Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| Dúirt sé parabal leo á chur i gcéill nárbh fholáir dóibh bheith ag guí de ghnáth gan bheith cortha de choíche: |
| 2 |
| «Bhí, i gcathair áirithe, breitheamh nach raibh eagla Dé air ná beann ar dhuine aige. |
| 3 |
| Bhí baintreach sa chathair sin freisin agus bhíodh sí ag teacht chuige, ag rá: 'Déan ceart dom in aghaidh fhear mo chúisithe,' |
| 4 |
| ach níorbh áil leis é seal aimsire; ach sa deireadh dúirt sé ina aigne: 'Más ea féin nach bhfuil eagla Dé orm ná beann ar dhuine agam, |
| 5 |
| ina dhiaidh sin, de chionn go mbíonn an bhaintreach seo do mo bhuaireamh, déanfaidh mé ceart di, le heagla go mbeadh sí ag teacht go deo ag crá mo chinn.'» |
| 6 |
| Agus dúirt an Tiarna: «Éistigí leis an mbreitheamh éagórach, a ndeir sé! |
| 7 |
| Agus an ea nach ndéanfaidh Dia ceart dá mhuintir thofa féin a bhíonn ag éamh air de lá is d' oíche, agus eisean ag déanamh foighne ina gcás? |
| 8 |
| Deirim libh, déanfaidh sé ceart go grod. Ach nuair a thiocfaidh Mac an Duine, an bhfaighidh sé creideamh ar an talamh?» |
| 9 |
| Labhair sé an parabal seo freisin chun daoine áirithe a bhí teann astu féin bheith fíréanta, agus gur bheag orthu cách eile: |
| 10 |
| «Chuaigh beirt fhear suas don Teampall ag guí; Fairisíneach duine acu agus poibleacánach an duine eile. |
| 11 |
| Rinne an Fairisíneach, agus é go ceannard, guí mar seo leis féin: 'A Dhia, tugaim a bhuíochas duit nach bhfuilim ar nós cách eile, atá ina sladaithe, ina lucht éagóra, ina n-adhaltranaigh, ná fiú amháin ar nós an phoibleacánaigh úd. |
| 12 |
| Déanaim troscadh dhá uair sa tseachtain, íocaim na deachúna ar gach ní dá bhfaighim.' |
| 13 |
| Ach sheas an poibleacánach i bhfad siar, agus níorbh áil leis fiú amháin a shúile a ardú chun na bhflaitheas, ach é ag bualadh a uchta, ag rá: 'A Dhia, glac trua dom, an peacach.' |
| 14 |
| Deirim libh, chuaigh sé seo síos abhaile fíréanaithe, ní ionann is é siúd. Óir gach aon duine a ardaíonn é féin, ísleofar é, agus an té a íslíonn é féin ardófar é.» |
| 15 |
| Bhíodar ag tabhairt na leanaí beaga chuige freisin chun go sínfeadh sé a lámh orthu; agus ar a fheiceáil sin do na deisceabail bhíodar ag cur ceartú orthu. |
| 16 |
| Ach ghlaoigh Íosa na leanaí chuige, ag rá: «Ligigí do na leanaí teacht chugam agus ná coiscigí iad, óir is lena leithéidí seo ríocht Dé. |
| 17 |
| Deirim libh go fírinneach, cibé nach nglacfaidh ríocht Dé ar nós linbh, ní rachaidh sé isteach inti choíche.» |
| 18 |
| D' fhiafraigh duine ainmniúil de: «A Mháistir mhaith, cad tá le déanamh agam chun go mbeinn páirteach sa bheatha shíoraí?» |
| 19 |
| Dúirt Íosa leis: «Cad chuige go ndeir tú maith liom? Ní maith aon neach ach Dia amháin. |
| 20 |
| Is eol duit na haitheanta: 'Ná déan adhaltranas. Ná déan marú. Ná déan goid. Ná tabhair fianaise bhréige. Tabhair onóir do d' athair agus do do mháthair.'» |
