Tiomna Nua 2012
|
| 1 |
| Agus ar theacht isteach in Ireachó dó, bhí sé ag gabháil tríd. |
| 2 |
| Agus fear darbh ainm Zacháias a bhí ina cheannphoibleacánach agus é saibhir, |
| 3 |
| bhí sé ag iarraidh radharc a fháil ar Íosa, cérbh é féin; ach ní fhéadfadh de dheasca an tslua, óir bhí sé íseal ina phearsa. |
| 4 |
| Agus rith sé roimhe chun cinn agus chuaigh in airde ar chrann seiceamair chun go bhfeicfeadh sé é, óir is thairis sin a bhí sé le gabháil. |
| 5 |
| Nuair a tháinig Íosa go dtí an áit, bhreathnaigh sé suas agus dúirt leis: “A Zacháias, déan deifir agus tar anuas, óir is i do theachsa nach foláir dom fanacht inniu.” |
| 6 |
| Agus tháinig sé anuas go deifreach agus chuir fáilte roimhe go háthasach. |
| 7 |
| Ar a fheiceáil sin do chách, bhí siad ag monabhar dá rá: “Tá sé tar éis dul ar lóistín ag peacach.” |
| 8 |
| Ach dúirt Zacháias go croíúil leis an Tiarna: “Is é a dhéanfaidh mé, a Thiarna, leath mo mhaoine a thabhairt do na boicht, agus má bhain mé aon ní go héagórach dʼaon duine, déanfaidh mé aisíoc leis faoi cheathair.” |
| 9 |
| Dúirt Íosa leis: “Tá slánú tar éis teacht chun an tí seo inniu, mar is mac dʼAbrahám an duine seo freisin: |
| 10 |
| óir tháinig Mac an Duine chun an rud a bhí caillte a lorg agus a shlánú.” |
| 11 |
| Ag éisteacht dóibh leis an méid sin, lean sé air agus labhair parabal, de bhrí go raibh sé i ngar dʼIarúsailéim agus gur síleadh dóibh ríocht Dé a bheith le taibhsiú láithreach. |
| 12 |
| Uime sin a dúirt: “Chuaigh duine de threibh uasal go tír i gcéin chun céim ríoga a bhaint amach dó féin agus filleadh ansin. |
| 13 |
| Ghlaoigh sé ar dheichniúr dá sheirbhísigh agus thug dóibh deich míoná agus dúirt leo: ‘Bígí i mbun gnó go dtaga mé.’ |
| 14 |
| Ach bhí fuath ag a chomhthírigh dó, agus chuir siad teachtaí ina dhiaidh chun a rá: ‘Ní háil linn é seo a bheith ina rí orainn.’ |
| 15 |
| Ach ar a theacht ar ais i dtráth agus an chéim ríoga bainte amach aige, dʼordaigh sé fios a chur ar na seirbhísigh úd chuige a raibh an t-airgead tugtha aige dóibh, chun go mbeadh a fhios aige cad a bhí de bharr a ngnó acu faoi seach. |
| 16 |
| Tháinig an chéad duine i láthair agus dúirt: ‘A Thiarna, ghnóthaigh do mhíoná deich míoná.’ |
| 17 |
| Dúirt sé leis: ‘Is maith sin, a dhea-sheirbhísigh; de bhrí go raibh tú iontaofa faoin mbeagán, bíodh for-lámhas agat ar dheich gcathair.’ |
| 18 |
| Tháinig an dara duine agus dúirt: ‘Rinne do mhíoná cúig mhíoná, a Thiarna.’ |
| 19 |
| Dúirt sé leis sin chomh maith: ‘Tusa mar an gcéanna, bí i gceannas ar chúig chathair.’ |
| 20 |
| Ach tháinig an duine eile agus dúirt: ‘A Thiarna, seo duit do mhíoná; bhí sé i gcoimeád agam i naipcín. |
| 21 |
| Óir bhí eagla orm romhat, de bhrí gur duine dian thú; glacann tú chugat an rud nár chuir tú i dtaisce agus baineann tú an fómhar nár chuir tú a shíol.’ |
| 22 |
| Dúirt sé leis: ‘Tabharfaidh mé breith do bhéil féin ort, a dhroch-sheirbhísigh! Bhí a fhios agat, an raibh, gur duine dian mé, ag glacadh chugam an rud nár chuir mé i dtaisce, agus ag baint an fhómhair nár chuir mé a shíol? |
| 23 |
| Cad chuige más ea nár chuir tú mo chuid airgid ar gaimbín? Agus nuair a thiocfainn, dhéanfainn é éileamh le hús.’ |
| 24 |
