Tiomna Nua 2012
|
| 1 |
| Bhí féile an tSlimaráin, ar a dtugtar ‘an Cháisc’, in achomaireacht. |
| 2 |
| Agus bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe ag féachaint conas a chuirfidís de dhroim na slí é, óir bhí eagla an phobail orthu. |
| 3 |
| Ach chuaigh Sátan isteach in Iúdás ar a nglaotar Isceiriót, a bhí ar uimhir an dáréag. |
| 4 |
| Dʼimigh sé mar sin ag déanamh cainte le huachtaráin na sagart agus leis na captaein féachaint conas a thabharfadh sé ar láimh dóibh é. |
| 5 |
| Agus bhí áthas orthu, agus rinne siad réiteach leis airgead a thabhairt dó. |
| 6 |
| Thug sé a gheall, agus bhí ag faire ar a dheis chun é a thabhairt ar láimh dóibh i leith ón slua. |
| 7 |
| Tháinig lá an tSlimaráin nuair nárbh fholáir an cháisc a íobairt. |
| 8 |
| Chuir sé uaidh Peadar agus Eoin: “Imígí,” ar seisean, “agus ullmhaígí dúinn an cháisc go n-ithimid í.” |
| 9 |
| Dúirt siad leis: “Cárbh áil leat go n-ullmhóimis í?” |
| 10 |
| Dúirt sé leo: “Ag dul isteach sa chathair daoibh, féach, beidh duine ag teacht faoi bhur ndéin agus próca uisce aige dá bhreith leis. Leanaigí isteach é sa teach ina mbíonn sé ag dul, |
| 11 |
| agus abraigí le fear an tí: ‘Dúirt an Máistir a rá leat: Cá bhfuil an seomra aíochta go n-ithinn an cháisc ann in éineacht le mo dheisceabail?’ |
| 12 |
| Agus taispeánfaidh sé daoibh seomra in airde staighre agus feisteas mar is cóir air; déanaigí an réiteach ansiúd.” |
| 13 |
| Dʼimigh siad agus fuair siad de réir mar a bhí ráite aige leo, agus dʼullmhaigh an cháisc. |
| 14 |
| Nuair a tháinig an uair, lig sé faoi ag bord agus na haspail mar aon leis. |
| 15 |
| Agus dúirt sé leo: “Ba mhór ba mhian liom an cháisc seo a ithe in éineacht libh roimh fhulaingt dom; |
| 16 |
| óir deirim libh, ní íosfaidh mé go deo arís í nó go mbeidh a comh-líonadh ann i ríocht Dé.” |
| 17 |
| Agus ghlac sé cupán, agus ar altú dó dúirt: “Tógaigí é seo agus roinnigí eadraibh é; |
| 18 |
| óir deirim libh, ní ólfaidh mé as seo amach de shú na fíniúna nó go mbeidh ríocht Dé tagtha.” |
| 19 |
| Ansin, thóg sé arán, agus ar altú dó, bhris, agus thug dóibh é ag rá: “Is é seo mo chorp atá le tabhairt ar bhur son. Déanaigí é seo mar chuimhne orm.” |
| 20 |
| Agus mar an gcéanna an cupán, tar éis na proinne, ag rá: “Is é an cupán seo an tiomna nua i mo chuid fola atá le doirteadh ar bhur son. |
| 21 |
| Féach, áfach: tá lámh fhear mo bhraite in éineacht liom ag an mbord. |
| 22 |
| Go deimhin tá a bhealach féin le siúl ag Mac an Duine de réir mar atá i ndán, ach is mairg don duine úd trína mbraitear é.” |
| 23 |
| Agus thosaigh siad ag fiafraí dá chéile cén duine acu a bhí chun é seo a dhéanamh. |
| 24 |
| Dʼéirigh imreas eatarthu freisin féachaint cén duine acu ba mhó le háireamh. |
| 25 |
| Dúirt sé leo: “Ríthe na náisiún, bíonn siad ag rialúchán orthu, agus iad seo a mbíonn údarás acu os a gcionn, ‘tíolaiceoirí’ a ghlaotar orthu. |
| 26 |
