Tiomna Nua 2012
|
| 1 |
| An chéad lá den tseachtain, go lánmhoch ar maidin, tháinig siad go dtí an tuama agus na spíosraí acu a bhí ullmhaithe acu. |
| 2 |
| Fuair siad an chloch iompaithe siar ón tuama; |
| 3 |
| ach ar dhul isteach ann dóibh, ní bhfuair siad corp an Tiarna Íosa. |
| 4 |
| Bhí ceist orthu faoin méid sin, ach lena linn sin bhí beirt fhear ansiúd láimh leo agus éadach dealraitheach orthu. |
| 5 |
| Ghlac na mná bíogadh agus chrom siad a gceann chun na talún, agus dúirt siad-san leo: “Cad a bheir daoibh a bheith ar lorg an bheo i measc na marbh? |
| 6 |
| Níl sé anseo: tá sé éirithe. Tugaigí chun cuimhne mar a labhair sé libh agus é fós sa Ghailíl, |
| 7 |
| mar a dúirt nárbh fholáir Mac an Duine a thabhairt ar láimh do pheacaigh, agus é a chéasadh, agus é a éirí an treas lá.” |
| 8 |
| Agus tháinig a bhriathra chun a gcuimhne. |
| 9 |
| Ar theacht ar ais dóibh ón tuama, dʼinis siad an méid sin uile don aon duine dhéag agus don chuid eile go léir. |
| 10 |
| Ba iad siúd, Máire Mhaigdiléana, agus Ióanna, agus Máire máthair Shéamais. Na mná eile a bhí leo, dúirt siad-san freisin an méid sin leis na haspail. |
| 11 |
| Ach samhlaíodh dóibh sin nach raibh sna ráite úd ach seafóid agus níor chreid siad iad. |
| 12 |
| Chuir Peadar chun siúil, áfach, agus rith sé go dtí an tuama, agus ar chromadh síos dó, ní raibh le feiceáil aige ach na héadaí lín, agus dʼimigh abhaile agus é lán dʼionadh faoin rud a tharla. |
| 13 |
| Agus an lá sin féin, bhí beirt acu ag dul go dtí baile darbh ainm Eamáús a bhí céad staid seascad ó Iarúsailéim, |
| 14 |
| agus bhí siad ag comhrá le chéile faoi na nithe seo uile a bhí tar éis titim amach. |
| 15 |
| Agus sa chomhrá dóibh agus sa chur trí chéile, dhruid Íosa féin leo agus shiúil lena gcois; |
| 16 |
| ach bhí a súile coinnithe chun nach n-aithneoidís é. |
| 17 |
| Dúirt sé leo: “Cad iad na scéala iad seo atá sibh a reic le chéile sa tslí?” Agus stad siad suas agus iad go gruama. |
| 18 |
| Dúirt duine acu leis dá fhreagairt–Cleopas ab ainm dó: “An tusa an t-aon duine amháin atá ag cur fút in Iarúsailéim atá in ainbhios ar na nithe a tharla ann sna laethanta seo?” |
| 19 |
| Dúirt sé leo: “Cad iad na nithe?” Dúirt siad leis: “Mar gheall ar Íosa–Nazairéanach, duine a bhí ina fháidh éifeachtach ó ghníomh agus ó bhriathar i bhfianaise Dé agus an phobail uile; |
| 20 |
| mar a thug ár n-ardsagairt agus ár gcinn urra ar láimh é lena dhaoradh chun báis, agus mar a chéas siad é. |
| 21 |
| Agus sinne ag súil leis gurbh eisean a bhí chun Iosrael a fhuascailt! Ach chomh maith leis an méid sin uile, tá an treas lá inniu ann ó thit na nithe sin amach. |
| 22 |
| Agus go deimhin, tá mná dár muintir tar éis alltacht a chur orainn. Ar dhul go dtí an tuama dóibh go moch ar maidin, |
| 23 |
| nuair nach raibh a chorp le fáil acu ann, tháinig siad agus scéala acu, fiú amháin, gur thaispeáin aingil iad féin dóibh a dúirt go bhfuil sé beo. |
| 24 |
| Chuaigh cuid dár gcompánaigh go dtí an tuama ansin, agus fuair gurbh amhlaidh a bhí mar a dúirt na mná, ach ní fhaca siad é féin.” |
| 25 |
| Ansin dúirt sé féin leo: “A dhaoine gan tuiscint atá dúr ó chroí chun a bhfuil ráite ag na fáithe a chreidiúint! |
| 26 |
