Tiomna Nua 1970
|
| 1 |
| Tháinig sé isteach go hIericó agus bhí sé ar a bhealach tríd. |
| 2 |
| Agus bhí fear ann a raibh Sacéus mar ainm air; bhí sé ina ardbhailitheoir cánacha, agus é saibhir. |
| 3 |
| Bhí sé ag iarraidh a fheiceáil cén sórt é Íosa, ach theip air de dheasca an tslua, ó bhí sé beag íseal. |
| 4 |
| Mar sin rith sé píosa ar aghaidh agus chuaigh sé suas i gcrann fige le radharc a fháil air, ó bhí sé le bheith ag teacht an tslí úd. |
| 5 |
| Agus nuair a tháinig Íosa go dtí an áit, dʼfhéach sé suas air agus dúirt sé leis, “A Shacéuis, déan deifir agus tar anuas, mar tá rún agam an lá inniu a chaitheamh i do theachsa.” |
| 6 |
| Tháinig sé anuas faoi dheifir mar sin agus áthas air le fáilte a fhearadh roimhe. |
| 7 |
| Agus nuair a chonaic siad é bhí siad uile ag clamhsán agus á rá, “Tá sé i ndiaidh glacadh le cuireadh ó fhear atá ina pheacach.” |
| 8 |
| Agus dʼéirígh Sacéus go ndúirt sé leis an Tiarna, “Féach, a Thiarna, tugaim leath mo mhaoine do na boicht; agus más rud é gur bhain mé aon ní dʼaon duine go héagórach, tugaim a cheithre oiread ar ais dó.” |
| 9 |
| Agus arsa Íosa leis, “Is inniu a tháinig an slánú go dtí an teach seo, mar is mac dʼAbracham é seo chomh maith le duine. |
| 10 |
| Mar tá Mac an duine tar éis teacht lena bhfuil caillte a chuardach agus a chaomhnú.” |
| 11 |
| Nuair a bhí siad ag éisteacht leis sin, thosaigh sé ar insint fáithscéil, ó bhí sé féin cóngarach do Iarúsailéim agus ó bhí siadsan ag meas go nochtfaí ríocht Dé gan mhoill. |
| 12 |
| Dúirt sé mar sin, “Duine uasal a bhí ag imeacht i dtír i gcéin le filleadh i ndiaidh cumhacht rí a ghlacadh chuige féin. |
| 13 |
| Ghlaoigh sé ar dheichniúr dá sheirbhísigh, agus thug sé deich bpunt dóibh, agus dúirt sé leo, ‘Bígí ag gnóthú leo seo go dtaga mé.’ |
| 14 |
| Ach bʼfhuath le fir a thíre féin é gur chuir siad toscaireacht ina dhiaidh á rá, ‘Ní maith linn an fear seo a bheith ina rí os ár gcionn.’ |
| 15 |
| Nuair a dʼfhill sé agus an chumhacht ríoga aige, chuir sé fios ar na seirbhísigh sin ar thug sé an t‑airgead dóibh, go bhfeicfeadh sé cad é a ghnóthaigh siad. |
| 16 |
| Tháinig duine amháin acu ina láthair agus dúirt sé, ‘A Thiarna, tá deich bpunt eile gnóthaithe ag do phuntsa.’ |
| 17 |
| Agus is é a dúirt sé leis, ‘Is maith a rinne tú, is maith an seirbhíseach tú! Ós tú a bhí dílis faoi bheagán, beidh ceannas agat ar dheich gcathair.’ |
| 18 |
| Agus tháinig an dara duine ina láthair go ndúirt sé, ‘A Thiarna, tá cúig phunt gnóthaithe ag do phuntsa.’ |
| 19 |
| Agus dúirt sé leis, ‘Agus beidh ceannas cúig chathair agatsa.’ |
| 20 |
| Tháinig an tríú duine ansin, agus dúirt sé, ‘A Thiarna, seo duit an punt sin agat, a choinnigh mé i dtaisce i naipcín; |
| 21 |
| mar chuir tú eagla orm, bíonn tú chomh trom sin ar dhaoine; ag tógáil ní nár chuir tú síos, agus ag baint bairr san áit nár chuir tú aon síol.’ |
| 22 |
| Ar seisean leis, ‘Tabharfaidh mé breith do dhaortha ort as do bhéal féin, a bhithiúnaigh de sheirbhíseach! Bhí a dhea-fhios agat, nach raibh, go raibh mé trom ar dhaoine, ag tógáil an ní nár chuir mé síos, agus ag baint san áit nár chuir mé? |
| 23 |
| Agus ó tá sin amhlaidh, cad chuige nár chuir tú mo chuid airgid sa bhanc, go dtógfainn é idir airgead agus bhiseach ag filleadh dom?’ |
| 24 |
| Agus dúirt sé lena raibh ina seasamh lena thaobh, ‘Bain de an punt, agus tabhair é dʼfhear na ndeich bpunt.’ |
