Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| Tosach Shoiscéal Íosa Críost, Mac Dé. |
| 2 |
| De réir mar atá scríofa in Íseáia fáidh: «Féach, cuirim mo theachtaire romhat a ullmhóidh do bhóthar. |
| 3 |
| Glór duine ag éamh san fhásach: ' Réitígí bóthar an Tiarna, déanaigí díreach a chosáin.'» |
| 4 |
| Tháinig Eoin ag baisteadh san fhásach agus ag fógairt baiste aithrí chun peacaí a mhaitheamh. |
| 5 |
| Agus bhí ag teacht amach chuige na daoine ó thír Iúdáia go léir, agus muintir uile Iarúsailéim, agus iad ag fáil baiste uaidh in abhainn na Iordáine ag admháil a bpeacaí. |
| 6 |
| Bhí rón camaill mar éadach ar Eoin, crios leathair faoina choim aige, lócaistí agus mil fhiáin mar bheatha aige. |
| 7 |
| Agus bhíodh sé ag seanmóir á rá: «Tá ag teacht i mo dhiaidh an té atá níos treise ná mé, agus ní fiú mé cromadh síos chun iall a chuarán a scaoileadh. |
| 8 |
| Bhaist mise le huisce sibh, ach baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh.» |
| 9 |
| Lá de na laethanta sin tháinig Íosa ó Nazarat sa Ghailíl agus fuair baisteadh sa Iordáin ó Eoin. |
| 10 |
| Agus an túisce a tháinig sé aníos as an uisce, chonaic sé na flaithis ag oscailt ó chéile agus an Spiorad mar a bheadh colm ag teacht anuas air. |
| 11 |
| Agus tháinig glór ó na flaithis: «Is tú mo Mhac muirneach; is duit a thug mé gnaoi.» |
| 12 |
| Go luath ina dhiaidh sin, chuir an Spiorad amach faoin bhfásach é |
| 13 |
| agus bhí sé daichead lá san fhásach á phromhadh ag Sátan. Agus bhí sé in éineacht leis na beithígh allta; agus bhí na haingil ag freastal air. |
| 14 |
| Tar éis Eoin a bheith tugtha ar láimh, tháinig Íosa go dtí an Ghailíl ag fógairt soiscéal Dé |
| 15 |
| agus ag rá: «Tá an tréimhse caite agus tá ríocht Dé in achmaireacht. Déanaigí aithrí agus creidigí sa soiscéal.» |
| 16 |
| Bhí sé ag imeacht leis cois farraige na Gailíle nuair a chonaic sé Síomón agus Aindrias deartháir Shíomóin agus iad ag caitheamh eangaí san fharraige, mar iascairí a bhí iontu. |
| 17 |
| Dúirt Íosa leo: «Tagaigí i mo dhiaidh, agus déanfaidh mé díbh iascairí ar dhaoine.» |
| 18 |
| D' fhág siad na líonta láithreach agus lean siad é. |
| 19 |
| Bhuail sé ar aghaidh beagán eile agus chonaic sé Séamas mac Zeibidé agus Eoin a dheartháir, iad ina mbád féin ag ceartú na líonta, agus ghlaoigh sé iad láithreach. |
| 20 |
| D' fhág siad a n-athair Zeibidé sa bhád, é féin agus an lucht pá, agus ghabh siad leis. |
| 21 |
| Chuaigh siad isteach i gCafarnáum. Agus lá na sabóide féin, ar dhul isteach sa tsionagóg dó, thosaigh sé ag teagasc. |
| 22 |
| Agus bhí ionadh orthu faoina theagasc; á dteagasc a bhí sé mar dhuine a mbeadh údarás aige, níorbh ionann agus na scríobhaithe. |
| 23 |
| Bhí, san am sin, duine sa tsionagóg a raibh smacht ag spiorad míghlan air, agus scread sé amach: |
| 24 |
