Tiomna Nua 2012
|
| 1 |
| Dúirt sé lena dheisceabail: “Ní féidir gan na scannail a theacht, ach is mairg don té trína dtagann siad; |
| 2 |
| ba é a leas go gcrochfaí cloch mhuilinn faoina mhuineál agus é a theilgean sa bhfarraige níos túisce ná a thabharfadh sé scannal dʼaon duine amháin de na daoine beaga seo. |
| 3 |
| Aire daoibh! Má pheacaíonn do bhráthair, tabhair casaoid dó, agus má bhíonn aithreachas air, maith dó. |
| 4 |
| Agus má pheacaíonn sé i dʼaghaidh seacht n-uaire sa lá agus go n-iompóidh sé chugat seacht n-uaire, ag rá: ‘Tá aithreachas orm’, maith dó.” |
| 5 |
| Dúirt na haspail leis an Tiarna: “Méadaigh an creideamh againn.” |
| 6 |
| Ach dúirt an Tiarna: “Dá mbeadh oiread ghráinne an tsíl mhustaird de chreideamh agaibh, déarfadh sibh leis an gcrann maoildeirge seo: ‘Baintear as do fhréamhacha thú, agus déan thú féin a phlandáil sa bhfarraige!’ agus dhéanfadh sé rud oraibh. |
| 7 |
| “Cé agaibh a mbíonn seirbhíseach aige ag treabhadh nó ag aoireacht, a déarfaidh leis nuair a thagann sé isteach ón ngort: ‘Tar anois agus buail fút ag bord’? |
| 8 |
| Ina ionad sin, nach é a déarfaidh sé leis: ‘Réitigh rud chun dinnéir dom, fáisc crios fút féin agus freastail orm, nó go mbeidh ite agus ólta agam, agus ansin déanfaidh tú féin ithe agus ól’? |
| 9 |
| An ea go mbíonn sé faoi chomaoin ag an seirbhíseach de chionn go ndearna seisean a raibh ordaithe? |
| 10 |
| Amhlaidh sin daoibhse; nuair a bhíonn gach a raibh ordaithe daoibh déanta agaibh, abraigí: ‘Is seirbhísigh gan aird sinn: níl déanta againn ach an méid a bhí dʼfhiacha orainn a dhéanamh.’” |
| 11 |
| Ansin, sa tslí dó go hIarúsailéim, ghabh sé ar feadh na teorann idir an tSamáir agus an Ghailíl; |
| 12 |
| agus le linn dó a bheith ag dul isteach i mbaile áirithe, tháinig faoina dhéin deichniúr lobhar. Stad siad tamall uaidh, |
| 13 |
| agus labhair siad go hard dá rá: “A Íosa, a Mháistir, bíodh trua agat dúinn!” |
| 14 |
| Ar a fheiceáil sin dó, dúirt sé leo: “Imígí agus taispeánaigí sibh féin do na sagairt.” Agus ag dul ann dóibh, glanadh iad. |
| 15 |
| Ach ar a fheiceáil do dhuine acu go raibh sé leigheasta, tháinig sé ar ais agus é ag tabhairt glóire do Dhia de ghlór ard, |
| 16 |
| agus chaith é féin ar a bhéal ag cosa Íosa ag tabhairt buíochais dó. Agus ba Shamárach eisean. |
| 17 |
| Labhair Íosa agus dúirt: “Nár glanadh an deichniúr? Agus an naonúr eile, cá bhfuil siad? |
| 18 |
| An ea nach raibh aon duine le fáil a thiocfadh ar ais ag tabhairt glóire do Dhia ach an coimhthíoch seo amháin?” |
| 19 |
| Agus dúirt sé leis: “Éirigh agus imigh leat; shlánaigh do chreideamh thú.” |
| 20 |
| Nuair a dʼfhiafraigh na Fairisínigh de cén uair a bheadh ríocht Dé ag teacht, dúirt sé leo dá bhfreagairt: “Ríocht Dé, ní hamhlaidh a bhraitear ag teacht í, |
| 21 |
| ná ní hamhlaidh a déarfar: ‘Féach, tá sí anseo’; nó: ‘Tá sí ansiúd’; óir bíodh a fhios agaibh go bhfuil ríocht Dé in bhur lár.” |
| 22 |
| Dúirt sé fós leis na deisceabail: “Tiocfaidh an t-am ar mian libh aon lá amháin a fheiceáil de laethanta Mhac an Duine, agus ní fheicfidh sibh é. |
| 23 |
| Beifear dá rá libh: ‘Féach, tá sé ansiúd’; nó: ‘Féach, tá sé anseo!’ Ná téigí ann: ná bígí ar a thóir. |
| 24 |
| De bhrí, ar nós mar a scinneann an splanc ó thaobh den chruinne ina lasair go dtí an taobh eile, is amhlaidh sin a bheidh Mac an Duine ina lá féin. |
| 25 |
| Ar dtús, áfach, ní foláir dó mórán a fhulaingt agus an diúltú a fháil ón nglúin seo. |
| 26 |
| Agus amhail mar a bhí i laethanta Naoi, is amhlaidh sin freisin a bheidh i laethanta Mhac an Duine; |
| 27 |
| bhí siad ag ithe, bhí siad ag ól, bhí siad ag gabháil fear céile nó ban céile, go dtí an lá a ndeachaigh Naoi san áirc; agus tháinig an díle gur thug an bás dóibh uile. |
| 28 |
| Mar an gcéanna, amhail mar a bhí i laethanta Lót: bhí siad ag ithe, bhí siad ag ól, bhí siad ag ceannach, bhí siad ag díol, bhí siad ag plandáil, bhí siad ag tógáil; |
| 29 |
| ach an lá ar imigh Lót amach as Sodam, fearadh tine agus ruibh ó Dhia as an spéir gur thug an bás dóibh uile. |
| 30 |
| Sa chaoi chéanna a bheidh, an lá a bhfuil Mac an Duine le foilsiú. |
| 31 |
| An lá sin, an té a bheidh ar bharr an tí agus a urra tí sa teach, ná téadh sé síos chun é a bhreith leis, agus mar an gcéanna an té a bheidh sa ghort, ná casadh sé ar ais. |
| 32 |
| Cuimhnígí ar mhnaoi Lót! |
| 33 |
| Cibé a iarrfaidh a anam a choinneáil slán, caillfidh sé é, agus cibé a chaillfidh é, déanfaidh sé é a tharrtháil. |
| 34 |
| Deirim libh, beidh beirt fhear in aon leaba an oíche sin; tógfar duine acu agus fágfar an duine eile. |
| 35 |
| Beidh beirt bhan ag meilt in éineacht; tógfar bean acu ach fágfar an bhean eile. ( |
| 36 |
| Beidh beirt sa ghort; tógfar duine acu, ach fágfar an duine eile.)” |
| 37 |
| Dúirt siad leis dá fhreagairt: “Cén áit, a Thiarna?” Dúirt sé leo: “Mar a mbíonn an corpán, is ann freisin a bheidh na badhbha cruinnithe le chéile.” |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish2012/luke/017.mp3
24
17