| Ach nárab amhlaidh sin daoibhse, ach an té is mó eadraibh, bíodh ar nós an té is óige, agus an té atá ina cheann, ar nós an fhir freastail. |
| 27 |
| Cé acu is mó dáiríre, an té a bhíonn ag bord nó an té a bhíonn ag freastal? Nach é an té a bhíonn ag bord é? Ach táim-se in bhur measc ar nós an té a bhíonn ag freastal. |
| 28 |
| Is sibh-se an mhuintir a sheas go buan liom i mo thrialacha; |
| 29 |
| agus tá ríocht agam dá dáileadh oraibh, de réir mar a dháil mʼAthair orm féin í: |
| 30 |
| ionas go mbeidh sibh ag ithe agus ag ól ag mo bhord i mo ríocht, agus in bhur suí i rí-chathaoireacha ag tabhairt breithe ar dhá threibh déag Iosrael. |
| 31 |
| “A Shíomóin, a Shíomóin, féach, fuair Sátan mar aisce sibh a chriathradh ar nós an arbhair; |
| 32 |
| ach táim tar éis guí ar do shon-sa chun nach gclisfidh do chreideamh; agus, ón uair amháin a bheidh tú féin iompaithe, déan daingean do bhráithre.” |
| 33 |
| Dúirt seisean leis: “A Thiarna, táim ullamh ar dhul leat-sa chun príosúin agus fós chun báis.” |
| 34 |
| Ach dúirt sé: “Deirim leat, a Pheadair, ní ghlaofaidh an coileach inniu nó go mbeidh tusa tar éis a shéanadh faoi thrí go bhfuil aon aithne agat orm.” |
| 35 |
| Dúirt sé leo ansin: “Nuair a chuir mé uaim sibh gan sparán, gan tiachóg, gan cuaráin, an raibh easnamh ar bith oraibh?” |
| 36 |
| Dúirt siad: “Ní raibh.” Dúirt sé leo: “Anois, áfach, an té a mbíonn sparán aige, beireadh sé leis é, agus an té a mbíonn tiachóg aige mar an gcéanna; an té fós, nach mbíonn claíomh aige, díoladh sé a bhrat chun ceann a cheannach. |
| 37 |
| Óir deirim libh, an rud úd atá scríofa, ní foláir é a theacht chun críche ionamsa: ‘Cuireadh ar aon bhuíon leis na mallaitheoirí é.’ Go deimhin féin, tá mo chúrsaí uile ag druidim chun deiridh.” |
| 38 |
| Dúirt siad: “A Thiarna, féach, tá dhá chlaíomh anseo.” Dúirt sé leo: “Is leor sin.” |
| 39 |
| Ar dhul amach dó, chuaigh sé, mar ba ghnáthbhéas dó, go Cnoc na nOlóg. Na deisceabail freisin lean siad é. |
| 40 |
| Agus ar shroicheadh na háite dó, dúirt sé leo: “Bígí ag guí gan sibh a dhul i gcathú.” |
| 41 |
| Agus chuaigh sé i leataobh uathu mar a bheadh fad urchar cloiche, |
| 42 |
| agus ag teacht ar a ghlúine dó, thosaigh sé ag guí: “A Athair,” deireadh sé, “más toil leat é, tóg uaim an cupán seo; ach nárab í mo thoilse a dhéanfar ach do thoilse.” |
| 43 |
| Agus chonacthas aingeal ó neamh dó dá neartú. |
| 44 |
| Ó bhí sé in anbhroid, ba dhéinide é ag guí; agus bhí a chuid allais mar a bheadh braonta ramhra fola ag sileadh go talamh. |
| 45 |
| Ar éirí ina sheasamh dó ón nguí, tháinig sé chun na ndeisceabal agus fuair ina gcodladh iad le barr dobróin, |
| 46 |
| agus dúirt sé leo: “Cad a bheir in bhur gcodladh sibh? Éirígí agus guígí, le heagla go rachaidh sibh i gcathú.” |
| 47 |
| Le linn dó a bheith ag caint, tháinig slua; agus bhí, ag siúl rompu amach, an fear ar a dtugtaí ‘Iúdás’, duine den dáréag, agus dhruid sé sin isteach le hÍosa chun é a phógadh. |
| 48 |
