Tiomna Nua 2012
|
| 1 |
| Ina dhiaidh sin cheap an Tiarna a dó seachtód eile agus chuir sé amach roimhe féin iad ina mbeirt agus ina mbeirt go dtí gach cathair agus gach áit a raibh sé féin le teacht ann. |
| 2 |
| Dúirt sé leo: “Tá an fómhar fairsing, ach níl ann ach meitheal bheag. Dá bhrí sin, guígí Máistir an fhómhair go gcuirfidh sé meitheal uaidh isteach ina fhómhar. |
| 3 |
| Imígí: féach, táim do bhur gcur uaim ar nós uan i measc faolchon. |
| 4 |
| Ná beirigí sparán libh, ná tiachóg, ná cuaráin, agus ná beannaígí dʼaon duine ar an mbóthar. |
| 5 |
| Cibé teach a rachaidh sibh isteach ann, abraigí ar dtús: ‘Síocháin don teach seo,’ |
| 6 |
| agus má bhíonn mac síochána ann, fanfaidh bhur síocháin aige; ach mura mbíonn fillfidh sí oraibh féin. |
| 7 |
| Fanaigí sa teach sin, ag ithe agus ag ól na nithe a bhíonn acu; óir is fiú an fear oibre a thuarastal. Ná bígí ag aistriú ó theach go teach. |
| 8 |
| Agus cibé cathair a rachaidh sibh isteach inti agus go nglacfar sibh, ithigí na nithe a chuirfear os bhur gcomhair |
| 9 |
| agus leigheasaigí na daoine tinne a bhíonn inti, agus abraigí leis na daoine: ‘Tá ríocht Dé in achomaireacht daoibh.’ |
| 10 |
| Ach cibé cathair a rachaidh sibh isteach inti agus nach nglacfar sibh, téigí amach ar na sráideanna agus abraigí: |
| 11 |
| ‘Fiú amháin a leanann dár gcosa de dheannach bhur gcathrach, glanaimid dínn oraibh é; ach bíodh a fhios agaibh é seo, go bhfuil ríocht Dé in achomaireacht.’ |
| 12 |
| Deirim libh, is saoire a bheidh ag Sodam an lá úd ná ag an gcathair sin. |
| 13 |
| “Is mairg duit, a Chorazain! is mairg duit-se, a Bhéatsáide! Óir, dá mba sa Tuír agus i Siodón a dhéanfaí na míorúiltí a rinneadh ionaibhse, is fadó a bheadh aithrí déanta acu, iad in éadach saic agus ina suí sa luaithreach. |
| 14 |
| Ach is saoire a bheidh ag an Tuír agus ag Siodón sa bhreithiúnas ná agaibh-se. |
| 15 |
| Agus tusa, a Chafarnáúm, an ardófar chun flaithiúnais thú? Síos go hIfreann a theilgfear thú! |
| 16 |
| An té a chluineann sibh-se, cluineann sé mise, agus an té a dhiúltaíonn daoibhse, diúltaíonn sé dom-sa, agus an té a dhiúltaíonn dom, diúltaíonn sé don té a chuir uaidh mé.” |
| 17 |
| Tháinig an dó seachtód ar ais agus áthas orthu, ag rá: “A Thiarna, tá na deamhain féin faoinár smacht i dʼainm-se.” |
| 18 |
| Dúirt sé leo: “Bhí mé ag breathnú ar Shátan agus é ag titim ó fhlaithiúnas mar a bheadh splanc. |
| 19 |
| Féach, tá cumas tugtha agam daoibh chun satailt ar nathracha nimhe agus ar scairpeanna agus ar gach neart den namhaid, agus ní dhéanfaidh rud ar bith dochar daoibh. |
| 20 |
| Ach, ná bígí ag déanamh áthais faoi na spioraid a bheith faoi bhur smacht, ach déanaigí áthas faoi bhur n-ainmneacha a bheith scríofa sna flaithis.” |
| 21 |
| An uair sin féin rinne sé gairdeas sa Spiorad Naomh agus dúirt: “Bheirim buíochas duit, a Athair, a Thiarna Neimhe agus talún, de chionn mar cheil tú na nithe seo ar lucht eagna agus éirime agus mar a dʼfhoilsigh tú do naíonáin iad. Is ea, a Athair, óir is amhlaidh sin ba mhaith leat é. |
| 22 |
