Tiomna Nua 2012
|
| 1 |
| Ós rud é gur ghlac mórán as láimh faisnéis a ríomhadh mar gheall ar na nithe atá tagtha chun críche inár measc, |
| 2 |
| de réir mar a thug siad siúd scéala dúinn a bhí ó thús ina bhfinnéithe súl orthu, agus ina seirbhísigh don bhriathar; |
| 3 |
| níor mhiste liom féin, freisin, tar éis dom an uile lorg a leanúint go cruinn ó thosach, iad a scríobh i ndiaidh a chéile duit-se, a Theofal ró-uasail, |
| 4 |
| chun go dtuigfeá chomh dearfa is atá na briathra a bhfuair tú teagasc fúthu. |
| 5 |
| Bhí, i laethanta Héaróid, rí Iúdáia, sagart darbh ainm Zacairiá, de shealaíocht Aibia, agus bean aige dʼiníonra Árón, agus Eiliosaibeit ab ainm di. |
| 6 |
| Bhí siad araon fíréanta i bhfianaise Dé, ag tabhairt a saoil gan locht de réir aitheanta agus reachtanna uile an Tiarna. |
| 7 |
| Agus ní raibh aon chlann acu, mar bhí Eiliosaibeit aimrid, agus bhí siad araon anonn i mblianta. |
| 8 |
| Tharla, agus é ag déanamh a ghnó sagairt i láthair Dé, in uain a shealaíochta, |
| 9 |
| gur thit ar a chrann, de réir ghnás na sagartóide, dul isteach i sanctóir an Tiarna chun túis a dhó; |
| 10 |
| agus bhí cuallacht iomlán an phobail amuigh ag guí in am na túise. |
| 11 |
| Chonacthas dó aingeal ón Tiarna ina sheasamh ar dheis altóir na túise. |
| 12 |
| Agus nuair a chonaic Zacairiá é, bhí sé buartha agus tháinig uamhan air. |
| 13 |
| Ach dúirt an t-aingeal leis: “Ná bíodh eagla ort, a Zacairiá, óir tá éiste le do ghuí, agus béarfaidh do bhean Eiliosaibeit mac duit, agus tabharfaidh tú Eoin mar ainm air. |
| 14 |
| Beidh áthas ort agus gairdeas, agus beidh mórán ag déanamh áthais faoina shaolú. |
| 15 |
| Óir beidh sé mór i láthair an Tiarna; fíon ná deoch láidir ní ólfaidh; agus beidh sé líonta den Spiorad Naomh fiú amháin ó bhroinn a mháthar, |
| 16 |
| agus iompóidh sé mórán de chlann Iosrael chun an Tiarna a nDia. |
| 17 |
| Gluaisfidh sé roimhe amach le spiorad agus le cumhacht Éilias, chun croíthe na n-aithreacha a iompú i leith na clainne, agus lucht na heasumhla chun eagna na bhfíréan, chun pobal a dhiongbhála a ullmhú don Tiarna.” |
| 18 |
| Agus dúirt Zacairiá leis an aingeal: “Conas a bheidh a fhios sin agam? Óir táim féin aosta, agus mo bhean anonn i mblianta.” |
| 19 |
| Dúirt an t-aingeal leis dá fhreagairt: “Mise Gaibriéil a sheasann i láthair Dé, agus cuireadh mé chun labhartha leat, agus an dea-scéala seo a thabhairt duit. |
| 20 |
| Agus féach, beidh tú i do thost, agus gan ar chumas duit labhairt go dtí an lá a ndéanfar na nithe seo, de bhrí nár chreid tú mo bhriathra a chomh-líonfar ina dtráth féin.” |
| 21 |
| Bhí an pobal ag feitheamh le Zacairiá agus ba ionadh leo é a bheith ag déanamh moille sa sanctóir. |
| 22 |
| Ach ar theacht amach dó, ní fhéadfadh sé labhairt leo, agus bhí a fhios acu go raibh fís feicthe sa sanctóir aige. Agus bhí sé ag sméideadh orthu, agus dʼfhan balbh. |
| 23 |
| Nuair a bhí laethanta a sheirbhíse críochnaithe, chuaigh sé abhaile. |
| 24 |