| Agus dúirt sé leo seo a bhí i láthair: ‘Bainigí de an míoná, agus tugaigí é dó seo a bhfuil na deich míoná aige.’ |
| 25 |
| ‘Ach, a Thiarna,’ ar siad sin leis, ‘tá deich míoná aige-sean.’ |
| 26 |
| ‘Deirim libh, gach aon duine a mbíonn aige, tabharfar dó, ach an té nach mbíonn aige, bainfear de fiú amháin a mbíonn aige. |
| 27 |
| Ach na naimhde úd agam nárbh áil leo mé a bheith i mo rí orthu, seolaigí i leith iad agus déanaigí iad a choscairt i mo láthair.’” |
| 28 |
| Nuair a bhí an méid sin ráite aige, ghluais sé roimhe ag dul suas go hIarúsailéim. |
| 29 |
| Agus nuair a bhí sé ag teacht i ngar do Bhéatfaigé agus do Bhéatáine, i dtreo an chnoic ar a dtugtar ‘Cnoc na nOlóg’, chuir sé uaidh beirt de na deisceabail, ag rá: |
| 30 |
| “Téigí isteach sa bhaile thall, agus ag dul isteach ann daoibh, gheobhaidh sibh searrach ceangailte nach raibh duine ar bith riamh ar a mhuin; scaoiligí agus tugaigí libh é. |
| 31 |
| Agus má fhiafraíonn aon duine díbh: ‘Cad chuige a bhfuil sibh dá scaoileadh?’ is é a déarfaidh sibh: ‘Mar go bhfuil gá ag an Tiarna leis.’” |
| 32 |
| Dʼimigh na teachtairí agus fuair siad de réir mar a dúirt sé leo. |
| 33 |
| Le linn dóibh a bheith ag scaoileadh an tsearraigh, dúirt na húinéirí leo: “Cad chuige a bhfuil sibh ag scaoileadh an tsearraigh?” |
| 34 |
| Dúirt siad: “Mar go bhfuil gá ag an Tiarna leis,” |
| 35 |
| agus thug siad go dtí Íosa é, agus tar éis dóibh a mbrait a chaitheamh ar an searrach, chuir siad Íosa ar a mhuin. |
| 36 |
| Agus ag gluaiseacht dó, bhí siad ag leathadh a mbrat ar an mbóthar. |
| 37 |
| Bhí sé faoin am seo ag teacht i ngar do chliathán Chnoc na nOlóg síos, nuair a thosaigh lánchuallacht na ndeisceabal, agus iad lán dʼáthas, ag moladh Dé de ghlór ard mar gheall ar a raibh de mhíorúiltí feicthe acu, |
| 38 |
| dá rá: “Is beannaithe an té atá ag teacht ina rí, in ainm an Tiarna! Síocháin sna flaithis, agus glóir in uachtar Neimhe.” |
| 39 |
| Agus cuid de na Fairisínigh a bhí sa slua, dúirt siad leis: “A Mháistir, cuir ceartú ar do dheisceabail.” |
| 40 |
| Dʼfhreagair sé agus dúirt: “Deirim libh, má bhíonn siad seo ina dtost, screadfaidh na clocha amach.” |
| 41 |
| Nuair a tháinig sé i ngar don chathair agus radharc aige uirthi, ghoil sé mar gheall uirthi, |
| 42 |
| ag rá: “Dá mbeadh a fhios agat-sa freisin, sa lá seo, na nithe atá de dhíth chun síochána! ach is amhlaidh atá siad i bhfolach ó do shúile. |
| 43 |
| Óir béarfaidh na laethanta ort nuair a chuirfidh do naimhde páil léigir umat, nuair a thimpeallóidh siad thú agus cúngrach a dhéanamh ort ó gach taobh; |
| 44 |
| nuair a bhascfaidh siad ar lár thú féin agus do chlann atá ionat, gan cloch ar mhuin cloiche a fhágáil ionat, de bhrí nár aithin tú aimsir dʼa fhiosraithe.” |
| 45 |
| Ansin, ar dhul isteach sa Teampall dó, thosaigh sé ag tiomáint na ndíoltóirí amach, |
| 46 |
| ag rá leo: “Tá scríofa: ‘Beidh mo theach ina theach urnaithe’; ach tá uaimh robálaithe déanta agaibh-se de.” |
| 47 |
| Bhíodh sé ag teagasc gach lá sa Teampall. Bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe ag iarraidh é a mhilleadh, agus cinn an phobail chomh maith; |
| 48 |
| ach ní raibh a fhios acu cad a dhéanfaidís, óir bhí an pobal uile ar bís ag éisteacht leis. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish2012/luke/019.mp3
24
19