Tiomna Nua 1970
|
| 1 |
| “Is fíor atá, is fíor mo rá, an té nach dtéann isteach ar dhoras na banraí ach ag dreapadh suas inti bealach eile, bithiúnach bradach é an fear sin; |
| 2 |
| ach an té a théas isteach ar an doras is é aoire ceart na gcaorach é. |
| 3 |
| Is roimhe a osclaíos an doirseoir; tugann na caoirigh cluas orthu féin leis, agus gaireann sé ina n‑ainmneacha ar a chuid caorach féin, agus seolann sé amach iad. |
| 4 |
| Nuair a bhíos a chuid caorach féin tugtha amach aige, siúlann sé rompu amach agus bíonn na caoirigh á leanúint, mar aithníonn siad glór a chinn. |
| 5 |
| Ni leanfaidh siad coimhthíoch, ach ag teitheadh uaidh, ó nach n‑aithnionn siad glór coimhthíoch.” |
| 6 |
| Bhí an tsamhlaoid seo ag Íosa leo, ach níor thuig siad cad é a bhí sé a rá leo. |
| 7 |
| Dúirt Íosa leo arís mar sin, “Is fíor atá, is fíor mo rá, is mise doras na gcaorach. |
| 8 |
| Lucht bradaíola agus bithiúntais a bhí inar tháinig romham; ach ní raibh aire ag na caoirigh orthu. |
| 9 |
| Is mise an doras; más tríomsa a thagas fear isteach, slánófar é, agus é ag teacht agus ag imeacht agus ag innilt. |
| 10 |
| Ní thagann an gadaí ach le bheith ag bradaíl agus ag marú agus ag milleadh; tháinig mise le beatha a bheith acu, agus í a bheith acu go fairsing. |
| 11 |
| Is mé an dea-aoire. Tugann an dea-aoire a anam ar son na gcaorach. |
| 12 |
| An té nach bhfuil ina aoire ach ar fostú, nach leis iad na caoirigh, tréigeann sé na caoirigh agus teitheann sé leis nuair a fheiceas sé an mactíre ag teacht; agus beireann an mactíre orthu agus scaipeann sé iad. |
| 13 |
| Teitheann sé ó bíonn sé ar fostú gan suim ná spéis a bheith aige sna caoirigh. |
| 14 |
| Is mise an dea-aoire; bíonn aithne agam ar mo chuid féin agus aithne acu orm, |
| 15 |
| mar a bhíonn aithne ag an Athair orm agus agam ar an Athair; agus tugaim mʼanam ar son na gcaorach. |
| 16 |
| Agus tá caoirigh eile agam, nach den bhanrach seo iad; caithfidh mé iad a thabhairt liom freisin, agus tabharfaidh siad cluas do mo ghlór. Mar sin ní bheidh ann ach an t‑aon tréad amháin agus an t‑aon aoire amháin. |
| 17 |
| Is as seo a bhíos grá ag an Athair dom, go dtugaim uaim mʼanam, lena ghlacadh chugam. |
| 18 |
| Ní ghlacann duine ar bith uaim é, is de mo dheoin féin a thugaim uaim é. Tá cumhacht agam lena thabhairt uaim, agus tá cumhacht agam lena ghlacadh chugam arís; is é sin an ní a thaobhaigh mʼAthair liom.” |
| 19 |
| Bhí easaontas arís ann i measc na nGiúdach faoi na briathra sin aige. |
| 20 |
| Dúirt mórán acu, “Tá deamhan ina chorp, agus tá sé as a chúrsa; cad chuige bheith ag éisteacht leis?” |
| 21 |
| Dúirt dream eile, “Ní hiad seo ráite duine a mbeadh deamhan ann. An bhféadfadh deamhan súile an daill a oscailt?” |
| 22 |
| Ba í féile an Choisreacain í in Iarúsailéim; |
| 23 |
| ba é an geimhreadh é, agus bhí Íosa ag siúl sa teampall, i gcolonáid Sholaimh. |
| 24 |
| Bhailigh na Giúdaigh mar sin ina thimpeall agus dúirt siad leis, “Cá fhad a bheimid idir dhá chomhairle agat? Más tú an Críost, inis dúinn go soiléir é.” |
| 25 |
| Ba é freagra Íosa orthu, “Dʼinis mé daoibh, agus ní chreideann sibh uaim é. Na hoibreacha a bhíos á ndéanamh agam in ainm mʼAthar, is iad a thugas fianaise i mo thaobh; |
| 26 |
| ach ní chreideann sibhse ó nach de mo chaoirigh sibh. |
| 27 |
| Éisteann mo chaoirigh le mo ghlór, agus bíonn aithne agam orthu, agus leanann siad mé; |
| 28 |
| agus tugaim an bheatha shíoraí dóibh, agus ní chaillfear iad agus ní fhuadóidh aon duine iad as mo láimh. |
| 29 |
| Níl an té ann is mó cumhacht ná mʼAthair atá i ndiaidh iad a thabhairt dom, agus níl duine ann a dʼfhéadfadh a sciobadh as láimh mʼAtharsa. |
| 30 |
| Tá mise agus an tAthair inár n‑aon.” |
| 31 |
| Thóg na Giúdaigh clocha arís lena gcaitheamh leis. |
| 32 |
| Thug losa freagra orthu, “Tá mórán dea-oibreacha taispeánta agam daoibh ón Athair; cé acu a thug oraibh bás a imirt orm leis na clocha seo?” |
| 33 |
| Dʼfhreagair na Giúdaigh, “Ní faoi dhea-oibreacha atáimid le bás a imirt ort le clocha ach faoi dhiamhasla; faoi tusa a bheith ag maíomh gur tú Dia agus tú i do dhuine.” |
| 34 |
| Dʼfhreagair Íosa iad, “Nach bhfuil scríofa sa dlí is agaibhse, ‘Dúirt mé, is déithe sibh?’ |
| 35 |
| Más rud é gur tugadh déithe ar dhaoine ar tháinig briathar Dé chucu (agus ní féidir an scrioptúr a chur ar ceal), |
| 36 |
| an féidir libh a rá leis an té ar naomhaigh an tAthair é agus ar chuir sé isteach sa domhan é, ‘Tá tú ag caitheamh masla ar Dhia,’ as mé á rá gur mé Mac Dé? |
| 37 |
| Mura mbím ag déanamh oibreacha mʼAthar, a chead agaibh amhras a chur ionam; |
| 38 |
| ach má bhíonn siad á ndéanamh agam, mura gcreideann sibh ionamsa, creidigí do na hoibreacha, ionas go n‑aithní sibh agus go dtuige sibh go bhfuil an tAthair ionam, agus mise san Athair.” |
| 39 |
| Thug siad iarraidh ar é a ghabháil athuair, ach dʼéalaigh sé as a lámha. |
| 40 |
| Dʼimigh sé leis arís anonn thar an Iornán go dtí an áit a mbíodh Eoin ag baisteadh ar dtús, agus dʼfhan sé ansin. |
| 41 |
| Agus tháinig mórán chuige; agus dúirt siad, “Ní dhearna Eoin aon chomhartha, ach tá a ndúirt Eoin i dtaobh an fhir seo uile go léir fíor.” |
| 42 |
| Agus chreid mórán ann ansin. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish1970/john/010.mp3
21
10