Tiomna Nua 1970
|
| 1 |
| Agus nuair a bhí an tsabóid thart, chuaigh Muire Mhagdaléanach, agus Muire máthair Shéamais, agus Salómé, a cheannach spíosraí, go rachaidís á ungadh leo. |
| 2 |
| Agus ar mhoch maidine an chéad lá den tseachtain chuaigh siad go dtí an tuama le héirí na gréine. |
| 3 |
| Agus bhí siad á rá le chéile, “Cé a iontóidh an chloch ó bhéal dhoras an tuama dúinn?” |
| 4 |
| Agus nuair a dʼfhéach siad suas, chonaic siad go raibh an chloch iontaithe siar ar gcúl; mar ba mhór an chloch í. |
| 5 |
| Agus nuair a chuaigh siad isteach sa tuama, chonaiceadar an fear óg ina shuí ar thaobh na láimhe deise agus fallaing ghealbhán air; agus bhí uafás orthu. |
| 6 |
| Agus ar seisean leo, “Ná bíodh aon uafás oraibh; Íosa Nasara, a rinneadh a chéasadh, atá uaibh. Tá sé éirithe; níl sé anseo; féachaigí an áit ar cuireadh é. |
| 7 |
| Ach imígí libh, agus insígí dá dheisceabail agus do Pheadar go bhfuil sé ag dul romhaibh go Galailí; is ansin a fheicfeas sibh é, mar atá inste aige daoibh.” |
| 8 |
| Agus dʼimigh siad leo agus theith siad ón tuama; óir rug ballchrith agus bith-ionadh orthu; agus níor scoilt siad a mbéal air le haon duine, le méid a n‑eagla. |
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish1970/mark/016.mp3
16
16