Tiomna Nua 1970
|
| 1 |
| Bhí daoine áirithe i láthair in alt na huaire úd a dʼinis dó faoi na Galailéigh ar mheasc Píoláid a gcuid fola féin lena n‑íobairtí. |
| 2 |
| Ach ba é an freagra a thug sé orthu, “An measann sibh gur mhó na peacaigh iad na Galailéigh úd ná na Galailéigh eile, as siocair iad an pionós sin a fhulaingt? |
| 3 |
| Insím daoibh nach bhfuil sin amhlaidh; mura ndéanann sibh féin aithrí scriosfar sibh uile go léir ar an nós céanna. |
| 4 |
| Agus na hocht nduine dhéag ar thit an túr i Silóam ina mullach gur mharaigh iad, an measann sibh gur mhó na peacaigh iad ná a raibh dʼáitreabhaigh in Iarúsailéim? |
| 5 |
| Deirim libh nach amhlaidh, mar mura ndéanann sibh aithrí scriosfar sibh uile go léir ar an nós céanna.” |
| 6 |
| Agus dʼinis sé an fáithscéal seo: “Fear a bhí ann a raibh crann fige plandaithe ina fhíonghort; agus tháinig sé ag iarraidh toraidh air, gan toradh a fháil. |
| 7 |
| Agus dúirt sé le saothróir na fíniúna, ‘Féach, tá mé i ndiaidh teacht na trí bliana seo ag iarraidh toraidh ar an gcrann fige seo, agus gan a fháil. Gearr anuas é; cad chuige ligean dó an talamh a chur amú?’ |
| 8 |
| Ach ba é a dʼfhreagair sé air, ‘Lig dó, a dhuine uasail, an t‑aon bhliain eile seo amháin, go dtí go rómhróidh mé an chré ina thimpeall, agus go gcuirfidh mé aoileach faoi. |
| 9 |
| Agus má thugann sé toradh an bhliain seo chugainn, beidh go maith agus ní bheidh go holc; ach mura dtugann, féadann tú a ghearradh anuas.’” |
| 10 |
| Ansin bhí sé ag teagasc lá na sabóide i sionagóg áirithe. |
| 11 |
| Agus bhí bean i láthair a raibh ainsprid á cloí ocht mbliana déag; is é rud, bhí sí crom gan cumas aici a droim a dhíriú go ceart. |
| 12 |
| Agus nuair a chonaic Íosa í, ghlaoigh sé uirthi agus dúirt léí, “A bhean úd, tá tú do do scaoileadh ó chuibhreach do chloíteachta.” |
| 13 |
| Agus leag sé a lámha uirthí, agus díríodh a droim ar an toirt agus thug sí moladh do Dhia. |
| 14 |
| Ach bhí fearg ar rialtóir na sionagóige faoi Íosa a bheith ag leigheas lá na sabóide, agus dúirt sé leis na daoine, “Tá sé lá oibre ann; tagaigí do bhur leigheas ar na laethanta úd, ach ná tagaigí lá na sabóide.” |
| 15 |
| Ba ansin a dʼfhreagair an Tiarna é, “A dhream na cráifeachta bréige! An é nach mbíonn an uile dhuine agaibh ag scaoileadh a dhaimh nó a asail den mhainséar lá na sabóide, agus é á thabhairt leis san áit a bhfaighidh sé uisce le n‑ól? |
| 16 |
| Agus nár cheart an bhean seo, iníon le hAbracham, a scaoileadh lá na sabóide ón gcuibhreach seo ler cheangail Sátan í na hocht mbliana déag seo?” |
| 17 |
| Nuair a bhí an chaint sin ráite aige, bhí náire ar a naimhde; agus bhí lúcháir ar na daoine faoi na gníomhartha uaisle a bhí á ndéanamh aige. |
| 18 |
| Dá bhrí sin dúirt sé leo, “Cad é cosúlacht ríocht Dé? Agus cad é a chuirfidh mé i gcomparáid léi? |
| 19 |