| Agus ina dhiaidh sin, ghabh a bhean, Eiliosaibeit, gin, agus dʼfholaigh í féin ar feadh cúig mhí, |
| 25 |
| ag rá: “Is mar seo a rinne an Tiarna liom é sna laethanta inar dhearc sé orm chun mʼaithis i measc daoine a thógáil díom.” |
| 26 |
| Sa séú mí, cuireadh an t-aingeal Gaibriéil ó Dhia go dtí cathair sa Ghailíl darbh ainm Nazarat |
| 27 |
| chun maighdine a bhí luaite le fear de theaghlach Dháiví darbh ainm Iósaef, agus ba é ab ainm don mhaighdean, Muire. |
| 28 |
| Agus ar a theacht isteach chuici dúirt: “Is é do bheatha, atá lán de ghrásta, tá an Tiarna leat; is beannaithe tú idir mhná.” |
| 29 |
| Ach bhí buaireamh uirthi de chionn na cainte, agus bhí sí ag machnamh cén sórt beannú é seo. |
| 30 |
| Ach dúirt an t-aingeal léi: “Ná bíodh eagla ort, a Mhuire, óir fuair tú gean ó Dhia. |
| 31 |
| Agus féach, gabhfaidh tú gin agus béarfaidh tú mac agus tabharfaidh tú Íosa mar ainm air. |
| 32 |
| Beidh sé mór, agus glaofar Mac an Té is Airde air, agus tabharfaidh an Tiarna Dia dó rí-chathaoir Dháiví a athair, |
| 33 |
| agus beidh sé ina Rí ar theaghlach Iacób go brách, agus ní bheidh deireadh lena ríocht.” |
| 34 |
| Dúirt Muire leis an aingeal: “Conas a bheidh seo amhlaidh, agus gan cuid agam dʼfhear céile?” |
| 35 |
| Agus dúirt an t-aingeal dá freagairt: “Tuirlingeoidh an Spiorad Naomh ort, agus beidh cumhacht an té is airde ina scáil anuas ort, agus sin é an fáth a mbeidh an leanbh naofa; glaofar ‘Mac Dé’ air. |
| 36 |
| Agus féach, Eiliosaibeit do bhean ghaoil, ghabh sise mac freisin ina seanaois, agus is í seo an séú mí aici siúd a dúradh a bheith aimrid. |
| 37 |
| Óir níl ní ar bith dodhéanta ag Dia.” |
| 38 |
| Dúirt Muire: “Féach, mise banóglach an Tiarna; déantar liom de réir dʼfhocail.” Agus dʼimigh an t-aingeal uaithi. |
| 39 |
| Chuir Muire chun bóthair sna laethanta sin agus dʼimigh go deifreach faoi dhéin na gcnoc go dtí cathair in Iúdá, |
| 40 |
| agus chuaigh isteach i dteach Zacairiá agus bheannaigh dʼEiliosaibeit. |
| 41 |
| Agus tharla, nuair a chuala Eiliosaibeit beannachadh Mhuire, gur bhíog an naíonán ina broinn, agus líonadh Eiliosalbeit den Spiorad Naomh, |
| 42 |
| agus mʼéigh sí de ghlór ard agus dúirt: “Is beannaithe tú idir mhná, agus is beannaithe toradh do bhroinne. |
| 43 |
| Agus conas a tharla seo dom-sa, máthair mo Thiarna a theacht chugam? |
| 44 |
| Óir féach, nuair a chuaigh glór do bheannachtha i mo chluasa, bhíog an naíonán i mo bhroinn le háthas. |
| 45 |
| Agus is méanar di seo a chreid go gcomhlíonfaí na nithe a dúradh léi ón Tiarna.” |
| 46 |
| Agus dúirt Muire: “Mórann mʼanam an Tiarna, |
| 47 |
| agus rinne mo spiorad gairdeas i nDia mo Shlánaitheoir. |
| 48 |
| Óir dhearc sé le fabhar ar ísle a bhan-óglaigh; mar féach, déarfaidh na glúine uile feasta gur méanar dom. |
| 49 |
| Óir rinne an Té atá cumhachtach nithe móra dom agus is naofa a ainm, |
| 50 |
| agus tá a thrócaire ó ghlúin go glúin dóibh seo ar a mbíonn a eagla. |
| 51 |
| Thaispeáin sé neart a láimhe: scaip sé an dream a bhí uaibhreach i smaointe a gcroí. |