| Dúirt Íosa leis: “A Iúdáis, an le póg a bhraitheann tú Mac an Duine?” |
| 49 |
| Nuair a chonaic a mhuintir cad a bhí chucu, dúirt siad: “A Thiarna, an mbuailfimid buille claímh?” |
| 50 |
| Agus bhuail duine acu seirbhíseach an ardsagairt agus bhain sé an chluas dheas de. |
| 51 |
| Labhair Íosa agus dúirt: “Ligigí dóibh; is leor an méid sin,” agus bhain sé leis an gcluais agus rinne slán í. |
| 52 |
| Ansin dúirt Íosa leo sin a bhí tagtha ina choinne, uachtaráin na sagart agus captaein an Teampaill agus seanóirí: “An amhlaidh is robálaí mé gur tháinig sibh amach i mo choinne le claimhte agus le bataí? |
| 53 |
| Nuair a bhínn in éineacht libh gach lá sa Teampall, níor leag sibh lámh orm. Ach is í bhur n-uairse í seo, agus is í cumhacht an Dorchadais í.” |
| 54 |
| Tar éis dóibh é a ghabháil, sheol siad leo é agus thug isteach i dteach an ardsagairt é. Bhí Peadar dá leanúint i bhfad siar. |
| 55 |
| Ansin, nuair a bhí an tine ar lasadh acu i lár na cúirte, agus iad ina suí síos le chéile, shuigh Peadar ina dhuine eatarthu. |
| 56 |
| Chonaic cailín aimsire ina shuí sa solas é, agus tar éis di féachaint go caol air, dúirt: “Bhí sé seo freisin ina chuideachta siúd.” |
| 57 |
| Ach shéan seisean é dá rá: “Níl aithne agam air, a bhean!” |
| 58 |
| I gceann tamaill bhig, chonaic duine eile é agus dúirt: “Is duine díobh sin tusa freisin.” Ach dúirt Peadar: “Ní hea, a dhuine!” |
| 59 |
| Agus i gceann timpeall aon uaire amháin, dhearbhaigh duine eile dá rá: “Is cinnte go raibh sé seo freisin in éineacht leis siúd, agus, rud eile de, is Gailíleach é.” |
| 60 |
| Ach dúirt Peadar: “Níl a fhios agam cad tá tú a rá, a dhuine!” Agus ar an mball, le linn dó a bheith ag caint, ghlaoigh an coileach. |
| 61 |
| Agus dʼiompaigh an Tiarna agus bhreathnaigh ar Pheadar. Chuimhnigh Peadar ansin ar bhriathar an Tiarna, mar a dúirt sé leis: “Roimh ghlaoch don choileach inniu, séanfaidh tú mé faoi thrí.” |
| 62 |
| Agus chuaigh sé amach agus ghoil go goirt. |
| 63 |
| Ansin, na fir a raibh sé i ngéibheann acu, bhí siad ag fonóid faoi agus dá bhualadh; |
| 64 |
| agus chuiridís dallóg air agus dʼfhiafraídís de: “Tairngir! Cé hé sin a bhuail thú?” |
| 65 |
| Agus dúirt siad mórán nithe eile ina aghaidh, dá dhiamhaslú. |
| 66 |
| Nuair a bhí sé ina lá, chruinnigh comhairle sheanóirí an phobail le chéile–uachtaráin na sagart agus scríobhaithe. Sheol siad i láthair a n-ardchomhairle é. |
| 67 |
| “Más tú an Críost,” ar siad, “abair linn é.” Dúirt sé leo: “Má deirim libh é, ní chreidfidh sibh; |
| 68 |
| agus má chuirim ceist oraibh, ní fhreagróidh sibh. |
| 69 |
| Amach anseo, áfach, beidh Mac an Duine ina shuí ar dheis chumhacht Dé.” |
| 70 |
| Dúirt siad uile: “An tú, dá bhrí sin, Mac Dé?” Dúirt sé leo: “Deir sibh féin é: Is mé.” |
| 71 |
| “Cad is gá dúinn a thuilleadh fianaise?” ar siad-san, “óir chualamar féin as a bhéal féin é.” |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish2012/luke/022.mp3
24
22