Tiomna Nua 2012
|
| 1 |
| Dúirt sé parabal leo dá chur i gcéill nárbh fholáir dóibh a bheith ag guí de ghnáth gan a bheith cortha de choíche: |
| 2 |
| “Bhí, i gcathair áirithe, breitheamh nach raibh eagla Dé air ná beann ar dhuine aige. |
| 3 |
| Bhí baintreach sa chathair sin freisin agus bhíodh sí ag teacht chuige, ag rá: ‘Déan ceart dom in aghaidh fhear mo chúisithe,’ |
| 4 |
| ach níorbh áil leis é seal aimsire; ach sa deireadh dúirt sé ina aigne: ‘Más ea féin nach bhfuil eagla Dé orm ná beann ar dhuine agam, |
| 5 |
| ina dhiaidh sin, de chionn go mbíonn an bhaintreach seo do mo bhuaireamh, déanfaidh mé ceart di, le heagla go mbeadh sí ag teacht go deo ag crá mo chinn.’” |
| 6 |
| Agus dúirt an Tiarna: “Éistigí leis an mbreitheamh éagórach, a ndeir sé! |
| 7 |
| Agus an ea nach ndéanfaidh Dia ceart dá mhuintir thofa féin a bhíonn ag éamh air de lá is dʼoíche, agus eisean ag déanamh foighne ina gcás? |
| 8 |
| Deirim libh, déanfaidh sé ceart go grod. Ach nuair a thiocfaidh Mac an Duine, an bhfaighidh sé creideamh ar an talamh?” |
| 9 |
| Labhair sé an parabal seo freisin chun daoine áirithe a bhí teann astu féin a bheith fíréanta, agus gur bheag orthu cách eile: |
| 10 |
| “Chuaigh beirt fhear suas don Teampall ag guí; Fairisíneach duine acu agus poibleacánach an duine eile. |
| 11 |
| Rinne an Fairisíneach, agus é go ceannard, guí mar seo leis féin: ‘A Dhia, tugaim a bhuíochas duit nach bhfuilim ar nós cách eile, atá ina sladaithe, ina lucht éagóra, ina n-adhaltranaigh, ná fiú amháin ar nós an phoibleacánaigh úd. |
| 12 |
| Déanaim troscadh dhá uair sa tseachtain, íocaim na deachúna ar gach ní dá bhfaighim.’ |
| 13 |
| Ach sheas an poibleacánach i bhfad siar, agus níorbh áil leis fiú amháin a shúile a ardú chun na bhflaitheas, ach é ag bualadh a uchta, ag rá: ‘A Dhia, glac trua dom-sa, an peacach.’ |
| 14 |
| Deirim libh, chuaigh sé seo síos abhaile fíréanaithe, ní hionann is é siúd. Óir gach aon duine a ardaíonn é féin, ísleofar é, agus an té a íslíonn é féin ardófar é.” |
| 15 |
| Bhíodar ag tabhairt na leanaí beaga chuige freisin chun go sínfeadh sé a lámh orthu; agus ar a fheiceáil sin do na deisceabail bhíodar ag cur ceartú orthu. |
| 16 |
| Ach ghlaoigh Íosa na leanaí chuige, ag rá: “Ligigí do na leanaí teacht chugam agus ná coiscigí iad, óir is lena leithéidí seo ríocht Dé. |
| 17 |
| Deirim libh go fírinneach, cibé nach nglacfaidh ríocht Dé ar nós linbh, ní rachaidh sé isteach inti choíche.” |
| 18 |
| Dʼfhiafraigh duine ainmniúil de: “A Mháistir mhaith, cad tá le déanamh agam chun go mbeinn páirteach sa bheatha shíoraí?” |
| 19 |
| Dúirt Íosa leis: “Cad chuige go ndeir tú ‘maith’ liom? Ní maith aon neach ach Dia amháin. |
| 20 |
| Is eol duit na haitheanta: ‘Ná déan adhaltranas. Ná déan marú. Ná déan goid. Ná tabhair fianaise bhréige. Tabhair onóir do dʼathair agus do do mháthair.’” |