| Nárbh fholáir go bhfulaingeodh an Críost na nithe úd chun go dtiocfadh sé isteach ina ghlóir?” |
| 27 |
| Agus ag tosú dó ó Mhaois agus ó na fáithe uile, mhínigh sé dóibh na nithe a bhí sna scrioptúir uile mar gheall air féin. |
| 28 |
| Nuair a bhí siad i ngar don bhaile ar a raibh a dtriall, bhí de chuma air féin go raibh sé ag dul níos faide, |
| 29 |
| agus rinne siad tathant air dá rá: “Fan againn, óir tá sé i mbéal tráthnóna agus an lá siar síos cheana féin.” Chuaigh sé isteach dá réir sin chun fanacht acu. |
| 30 |
| Agus ansin, nuair a bhí sé ag bord in éineacht leo, thóg sé an t-arán agus bheannaigh, bhris sé ansin agus thug dóibh é. |
| 31 |
| Osclaíodh a súile agus dʼaithin siad é; ach chuaigh sé ar neamhní uathu. |
| 32 |
| Agus dúirt siad le chéile: “Nach raibh ár gcroí ar lasadh ionainn le linn dó a bheith ag labhairt linn feadh na slí, agus é ag nochtadh na scrioptúr dúinn?” |
| 33 |
| Chuir siad chun bóthair an uair sin féin agus chuaigh ar ais go hIarúsailéim. Fuair siad an t-aon duine dhéag agus a gcompánaigh bailithe le chéile |
| 34 |
| agus é de scéal acu: “Tá an Tiarna éirithe go deimhin agus chonacthas do Shíomón é.” |
| 35 |
| Agus rinne siad féin ar tharla sa tslí a aithris, agus mar a dʼaithin siad é i mbriseadh an aráin. |
| 36 |
| Le linn na cainte sin dóibh, sheas sé féin ina measc agus dúirt leo: “Síocháin daoibh!” |
| 37 |
| Ghlac siad scéin agus uamhan, dá mheas gur ag féachaint ar spiorad a bhí siad. |
| 38 |
| Ach dúirt sé leo: “Cad é an scanradh atá oraibh, agus cad chuige a bhfuil ceisteanna ag teacht in bhur gcroí! |
| 39 |
| Féachaigí mo lámha agus mo chosa, gur mé féin atá ann. Láimhseálaigí mé, agus tuigigí nach mbíonn feoil ná cnámha ag spiorad mar a fheiceann sibh atá agam-sa.” |
| 40 |
| Á rá sin dó, thaispeáin sé dóibh a lámha agus a chosa. |
| 41 |
| Agus ó bhí siad gan a chreidiúint fós le barr áthais, agus iad ag déanamh ionaidh de, dúirt sé leo: “An bhfuil rud ar bith anseo agaibh a dʼíosfaí?” |
| 42 |
| Thug siad blúire dʼiasc rósta dó. |
| 43 |
| Ghlac sé é agus dʼith ina láthair é. |
| 44 |
| Ansin dúirt sé leo: “Is iad seo na focail a labhair mé libh agus mé fós in bhur gcuideachta: ‘Ní foláir na nithe uile a chomh-líonadh atá scríofa mar gheall orm i ndlí Mhaois agus sna fáithe agus sna sailm.’” |
| 45 |
| Ansin dʼoscail sé a n-aigne chun go dtuigfidís na scrioptúir, |
| 46 |
| agus dúirt sé leo: “Is amhlaidh sin atá scríofa, go bhfulaingeodh an Críost agus go n-éireodh sé ó mhairbh an treas lá, |
| 47 |
| agus go mbeadh aithrí agus maithiúnas peacaí dá bhfógairt ina ainm do na náisiúin uile, ag tosú ó Iarúsailéim. |
| 48 |
| Is finnéithe sibh-se ar na nithe seo. |
| 49 |
| Agus táim féin, féach, chun a chur uaim anuas oraibh an ní a gealladh ag mʼAthair. Ach fanaigí sibh-se sa chathair nó go ngléasfar sibh i gcumhacht ó uachtar Neimhe.” |
| 50 |
| Ansin sheol sé amach iad chomh fada le Béatáine, agus ag ardú a lámh dó, bheannaigh iad. |
| 51 |
| Agus le linn dó iad a bheannú, scar sé leo agus tógadh suas ar neamh é. |
| 52 |
| Agus tar éis dóibh umhlú dó, chuaigh siad ar ais go hIarúsailéim agus áthas mór orthu, |
| 53 |
| agus bhídís sa Teampall de ghnáth ag moladh agus ag beannú Dé. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish2012/luke/024.mp3
24
24