| Is cosúil í le gráinne síol mustaird a ghlac duine agus ar chuir sé ina gharraí féin é; agus dʼfhás sé aníos ina chrann, agus rinne éanlaith an aeir a neadacha ina ghéaga.” |
| 20 |
| Agus dúirt sé arís, “Cé leis a gcuirfidh mé ríocht Dé i gcomparáid? |
| 21 |
| Is cosúil í le laibhín ar ghlac bean é gur fholaigh sí é i dtrí pheic mine, gur ghlac an t‑iomlán an laibhín.” |
| 22 |
| Shiúil sé leis sna bailte idir bheag agus mhór, ag teagasc, agus é ag tarraingt ar Iarúsailéim. |
| 23 |
| Agus bhí duine ann a dʼfhiafraigh de, “A Thiarna, an beag é an méid daoine a shlánófar?” Agus is é a dúirt sé leo, |
| 24 |
| “Bígí ar bhur ndícheall le dul isteach tríd an doras caol cúng; mar deirim libh gur iomaí sin duine a bheidh ag iarraidh fáil isteach, agus go dteipfidh sé orthu. |
| 25 |
| A luaithe agus éireos fear an tí agus a bhíos an doras dúnta aige, tosóidh sibhse ar bheith in bhur seasamh taobh amuigh agus sibh ag bualadh cnaig ar an doras, agus á rá, ‘Oscail an doras dúinn, a Thiarna.’ Agus is é an freagra a thabharfaidh sé oraibh, ‘Níl aithne agam oraibh ná fios agam cérb as sibh.’ |
| 26 |
| Tosóidh sibh ar a rá ansin, ‘Bhíomar ag ithe agus ag ól i do chuideachta, agus bhí tusa ag teagasc inár sráideanna.’ |
| 27 |
| Ach is é a déarfas sé, ‘Insím daoibh nach eol dom an áit a dtagann sibh as; imíodh lucht an oilc uaim!’ |
| 28 |
| Is ansin a bheidh sibh ag caoineadh agus ag baint díoscáin as bhur bhfiacla, nuair a fheicfidh sibh Abracham agus Íosóg agus Iácób agus na fáithe uile istigh i ríocht Dé, agus sibh féin do bhur gcaitheamh amach. |
| 29 |
| Agus tiocfaidh an domhan thoir agus an domhan thiar, agus an tuaisceart agus an deisceart, ina suí ag bord i ríocht Dé. |
| 30 |
| Agus féach, beidh cuid dá bhfuil ar deireadh ar tosach, agus tá cuid dá bhfuil ar tosach a bheidh ar deireadh.” |
| 31 |
| Ba ansin go díreach a tháinig cuid de na Fairiséigh chuige go ndúirt siad leis, “Éalaigh as seo mar tá Iorua ar do thóir agus rún aige tú a mharú.” |
| 32 |
| Agus dúirt sé leo, “Imígí agus insígí don sionnach úd, ‘Féach, táim ag díbirt deamhan agus ag déanamh leigheas inniu agus amárach, agus ag críochnú mo chúrsa an tríú lá. |
| 33 |
| Ach ní fhágann sin nach siúlfaidh mé mo shlí inniu agus amárach agus amanathar; mar níl sé ceadaithe dʼfháidh bás a fháil in aon áit ach in Iarúsailéim.’ |
| 34 |
| Ó, a Iarúsailéim, a Iarúsailéim, a bhíos ag marú na bhfáithe, agus ag imirt báis le clocha ar a gcuirtear chugat! Cad é a mhinicí ab áil liom do chlannsa a chruinniú chugamsa, mar a chruinníos an chearc a hál faoina sciatháin, agus níorbh áil leat é! |
| 35 |
| Féach, is fás folamh é do theach. Agus tá mise ag insint duit nach bhfeicfidh tú aon amharc orm go dtí go ndéarfaidh tú, ‘Is beannaithe a thagas chugam in ainm an Tiarna.’” |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish1970/luke/013.mp3
24
13