| 21 |
| Dúirt seisean: “Choimeád mé iad sin uile ó mʼóige.” |
| 22 |
| Ar chloisteáil sin dʼÍosa, dúirt sé leis: “Tá aon ní hamháin de dhíth ort go fóill: díol gach a bhfuil agat agus roinn ar na boicht é agus beidh stór agat sna flaithis; tar ansin agus lean mise.” |
| 23 |
| Ar chloisteáil an méid sin dó, tháinig buaireamh mór air, mar bhí saibhreas as cuimse aige. |
| 24 |
| Ar a fheiceáil amhlaidh dʼÍosa, dúirt: “Cad é chomh deacair is a bhíonn sé ar lucht an tsaibhris dul isteach i ríocht Dé! |
| 25 |
| Is ea, is fusa do chamall dul trí chró snáthaide ná do dhuine saibhir dul isteach i ríocht Dé.” |
| 26 |
| Agus iad seo a chuala é, dúirt siad: “Agus cé is féidir a shlánú?” |
| 27 |
| Dúirt sé: “Na nithe atá dodhéanta ag daoine, tá siad sodhéanta ag Dia.” |
| 28 |
| Ansin dúirt Peadar: “Is é atá déanta againne: ár maoin shaolta a thréigean agus tusa a leanúint!” |
| 29 |
| Dúirt sé leo: “Deirim libh go fírinneach, níl aon duine a thréig teach nó bean nó deartháireacha nó tuismitheoirí nó clann mar gheall ar ríocht Dé, |
| 30 |
| nach bhfaighidh mórán níos mó san aimsir seo, agus an bheatha shíoraí sa saol atá le teacht.” |
| 31 |
| Rug sé leis an dáréag i leataobh agus dúirt leo: “Seo anois sinn ag dul suas go hIarúsailéim, agus tiocfaidh na nithe uile chun críche atá scríofa ag na fáithe faoi Mhac an Duine. |
| 32 |
| Óir tabharfar ar láimh do na gintlithe é, déanfar fonóid faoi, tabharfar easmailt dó, caithfear seilí air, |
| 33 |
| agus tar éis a sciúrsála, cuirfear chun báis é, agus éireoidh sé an treas lá.” |
| 34 |
| Ach níor thuig siad aon chuid den mhéid sin, agus bhí an focal sin i bhfolach orthu, agus ní raibh a fhios acu cad ba chiall lena chomhrá. |
| 35 |
| Bhí, agus é ag teacht i ngar do Ireachó, dall ina shuí le hais an bhóthair ag iarraidh déirce. |
| 36 |
| Nuair a chuala sé an slua ag gabháil thairis, dʼfhiafraigh sé cad é a bhí ar bun. |
| 37 |
| Dúradh leis: “Tá Íosa an Nazórach ag dul thar bráid.” |
| 38 |
| Agus mʼéigh sé amach: “A Íosa, a mhac Dháiví, bíodh trua agat dom!” |
| 39 |
| Agus iad seo a bhí i dtosach an tslua, bhí siad ag bagairt air a bheith ina thost, ach bʼamhlaidh ba mhóide a bhí seisean ag screadach: “A Mhac Dháiví bíodh trua agat dom!” |
| 40 |
| Stad Íosa dá shiúl, agus dʼordaigh é a sheoladh chuige. Ar theacht dó ina ghar dʼfhiafraigh sé de: |
| 41 |
| “Cad ab áil leat mé a dhéanamh duit?” Dúirt seisean: “A Thiarna, mo radharc a bheith agam!” |
| 42 |
| Dúirt Íosa leis: “Bíodh do radharc agat: shlánaigh do chreideamh tú.” |
| 43 |
| Agus tháinig a radharc dó láithreach, agus lean sé é ag glóiriú Dé. Ar a fheiceáil sin don phobal uile, thug siad moladh do Dhia. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish2012/luke/018.mp3
24
18