Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| San am sin féin tháinig daoine i láthair á insint dó faoi na Gailíligh, a raibh Pioláit tar éis a gcuid fola agus fuil a n-íobairtí a mheascadh ar a chéile. |
| 2 |
| Dúirt sé leo á bhfreagairt: «An é is dóigh libh, agus a rá gur fhulaing siad an méid sin, gur mhó de pheacaigh na Gailíligh sin ná na Gailíligh eile go léir? |
| 3 |
| Níor mhó, deirim libh; ach mura ndéana sibh aithrí millfear sibh uile mar an gcéanna. |
| 4 |
| Nó an t-ocht nduine dhéag úd ar thit an túr orthu i Siolóam agus gur mharaigh iad, an dóigh libh gur mhó a bhí siad i bhfiacha ná an chuid eile d' áitritheoirí Iarúsailéim? |
| 5 |
| Níor mhó, deirim libh, ach millfear sibh uile mar an gcéanna mura mbíonn aithrí déanta agaibh.» |
| 6 |
| Dúirt sé an parabal seo: «Bhí fear ann a raibh crann fígí curtha ina fhíonghort aige, agus tháinig sé ag lorg toraidh air agus ní bhfuair. |
| 7 |
| Dúirt sé le curadóir na fíniúna: 'Féach, táim le trí bliana ag teacht ag lorg toraidh ar an gcrann fígí seo agus ní bhfaighim é. Gearr anuas é. Cad chuige a mbeadh an talamh ó rath aige i gcónaí?' |
| 8 |
| Ach dúirt seisean leis á fhreagairt: 'A mháistir, lig an bhliain seo leis chomh maith, nó go ndéanfaidh mé romhar ina thimpeall agus aoileach a chur leis, |
| 9 |
| agus b' fhéidir go dtabharfadh sé toradh uaidh; ach mura dtugann, gearrfaidh tú anuas é feasta.'» |
| 10 |
| Bhí sé ag teagasc i sionagóg lá sabóide. |
| 11 |
| Agus bhí an bhean seo ann a raibh anspiorad inti á déanamh tinnlag le hocht mbliana déag; bhí sí cromtha ar a chéile agus gan ar chumas di seasamh díreach ar chor ar bith. |
| 12 |
| Nuair a chonaic Íosa í, ghair sé chuige í agus dúirt léi: «A bhean, tá tú fuascailte ó d' éagruas,» |
| 13 |
| agus chuir sé a lámha uirthi. Agus díríodh suas láithreach í, agus thosaigh sí ag tabhairt glóire do Dhia. |
| 14 |
| Ach labhair uachtarán na sionagóige, agus míchéadfa aige go ndearna Íosa leigheas lá saboide, agus dúirt leis an bpobal: «Tá sé lá nach miste saothar a dhéanamh iontu: tagaigí ar na laethanta sin agus leigheastar sibh, agus ní ar lá na sabóide é.» |
| 15 |
| D' fhreagair an Tiarna é: «A bhréagchráifeacha,» ar sé, «nach scaoileann gach duine agaibh a dhamh nó a asal ón mainséar lá na sabóide agus nach seolann chun uisce é? |
| 16 |
| Agus an bhean seo, is iníon d' Abrahám, a bhí ar ceangal ag Sátan, féach, ar feadh ocht mbliana déag nár cheart í scaoileadh ón ngéibheann seo lá na sabóide?» |
| 17 |
| Agus las a eascairde uile le náire nuair a dúirt sé an méid sin, agus bhí an slua go léir lán d' áthas faoina raibh á dhéanamh aige de bhearta oirirce. |
| 18 |
| Agus dúirt sé: «Cad leis a bhfuil ríocht Dé cosúil? Cad leis a gcuirfidh mé i gcomparáid í? |
| 19 |
| Tá sí cosúil le gráinne de shíol mustaird a thóg duine agus a chaith sé uaidh ina gharraí, agus d' fhás sé agus rinne crann mór de agus chuaigh éanlaith an aeir ar foscadh ina chraobhacha.» |
| 20 |
| Agus dúirt sé arís: «Cad leis a gcuirfidh mé ríocht Dé i gcomparáid? |
| 21 |
| Tá sí cosúil le gabháil a thóg bean agus a d' fholaigh sí i dtrí peice plúir nó go raibh sé gabháilte ar fad.» |
| 22 |
| Bhí sé ag gabháil trí chathracha agus trí bhailte ag teagasc, ar a bhóthar dó go Iarúsailéim. |
| 23 |
| Dúirt duine éigin leis: «A Thiarna, an ea nach mbíonn slánaithe ach an beagán?» Dúirt sé leo: |
| 24 |
| «Déanaigí lándícheall ar dhul isteach tríd an doras cúng, óir beidh mórán, deirim libh, ag iarraidh dul isteach agus ní fhéadfaidh siad é. |
| 25 |
| Tar éis d' fhear an tí éirí agus an doras a dhúnadh, agus go dtosóidh sibhse, in bhur seasamh amuigh, ag bualadh an dorais ag rá: 'A Thiarna, oscail dúinn!' déarfaidh seisean libh do bhur bhfreagairt: 'Níl a fhios agam cad as daoibh!' |
| 26 |
| Beidh sibh á rá ansin: 'Bhímis ag ithe agus ag ól i do láthair, agus is inár sráideanna a rinne tú teagasc.' |
| 27 |
| Ach déarfaidh sé: 'Deirim libh, níl a fhios agam cad as daoibh. Beirigí uaim, sibhse uile a dhéanann an éagóir!' |
| 28 |
| Is ann a bheidh an gol agus an díoscán fiacal, nuair a fheicfidh sibh Abrahám agus Íosác agus Iacób agus na fáithe uile i ríocht Dé agus gur tiomáineadh sibh féin amach. |
| 29 |
| Agus tiocfaidh siad anoir is aniar ann, aduaidh is aneas, agus beidh siad ina suí chun boird i ríocht Dé. |
| 30 |
| Agus féach, tá daoine ar deireadh a bheidh ar tosach, agus tá daoine ar tosach a bheidh ar deireadh!» |
| 31 |
| Ar an uair sin féin tháinig cuid de na Fairisínigh chuige á rá leis: «Amach leat agus cuir díot as seo, óir is áil le Héaród tú a chur chun báis.» |
| 32 |
| Agus dúirt sé leo: «Imígí agus abraigí leis an sionnach úd: 'Féach, bím ag caitheamh deamhan amach agus ag oibriú leigheas inniu agus amárach, agus ar an treas lá bíonn an deireadh agam. |
| 33 |
| Agus ní foláir dom bheith ag imeacht romham inniu agus amárach agus amanathar, óir ní cuí go gcuirfí fáidh chun báis amuigh as Iarúsailéim.' |
| 34 |
| «A Iarúsailéim, a Iarúsailéim, tusa a mharaíonn na fáithe agus a chlochann iad seo a cuireadh chugat, cad é chomh minic is ab áil liom do chlann a bhailiú, ar nós na circe is a hál faoina sciatháin, agus níorbh áil libh! |
| 35 |
| Féach, fágfar fúibh féin bhur dteach! Agus deirim libh, ní fheicfidh sibh mé níos mó go dtí go ndéarfaidh sibh: 'Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna!'» |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/luke/013.mp3
24
13