Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| Dúirt Íosa an chaint sin agus ar thógáil a shúl chun na bhflaitheas dúirt sé: «A Athair, tá an uair tagtha. Tabhair glóir do do Mhac, ionas go dtabharfadh do Mhac glóir duit: |
| 2 |
| faoi mar a thug tú cumhacht dó ar an uile dhuine, ionas, gach duine a thug tú dó, go dtabharfaidh sé an bheatha shíoraí dóibh. |
| 3 |
| Is í seo an bheatha shíoraí: iad a chur aithne ortsa, an t-aon Dia fírinneach amháin, agus ar Íosa Críost, a chuir tú uait. |
| 4 |
| Thug mise glóir duit ar talamh; tá an obair déanta agam a thug tú dom le déanamh. |
| 5 |
| Agus anois mar sin, a Athair, tabhair-sé glóir domsa i do láthair leis an nglóir chéanna a bhí agam i do láthair, sula raibh an domhan ann. |
| 6 |
| D' fhoilsigh mé d' ainm do na daoine a thug tú dom as an saol; ba leatsa iad, agus thug tú domsa iad, agus tá do bhriathar coinnithe acu. |
| 7 |
| Tá a fhios acu anois gur uaitse, gach ní dár thug tú dom; |
| 8 |
| óir na briathra a thug tú dom, thug mé dóibh iad, agus ghlac siad iad agus thuig siad go fíor gur uaitse a tháinig mé, agus chreid siad gur tú a chuir uait mé. |
| 9 |
| Ar a son atáim ag guí; ní ar son an tsaoil atáim ag guí ach ar son na muintire a thug tú dom, mar is leatsa iad. |
| 10 |
| Leatsa gach ní is liomsa agus liomsa gach ní is leatsa, agus tá glóir faighte agam iontu. |
| 11 |
| Nílim ar an saol feasta ach tá siadsan ar an saol agus táim ag dul ag triall ortsa. A Athair naofa coinnigh iad i d' ainm an t-ainm a chuir tú faoi mo chúram, ionas go mba aon iad faoi mar is aon sinne. |
| 12 |
| Fad a bhí mé faru, choinnigh mé iad i d' ainm an t-ainm a chuir tú faoi mo chúram, agus thug mé aire dóibh, agus níor imigh íde ar aon duine acu, ach ar mhac na híde, ionas go gcomhlíonfaí an scrioptúr. |
| 13 |
| Ach anois táim ag teacht ag triall ort, agus tá an chaint seo á rá agam ar an saol, ionas go mbeadh an lúcháir is liomsa go hiomlán acu iontu féin. |
| 14 |
| Thug mé dóibh do bhriathar, agus thug an saol fuath dóibh, óir ní den saol iad, faoi mar nach den saol mise. |
| 15 |
| Nílim á ghuí go dtógfá as an saol iad, ach go gcoinneofá ón Olc iad. |
| 16 |
| Ní den saol iad, faoi mar nach den saol mise. |
| 17 |
| Déan iad a naomhú san fhírinne. Is fírinne do bhriathar. |
| 18 |
| Faoi mar a chuir tusa mise uait isteach sa saol, chuir mise iadsan isteach sa saol. |
| 19 |
| Naomhaím mé féin ar a son, ionas go mbeidh siadsan, chomh maith, naomhaithe san fhírinne. |
| 20 |
| Ní ar a son-san amháin atáim ag guí, ach, mar an gcéanna, ar son na ndaoine a chreidfidh ionam trína mbriathar; |
| 21 |
| ionas go mba aon iad go léir, faoi mar atá tusa, a Athair, ionamsa agus mise ionatsa; go mbeidís seo ina n-aon ionainn i dtreo go gcreidfidh an saol gur chuir tú uait mé. |
| 22 |
| Agus an ghlóir a thug tú dom, thug mise dóibhsean é, ionas go mba aon iad faoi mar is aon sinne; |
| 23 |
| mise iontu-san, agus tusa ionam-sa, ionas go mba aon iad go foirfe, agus go mbeadh a fhios ag an saol gur chuir tú uait mé, agus gur thug tú grá dóibh seo faoi mar a thug tú grá domsa. |
| 24 |
| A Athair, an mhuintir a thug tú dom, is mian liom, an áit ina bhfuilimse, iadsan a bheith ann mar aon liom, ionas go bhfeicfidh siad mo ghlóir, an ghlóir a thug tú dom; mar gur thug tú grá dom roimh chruthú an domhain. |
| 25 |
| A Athair na córa, ní raibh aithne ag an saol ort; ach bhí aithne agamsa ort, agus bhí a fhios acu seo gur chuir tú uait mé. |
| 26 |
| Agus thug mé dóibh, agus tabharfaidh, eolas ar d' ainm, ionas, an grá a thug tú dom, go mbeadh sé iontu seo, agus mise iontu.» |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/john/017.mp3
21
17