| 25 |
| (Agus dúirt siad leis, ‘A Thiarna, nach bhfuil deich bpunt aige cheana?’) |
| 26 |
| Deirim libh, an té a bhfuil aige, tabharfar a thuilleadh dó, ach an té nach bhfuil aige, bainfear de go fiú an méid atá aige. |
| 27 |
| Ach na naimhde úd agam, nár mhian leo mé i mo rí os a gcionn, tugaigí i láthair anseo iad agus cuirigí chun báis iad os mo chomhairse.” |
| 28 |
| Nuair a bhí an chaint sin ráite aige, shiúil sé roimhe, ag tarraingt ar Iarúsailéim. |
| 29 |
| Nuair a bhí sé ag an sliabh dá ngairtear Cnoc na nOlóg, cóngarach do Bhétfagé agus do Bhétáin, chuir sé beirt de na deisceabail uaidh, |
| 30 |
| agus dúirt sé leo, “Siúlaigí libh isteach sa bhaile beag úd os ár gcomhair, agus Tiocfaidh sibh, ar bhur mbealach isteach, ar shearrach agus é ceangailte, nár shuigh aon duine air roimhe seo; scaoiligí agus tugaigí chugam anseo é. |
| 31 |
| Má fhiafraíonn aon duine díbh, ‘Cad chuige a bhfuil sibh de, á scaoileadh?’ is é an focal a déarfas sibh, ‘Tá gnó ag an Tiarna leis.’” |
| 32 |
| Chuaigh na teachtairí uaidh mar sin agus tharla mar a bhí inste aige dóibh. |
| 33 |
| Nuair a bhí siad ag scaoileadh an tsearraigh, dúirt na daoine ar leo é, “Cad chuige a bhfuil sibh ag scaoileadh an tsearraigh?” |
| 34 |
| Agus dúirt siadsan, “Tá gnó ag an Tiarna leis.” |
| 35 |
| Agus thug siad chuig Íosa é, agus chaith siad a bhfallaingeacha thar an searrach, gur chuir siad Íosa a mharcaíocht air. |
| 36 |
| Agus chaith siad a bhfallaingeacha thar chlocha an bhóthair de réir mar a bhí sé ag imeacht ar aghaidh. |
| 37 |
| Nuair a bhí sé ag teacht cóngarach, ag bun Chnoc na nOlóg, thosaigh slua uile na ndeisceabal ar dhéanamh gairdis agus ar mholadh Dé faoi na fearta uile a bhí feicthe acu, |
| 38 |
| á rá in ard a gcinn agus a ngutha, “Is beannaithe é an Rí atá ag teacht in ainm an Tiarna! Síocháin ar neamh, agus glóir dó sna flaithis!” |
| 39 |
| Agus dúirt cuid de na Fairiséigh a bhí sa slua leis, “A Oide, cuir milleán ar do dheisceabail.” |
| 40 |
| Ach ba é a fhreagra, “Táim á insint daoibh, dá mba rud é go bhfanfaidís-sean ina dtost, go mbeadh clocha an bhóthair féin ag caint agus ag glaoch os ard.” |
| 41 |
| Agus nuair a tháinig sé i ngaobhar na cathrach agus a chonaic sé í, shil sé uisce a chinn á caoineadh, |
| 42 |
| go ndúirt, “Nach é an trua é nach feasach duit inniu féin na nithe a chothaíos an tsíocháin! Ach tá siad ceilte ort anois. |
| 43 |
| Mar tá na laethanta sin ag teacht ort nuair a thógfaidh do naimhde móta i do thimpeall agus a chuirfidh léagar agus imshuí ort ar gach taobh, |
| 44 |
| agus a leagfaidh siad go lár thú, tú féin agus do chlann ionat istigh, agus ní fhágfaidh siad cloch ar mhuin chloiche ionat; de bhrí nár aithin tú in am cé a bhí agat.” |
| 45 |
| Agus chuaigh sé isteach sa teampall go ndeachaigh ag cur na tóra ar a raibh ag díol ann, |
| 46 |
| agus é á rá leo, “Tá sé scríofa go mbeidh mo theachsa ina theach urnaí; ach tá uaimh ladrann déanta agaibh de.” |
| 47 |
| Agus bhíodh sé gach lá ag teagasc sa teampall. Bhí na hardsagairt agus na scríobhaithe agus ceannairí an phobail ag iarraidh é a chur den saol; |
| 48 |
| agus gan teacht ar aon ní a fhéadfaidís a dhéanamh, mar bhíodh na daoine go léir ag slogadh gach focail dá dtagadh uaidh. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish1970/luke/019.mp3
24
19