| 52 |
| Leag sé prionsaí óna gcathaoireacha, agus dʼardaigh sé daoine ísle; |
| 53 |
| Líon sé lucht an ocrais le nithe maithe, agus chuir sé na saibhre uaidh folamh. |
| 54 |
| Dʼfhóir sé ar Iosrael a sheirbhíseach, ag cuimhneamh dó ar a thrócaire– |
| 55 |
| de réir mar gheall sé dar n-aithreacha– dʼAbrahám agus dá shliocht go brách.” |
| 56 |
| Dʼfhan Muire aici timpeall trí mhí, agus dʼfhill abhaile. |
| 57 |
| Tháinig a hionú dʼEiliosaibeit agus rug sí mac. |
| 58 |
| Agus chuala a comharsana agus a gaolta go ndearna Dia a thrócaire go hiomarcúil uirthi, agus rinne siad comh-ghairdeas léi. |
| 59 |
| Agus ar an ochtú lá, tháinig siad chun an leanbh a thimpeallghearradh, agus bhí siad ag tabhairt ainm a athar air, Zacairiá. |
| 60 |
| Ach labhair a mháthair agus dúirt: “Ní hea, ach glaofar Eoin air.” |
| 61 |
| Agus dúirt siad léi: “Níl aon duine ar do chine a bhfuil an t-ainm sin air.” |
| 62 |
| Ach dʼfhiafraigh siad le comharthaí sóirt dá athair cad ab áil leis a thabhairt air. |
| 63 |
| Agus dʼiarr seisean cláirín agus scríobh air: “Is é Eoin is ainm dó.” Agus rinne siad uile ionadh de. |
| 64 |
| Bogadh a bhéal agus a theanga láithreach, agus labhair sé ag moladh Dé. |
| 65 |
| Agus tháinig uamhan ar a gcomharsana uile; agus sa cheantar go léir ar fud na gcnoc in Iúdáia, bhítí ag iomrá ar na nithe seo uile, |
| 66 |
| agus gach ar chuala trácht orthu, chuir siad chucu ina gcroí iad, agus deiridís: “Cad is dán don leanbh seo, mar sin?” Óir go deimhin bhí lámh an Tiarna leis. |
| 67 |
| Agus líonadh Zacairiá a athair den Spiorad Naomh, agus rinne tairngreacht dá rá: |
| 68 |
| “Moladh don Tiarna, Dia Iosrael, óir rinne sé a phobal a fhiosrú agus a fhuascailt; |
| 69 |
| agus thóg sé dúinn Slánaitheoir neartmhar i dteaghlach a sheirbhísigh Dáiví– |
| 70 |
| de réir mar a labhair trí bhéal a naomhfháithe anallód– |
| 71 |
| mar shaoradh dúinn ónár naimhde agus óna láimh siúd uile ar fuath leo sinn, |
| 72 |
| ag déanamh trócaire mar sin ar ár n-aithreacha, agus ag cuimhneamh ar a thiomna naofa– |
| 73 |
| ar an mionn a mhionnaigh sé dʼAbrahám ár n-athair– |
| 74 |
| go dtabharfadh sé dúinn, tar éis ár saortha as láimh ár naimhde, |
| 75 |
| a bheith ag seirbhís dó gan eagla, i gcrábhadh agus i bhfíréantacht ina láthair gach lá dár saol. |
| 76 |
| Agus tusa, a leanbh, glaofar ort-sa fáidh an Té is Airde, óir gluaisfidh tú roimh an Tiarna ag ullmhú a bhóthair, |
| 77 |
| ag tabhairt eolas an tslánaithe dá phobal trí mhaithiúnas a bpeacaí |
| 78 |
| de chionn thrócaire chroí ár nDé a bhéarfaidh an Láchan dár bhfiosrú ó uachtar Neimhe, |
| 79 |
| chun a soilsithe siúd atá ina suí sa dorchadas agus faoi scáil an bháis; chun ár gcéimeanna a sheoladh ar bhóthar na síochána.” |
| 80 |
| Agus dʼfhás an leanbh agus neartaigh sa spiorad, agus chónaigh sna fásaigh go dtí an lá ar fhoilsigh é féin dʼIosrael. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish2012/luke/001.mp3
24
1