| 21 |
| Dúirt seisean: «Choimeád mé iad sin uile ó m' óige.» |
| 22 |
| Ar chloisteáil sin d' Íosa, dúirt sé leis: «Tá aon ní amháin de dhíth ort go fóill: díol gach a bhfuil agat agus roinn ar na boicht é agus beidh stór agat sna flaithis; tar ansin agus lean mise.» |
| 23 |
| Ar chloisteáil an méid sin dó, tháinig buaireamh mór air, mar bhí saibhreas as cuimse aige. |
| 24 |
| Ar a fheiceáil amhlaidh d' Íosa, dúirt: «Cad é chomh deacair is a bhíonn sé ar lucht an tsaibhris dul isteach i ríocht Dé! |
| 25 |
| Sea, is fusa do chamall dul trí chró snáthaide ná do dhuine saibhir dul isteach i ríocht Dé.» |
| 26 |
| Agus iad seo a chuala é, dúirt siad: «Agus cé is féidir a shlánú?» |
| 27 |
| Dúirt sé: «Na nithe atá dodhéanta ag daoine, tá siad sodhéanta ag Dia.» |
| 28 |
| Ansin dúirt Peadar: «Is é atá déanta againne: ár maoin shaolta a thréigean agus tusa a leanúint!» |
| 29 |
| Dúirt sé leo: «Deirim libh go fírinneach, níl aon duine a thréig teach ná bean ná deartháireacha ná tuismitheoirí ná clann mar gheall ar ríocht Dé, |
| 30 |
| nach bhfaighidh mórán uair níos mó san aimsir seo, agus an bheatha shíoraí sa saol atá le teacht.» |
| 31 |
| Rug sé leis an dáréag i leataobh agus dúirt leo: «Seo anois sinn ag dul suas go Iarúsailéim, agus tiocfaidh na nithe uile chun críche atá scríofa ag na fáithe faoi Mhac an Duine. |
| 32 |
| Óir tabharfar ar láimh do na gintlithe é, déanfar fonóid faoi, tabharfar easmailt dó, caithfear seilí air, |
| 33 |
| agus tar éis a sciúrsála, cuirfear chun báis é, agus éireoidh sé an treas lá.» |
| 34 |
| Ach níor thuig siad aon chuid den mhéad sin, agus bhí an focal sin i bhfolach orthu, agus ní raibh a fhios acu cad ba chiall lena chomhrá. |
| 35 |
| Bhí, agus é ag teacht i ngar do Ireachó, dall ina shuí le hais an bhóthair ag iarraidh déirce. |
| 36 |
| Nuair a chuala sé an slua ag gabháil thairis, d' fhiafraigh sé cad é a bhí ar bun. |
| 37 |
| Dúradh leis: «Tá Íosa an Nazórach ag dul thar bráid.» |
| 38 |
| Agus d' éigh sé amach: «A Íosa, a mhic Dháiví, bíodh trua agat dom!» |
| 39 |
| Agus iad seo a bhí i dtosach an tslua, bhí siad ag bagairt air bheith ina thost, ach b' amhlaidh ba mhóide a bhí seisean ag screadach: «A Mhic Dháiví bíodh trua agat dom!» |
| 40 |
| Stad Íosa dá shiúl, agus d' ordaigh é sheoladh chuige. Ar theacht dó ina ghar d' fhiafraigh sé de: |
| 41 |
| «Cad ab áil leat mé a dhéanamh duit?» Dúirt seisean: «A Thiarna, mo radharc a bheith agam!» |
| 42 |
| Dúirt Íosa leis: «Bíodh do radharc agat: shlánaigh do chreideamh tú.» |
| 43 |
| Agus tháinig a radharc dó láithreach, agus lean sé é ag glóiriú Dé. Ar a fheiceáil sin don phobal uile, thug siad moladh do Dhia. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/luke/018.mp3
24
18