Tiomna Nua 2012
|
| 1 |
| Dʼéirigh siad ansin, an comh-thionól uile, agus sheol siad é i láthair Phíoláit. |
| 2 |
| Thosaigh siad dá chiontú dá rá: “Fuaireamar é seo ag gríosadh ár náisiúin chun ceannairce, ag toirmeasc cíos a íoc le Caesar, agus ag rá gurb é féin Críost Rí.” |
| 3 |
| Dʼfhiafraigh Píoláit de: “An tusa Rí na nGiúdach?” Dúirt sé leis dá fhreagairt: “Deir tú féin é.” |
| 4 |
| Dúirt Píoláit ansin le huachtaráin na sagart agus leis na sluaite: “Ní fhaighim ciontacht ar bith sa duine seo.” |
| 5 |
| Ach ba dhéinide fós a n-aitheasc siúd: “Bíonn sé ag corraí an phobail, ag teagasc ar fud Iúdáia go léir, ón nGailíl, mar ar thosaigh sé, go dtí an áit seo.” |
| 6 |
| Ar a chloisteáil sin do Phíoláit, dʼfhiafraigh sé ar Ghailíleach an duine, |
| 7 |
| agus nuair a fuair scéala gur as limistéar Héaróid dó, chuir sé ag triall ar Héaród é, ó tharla in Iarúsailéim é sin freisin sna laethanta sin. |
| 8 |
| Bhí áthas ar Héaród Íosa a fheiceáil; ba é ab áil leis le fada radharc a fháil air, ó bheith ag cloisteáil trácht air, agus bhí sé ag súil le míorúilt éigin a fheiceáil dá déanamh aige. |
| 9 |
| Chuir sé go leor ceisteanna air, ach níor thug seisean freagra ar bith air. |
| 10 |
| Uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe, áfach, bhí siad ansiúd dá chiontú ar a ndícheall. |
| 11 |
| Chaith Héaród, é féin agus a gharda, droch-mheas air agus rínne sé ceap magaidh de; ansin, tar éis dó é a ghléasadh faoi róba taibhseach, chuir sé ar ais go dtí Píoláit é. |
| 12 |
| Agus tháinig Héaród agus Píoláit chun a bheith ina gcairde dá chéile an lá sin féin, óir bhídís in earraid le chéile roimhe sin. |
| 13 |
| Ghlaoigh Píoláit uachtaráin na sagart agus na cinn urra agus an pobal le chéile |
| 14 |
| agus dúirt sé leo: “Tá sibh tar éis an duine seo a thabhairt os mo chomhair i leith é a bheith ag saighdeadh an phobail chun ceannairce. Is ea anois; scrúdaigh mé féin an scéal in bhur láthair, agus ní bhfuair mé an duine seo ciontach i rud ar bith dá bhfuil sibh a chur ina leith. |
| 15 |
| Ní bhfuair ná Héaród, ós rud é gur chuir sé ar ais chugainn é. Is léir nach bhfuil rud ar bith déanta aige a thuillfeadh bás. |
| 16 |
| Dá bhrí sin, tar éis a smachtaithe dom, scaoilfidh mé saor é.” |
| 17 |
| Ach bʼéigean dó aon duine amháin a scaoileadh chucu le linn na féile. |
| 18 |
| Thosaigh siad uile ag screadach amach in éineacht: “Beir uainn é seo, ach scaoil chugainn Barabas!”– |
| 19 |
| duine eisean a teilgeadh i bpríosún mar gheall ar chíréib a tharla sa chathair, agus mar gheall ar dhún-mharú. |
| 20 |
| Chuir Píoláit caint orthu arís, mar bʼáil leis Íosa a scaoileadh saor. |
| 21 |
| Ach bhí siad ag liúireach: “Céas é, céas é!” |
| 22 |
| Dúirt sé leo den tríú huair: “Cén t-olc mar sin a rinne an duine seo? Ní bhfuair mé rud ar bith ann a thuillfeadh bás. Dá bhrí sin, tar éis a smachtaithe dom, scaoilfidh mé saor é.” |
| 23 |
| Ach bhí siad-san dá dhianéileamh de ghártha móra go gcéasfaí é, agus is ag neartú a bhí ar a nglórtha. |
| 24 |
| Ansin, thug Píoláit de bhreith an rud a dʼiarr siad a thabhairt dóibh; |
| 25 |
| scaoil sé saor é siúd a teilgeadh i bpríosún mar gheall ar an gcíréib agus ar an dún-mharú–an té a dʼiarr siad–ach thug sé Íosa suas chun a dtola. |
| 26 |
| Agus iad dá sheoladh leo, leag siad lámh ar dhuine áirithe, Síomón Círéinéach, a bhí ag teacht ón tuath, agus bhuail siad an chros air lena hiompar i ndiaidh Íosa. |
| 27 |
| Bhí slua mór den phobal dá leanúint, mar aon le complacht ban a bhí ag mairgneach air agus dá chaoineadh. |
| 28 |
