógáil dʼAbrahám as na clocha seo. |
| 10 |
| Anois féin, tá an tua le fréamh na gcrann, agus gach crann nach dtugann toradh fónta uaidh, gearrfar anuas agus caithfear sa tine é. |
| 11 |
| Táim-se do bhur mbaisteadh le huisce, i gcomhair na haithrí; ach an té atá ag teacht i mo dhiaidh is treise é ná mise, agus ní fiú mé a bhróga a bhaint de: baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh agus le tine. |
| 12 |
| Tá a cháiteog ina láimh aige agus déanfaidh sé a láithreán buailte a léir-ghlanadh; cruinneoidh sé a chuid arbhair isteach sa scioból, ach dófaidh sé an lóchán le tine dho-mhúchta.” |
| 13 |
| Tháinig Íosa i láthair ansin: ón nGailíl a tháinig, go dtí an Iordáin ag triall ar Eoin chun baiste a fháil uaidh. |
| 14 |
| Ach bhí Eoin ag iarraidh é a stopadh. “Is dom-sa is gá baiste a fháil uait-se,” ar seisean, “agus an bhfuil tusa ag teacht chugam-sa?” |
| 15 |
| Dúirt Íosa leis dá fhreagairt: “Lig dó anois: is mar seo is cuí dúinn an fhíréantacht a chur i gcrích go hiomlán.” Lig sé dó ansin. |
| 16 |
| An túisce is a baisteadh é, tháinig Íosa aníos as an uisce, agus osclaíodh na flaithis dó, agus chonaic sé Spiorad Dé ag teacht anuas mar a bheadh colm agus é ag tuirlingt air. |
| 17 |
| Agus tháinig glór ó na flaithis a dúirt: “Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi.” |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish2012/matthew/003.mp3
28
3