| Tá gach aon ní tugtha dom-sa ag mʼAthair. Agus ní heol dʼaon neach cé hé an Mac ach amháin don Athair, ná cé hé an tAthair ach amháin don Mhac agus don té ar toil leis an Mac a fhoilsiú dó.” |
| 23 |
| Agus, ag iompú chun a dheisceabal, dúirt sé leo ar leithligh: “Is méanar do na súile a fheiceann na nithe a fheiceann sibh-se. |
| 24 |
| Óir deirim libh, bʼáil le mórán fáithe agus ríthe na nithe a fheiceáil a fheiceann sibh-se agus ní fhaca siad iad, agus na nithe a chloisteáil a chluineann sibh-se agus níor chuala siad iad.” |
| 25 |
| Dʼéirigh dlíodóir ina sheasamh agus dúirt leis, dá phromhadh: “A Mháistir, cad tá le déanamh agam chun go mbeidh mé páirteach sa bheatha shíoraí?” |
| 26 |
| Dúirt sé leis: “Cad tá scríofa sa dlí? Cad a léann tú ann?” |
| 27 |
| Dʼfhreagair sé agus dúirt: “‘Gráóidh tú do Thiarna Dia ó do chroí go hiomlán agus ó dʼanam go hiomlán agus ó do neart go hiomlán agus ó dʼaigne go hiomlán’; agus ‘do chomharsa mar thú féin.’” |
| 28 |
| Dúirt sé leis: “Thug tú an freagra ceart: déan an méid sin agus beidh an bheatha agat.” |
| 29 |
| Ach ó bʼáil leis seo a cheart a phlé, dúirt sé le hÍosa: “Agus cé hé mo chomharsa?” |
| 30 |
| Thug Íosa freagra air dá rá: “Bhí fear ag dul síos ó Iarúsailéim go hIreachó, agus tharla i measc robálaithe é a rinne é a lomadh agus é a leadradh agus é a fhágáil ina ndiaidh leathmharbh. |
| 31 |
| Ach le halt na haon uaire, bhí sagart ag dul síos an bóthar sin, agus ar a fheiceáil dó, ghabh sé don taobh thall thairis. |
| 32 |
| Mar an gcéanna do Léivíteach: ar theacht chun na háite agus ar a fheiceáil dó, ghabh sé don taobh thall thairis. |
| 33 |
| Ach, Samárach a bhí ag gabháil an bóthar, tháinig sé mar a raibh sé, agus ar a fheiceáil dó, ghabh trua é, |
| 34 |
| agus chuaigh sé anonn chuige agus chuir ceangal ar a chréachtaí, tar éis dó ola agus fíon a dhoirteadh iontu; chuir sé ar mhuin a bheithígh féin é, sheol go teach ósta é, agus rinne cúram de. |
| 35 |
| Agus lá arna mhárach, thóg sé amach dhá dhéanar agus thug don óstóir iad agus dúirt: ‘Déan cúram de, agus cibé méid a chaithfidh tú thairis sin, íocfaidh mé leat é ag filleadh dom.’ |
| 36 |
| Cé acu den triúr sin, do bharúil, ba chomharsa don té a tharla i líon na robálaithe?” |
| 37 |
| Dúirt sé: “An té a rinne an trócaire air.” Dúirt Íosa leis: “Imigh leat, agus déan féin mar an gcéanna.” |
| 38 |
| Sa tslí dóibh, tháinig sé isteach i mbaile áirithe, agus chuir bean darbh ainm Marta fáilte roimhe chun a tí. |
| 39 |
| Bhí deirfiúr aici darbh ainm Máire, agus bhí sí seo ina suí ag cosa an Tiarna ag éisteacht lena bhriathar. |
| 40 |
| Marta féin, áfach, bhí a hintinn tógtha suas ag an iomad freastail. Stad sí os a chomhair amach agus dúirt: “A Thiarna, an ea nach cás leat gur fhág mo dheirfiúr an freastal fúmsa i mʼaonar? Abair léi mar sin lámh chúnta a thabhairt dom.” |
| 41 |
| Dúirt an Tiarna léi dá freagairt: “A Mharta, a Mharta, tá imní ort agus buaireamh mar gheall ar mhórán nithe. |
| 42 |
| Ach níl riachtanas ach le haon ní amháin. Óir is í an pháirt is fearr ba rogha le Máire, agus ní bhainfear í sin di.” |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish2012/luke/010.mp3
24
10