agus an rud a thagann ón margadh, ní itheann siad gan uisce a chroitheadh air, agus tá mórán nithe eile a choinníonn siad ó shinsearacht, cupaí a ní agus corcáin agus soithí práis
d' fhiafraigh na Fairisínigh agus na scríobhaithe de: «Cén fáth nach siúlann do dheisceabail de réir thraidisiún na sinsear ach a gcuid bia a chaitheamh le lámha neamhghlana?»
Dúirt sé leo:
«Is breá an tairngreacht a rinne Íseáia mar gheall oraibhse, bréagchráifigh, mar atá scríofa: 'Tugann an pobal seo onóir dom ó bheola ach is fada uaim atá a gcroí;
Óir dúirt Maois: 'Tabhair onóir do d' athair agus do do mháthair'; agus: 'An té a labhraíonn go haithiseach lena athair nó lena mháthair, bíodh ciorrú an bháis air.'
Ach is é a deir sibhse: Má deir duine lena athair nó lena mháthair: 'Ní ar bith de mo chuidse a d' fhéadfadh dul chun sochair duitse, is Corbán, is é sin, is tabhartas don Tiarna é',
Níl aon ní lasmuigh den duine a d' fhéadfadh, trí dhul isteach ann, é dhéanamh neamhghlan, ach is iad na nithe a thagann amach as an duine a dhéanann an duine neamhghlan.
Dúirt sé leo: «Nach bhfuil tuiscint agaibhse ach oiread? An ea nach dtuigeann sibh, rud ar bith a rachadh isteach sa duine ón taobh amuigh, nach bhféadfadh sé é dhéanamh neamhghlan,
Chuir sé chun siúil as sin agus d' imigh go críocha na Tuíre agus na Síodóine. Agus ar dhul isteach i dteach dó, níorbh áil leis go mbeadh fios ag aon duine faoi, ach níorbh fhéidir leis fanacht as aithne.