| Ach dʼiompaigh Íosa chucu seo agus dúirt: “A iníonacha Iarúsailéim, ná bígí ag gol mar gheall orm-sa, ach déanaigí gol mar gheall oraibh féin agus ar bhur gclann. |
| 29 |
| Óir féach, tá na laethanta ag teacht nuair a déarfar: ‘Is méanar do na mná atá aimrid; do na broinnte nár rug agus do na cíocha nár thál.’ |
| 30 |
| Ansin tosóidh siad ag rá leis na sléibhte: ‘Titigí orainn!’ agus leis na cnoic: ‘Folaígí sinn!’ |
| 31 |
| Óir, más mar seo a dhéantar leis an adhmad glas, cad a bhainfidh don chríon!” |
| 32 |
| Bhí beirt choirpeach eile dá seoladh mar aon leis chun a mbásaithe. |
| 33 |
| Nuair a bhí siad tagtha go dtí an áit ar a nglaotar ‘an Cloigeann’, chéas siad ansiúd é féin agus na coirpigh, duine acu ar a dheis agus an duine eile ar a chlé. |
| 34 |
| Dúirt Íosa: “A Athair, maith dóibh óir níl a fhios acu cad tá siad a dhéanamh.” Ansin, ag roinnt a chuid éadaigh eatarthu, chuir siad ar chrainn iad. |
| 35 |
| Dʼfhan an pobal ansiúd ag breathnú. Bhí na cinn urra féin ag dranngháire: “Shaor sé daoine eile,” deiridís, “saoradh sé é féin, más é Críost Dé, an té atá tofa.” |
| 36 |
| Agus rinne na saighdiúirí freisin fonóid faoi; ag teacht ag tabhairt fínéagair chuige |
| 37 |
| deiridís: “Más tú Rí na nGiúdach, saor thú féin!” |
| 38 |
| Agus fós, bhí scríbhinn os a chionn i nGréigis, i Laidin, agus in Eabhrais: “Rí na nGiúdach é seo.” |
| 39 |
| Duine de na coirpigh a bhí arna gcrochadh, bhí sé dá dhiamhaslú dá rá: “Nach tú an Críost? Saor thú féin agus sinne.” |
| 40 |
| Ach thug an duine eile casaoid dó agus dúirt: “An ea nach bhfuil eagla Dé ort, agus tusa faoin daorbhreith chéanna? |
| 41 |
| Agus maidir linne, is le ceart é: tá díol ár mbeart féin dá thabhairt orainn ach ní dhearna sé seo rud ar bith as an tslí.” |
| 42 |
| Agus dúirt: “A Íosa, cuimhnigh orm-sa nuair a thiocfaidh tú faoi réim do ríochta!” |
| 43 |
| Agus dúirt seisean leis: “Deirim leat go fírinneach, beidh tú in éineacht liom inniu i bParthas.” |
| 44 |
| Bhí sé timpeall an séú huair faoin am seo nuair a tháinig dorchadas anuas ar an talamh go léir go dtí an naoú huair, mar chaill an ghrian a solas. |
| 45 |
| Réabadh brat an Teampaill ina lár. |
| 46 |
| Agus ghlaoigh Íosa amach de ghlór ard agus dúirt: “A Athair, taobhaím mo spiorad i leith do lámh.” Agus ar a rá sin dó, shíothlaigh sé. |
| 47 |
| Nuair a chonaic an taoiseach céid cad a tharla, bhí sé ag tabhairt glóire do Dhia dá rá: “Ba dhuine fíréanta an fear seo go deimhin.” |
| 48 |
| Agus na sluaite uile a bhí bailithe chun an radharc seo a fheiceáil, nuair a chonaic siad na nithe a tharla, chuaigh siad ar ais ag bualadh a n-uchta. |
| 49 |
| Bhí a lucht aitheantais uile ina seasamh i bhfad uaidh, agus mná freisin a bhí tar éis é a leanúint ón nGailíl agus a bhí ag breathnú ar na nithe sin. |
| 50 |
| Tháinig i láthair ansin fear darbh ainm Iósaef, ba bhall den Chomhairle é, duine maith fíréanta. |
| 51 |
| Níor thug sé seo aontú le hintinn ná le míghníomh na mball eile. As Aramatáia dó, cathair Iúdach, agus é ag súil le ríocht Dé. |
| 52 |
| Chuaigh sé seo go dtí Píoláit agus dʼiarr corp Íosa air. |
| 53 |
| Ansin thóg sé anuas den chros é, dʼfhill i línéadach é agus chuir i dtuama é a bhí gearrtha sa charraig, nár cuireadh aon duine ann roimhe riamh. |
| 54 |
| Ba é lá an ullmhaithe é, agus an tsabóid ag druidim leo. |
| 55 |
| Agus na mná a bhí tagtha ón nGailíl in éineacht leis, lean said Iósaef agus chonaic siad an tuama agus an socrú a tugadh ar a chorp. |
| 56 |
| Ansin, ar dhul ar ais dóibh, dʼullmhaigh siad spíosraí agus olaí cumhra. Agus sa tsabóid, dʼfhan siad ina gcónaí de réir na haithne. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish2012/luke/023.mp3
24
23