| «Há, cad ab áil leat dínn, a Íosa Nazairéanaigh? Chun ár millte a tháinig tú. Is eol dom cé hé thú: Naomh Dé.» |
| 25 |
| Labhair Íosa leis go bagrach: «Bí i do thost, agus gabh amach as.» |
| 26 |
| Bhain an spiorad míghlan rachtaí as an duine, ghlaoigh amach go hard agus d' imigh as. |
| 27 |
| Agus bhí alltacht chomh mór sin ar chách go raibh siad ag fiafraí dá chéile: «Cad é an rud é seo?» deiridís: «teagasc nua á dhéanamh le húdarás; na spioraid mhíghlana féin, fógraíonn sé orthu agus déanann siad rud air.» |
| 28 |
| Agus níorbh fhada gur leath a chlú go fada gearr ar fud cheantar uile na Gailíle. |
| 29 |
| Ar dhul amach as an tsionagóg dó, chuaigh sé isteach gan mhoill i dteach Shíomóin agus Aindrias, in éineacht le Séamas agus Eoin. |
| 30 |
| Bhí máthair chéile Shíomóin ina luí agus an fiabhras uirthi, agus ní dhearna siad aon mhoill gan labhairt leis mar gheall uirthi. |
| 31 |
| Chuaigh sé anonn chuici, rug ar láimh uirthi agus thóg suas í. D' fhág an fiabhras í agus thosaigh sí ag freastal orthu. |
| 32 |
| Nuair a bhí an tráthnóna ann, tar éis luí gréine, thug siad chuige cách a bhí tinn agus na daoine a raibh deamhain iontu. |
| 33 |
| Bhí an chathair ar fad cruinnithe timpeall an dorais, |
| 34 |
| agus leigheas sé mórán a bhí tinn ó gach sórt galair, agus chaith sé amach mórán deamhan, agus ní ligeadh sé do na deamhain labhairt, mar bhí a fhios acu cérbh é. |
| 35 |
| D' éirigh sé ina shuí ar maidin tamall maith roimh lá, ghabh sé amach agus d' imigh go dtí áit uaigneach agus bhí sé ansiúd ag guí. |
| 36 |
| Chuaigh Síomón agus a chompánaigh ar a lorg, |
| 37 |
| agus nuair a fuair siad é dúirt siad leis: «Tá cách do do chuardach.» |
| 38 |
| Dúirt sé leo: «Téanam go dtí áit éigin eile, isteach sna bailte móra atá ar cóngar, chun go mbeinn ag seanmóir iontu sin freisin, mar is chuige sin a ghabh mé amach.» |
| 39 |
| Agus tháinig sé ag seanmóir ina gcuid sionagóg ar fud na Gailíle go léir agus ag caitheamh na ndeamhan amach. |
| 40 |
| Tháinig lobhar chuige ag achainí air agus é ar a dhá ghlúin: «Más áil leat é,» ar seisean, «is féidir duit mé a ghlanadh.» |
| 41 |
| Ghlac Íosa trua dó, shín amach a lámh agus bhain leis: «Is áil,» ar seisean leis, «glantar thú!» |
| 42 |
| D' fhág an lobhra é láithreach agus glanadh é. |
| 43 |
| Labhair Íosa go corraiceach leis agus chuir chun siúil é gan mhoill |
| 44 |
| ag rá leis: «Ná habair focal le haon duine, féach, ach imigh leat agus taispeáin don sagart thú féin agus déan, de chionn do ghlanta, an ofráil a d' ordaigh Maois mar fhianaise dóibh.» |
| 45 |
| Ní túisce a d' fhág an duine an láthair, áfach, ná bhí guth ard aige ag leathadh an scéil, ionas nach bhféadfadh Íosa dul isteach go hoscailte i gcathair feasta, ach fanacht lasmuigh sna háiteanna uaigneacha agus bhítí ag triall air as gach aird. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/mark/001.mp3
16
1