Tiomna Nua 2012
|
| 1 |
| Ansin ghabh Píoláit Íosa agus sciúrsáil sé é. |
| 2 |
| Agus rinne na saighdiúirí coróin a fhí de dheilgneach agus í a bhualadh ar a cheann. Ansin ghléas siad faoi bhrat corcra é, |
| 3 |
| agus ag teacht dóibh ina ghar, deiridís: “Is é do bheatha, a rí na nGiúdach!” agus bhuail siad lena mbosa é. |
| 4 |
| Chuaigh Píoláit amach arís agus dúirt sé leo: “Féach, táim dá thabhairt amach chugaibh, chun go mbeidh a fhios agaibh nach bhfaighim cúis daortha ann.” |
| 5 |
| Tháinig Íosa amach ansin, an choróin dheilgneach air agus an brat corcra, agus dúirt Píoláit leo: “Siúd é an duine!” |
| 6 |
| Nuair a chonaic uachtaráin na sagart agus a muintir é, scread siad amach: “Céas é! Céas é!” Dúirt Píoláit leo: “Tógaigí sibh-se é agus céasaigí é, óir ní fhaighimse cúis daortha ann.” |
| 7 |
| Dʼfhreagair na Giúdaigh é: “Tá dlí againne, agus, de réir an dlí sin, tá dʼfhiacha air bás a fháil mar go ndearna sé Mac Dé de féin.” |
| 8 |
| Nuair a chuala Píoláit an chaint sin, ba mhó ná riamh a eagla. |
| 9 |
| Chuaigh sé isteach sa Phréatóiriam arís agus dúirt le hÍosa: “Cad as duit?” Ach níor thug Íosa aon fhreagra air. |
| 10 |
| Dúirt Píoláit leis ansin: “An ea nach labhróidh tú liom? Nach bhfuil a fhios agat go bhfuil ar mo chumas thú a chéasadh agus go bhfuil ar mo chumas thú a scaoileadh saor?” |
| 11 |
| Dʼfhreagair Íosa: “Ní bheadh cumas ar bith agat orm mura mbeadh é dá thabhairt duit ó lastuas. Agus dá bhrí sin, an té a thug ar láimh duit mé, is mó an peaca atá air.” |
| 12 |
| Agus as sin amach bhí Píoláit ag iarraidh é a scaoileadh. Ach chuir na Giúdaigh na gártha suas: “Má scaoileann tú an duine seo saor,” ar siad, “ní cara do Chaesar thú; gach duine a dhéanann rí de féin, ag cur in aghaidh Chaesair a bhíonn.” |
| 13 |
| Nuair a chuala Píoláit na focail sin, sheol sé Íosa amach agus chuaigh féin ina shuí breithimh, san áit ar a dtugtar ‘an Chúirt Phábháilte’–‘Gabata’ atá san Eabhrais air. |
| 14 |
| Ba é lá an ullmhaithe don Cháisc é, timpeall an séú huair. Dúirt sé leis na Giúdaigh: “Féach, sin é bhur rí!” |
| 15 |
| Ach chuir siad na gártha suas: “Beir uainn é! Beir uainn é! Céas é!” Dúirt Píoláit leo: “An amhlaidh a chéasfaidh mé bhur rí?” Dʼfhreagair uachtaráin na sagart: “Níl de rí againne ach Caesar.” |
| 16 |
| Ansin thug sé suas dóibh é chun a chéasta. |
| 17 |
| Rug siad Íosa leo. Rinne sé féin an chros a iompar, agus ghabh sé amach go dtí Áit an Chloiginn–a dtugtar ‘Golgatá’ san Eabhrais air. |
| 18 |
| Chéas siad é ansiúd agus beirt eile in éineacht leis, duine ar gach taobh, agus Íosa i lár baill. |
| 19 |
| Scríobh Píoláit fógra le cur ar an gcros, agus ba é an fógra: “Íosa ó Nazarat, rí na nGiúdach.” |
| 20 |
| Léigh mórán de na Giúdaigh an fógra sin, mar ba ghearr ón gcathair an áit inar céasadh Íosa agus bhí an scríbhinn in Eabhrais, i nGréigis agus i Laidin. |
| 21 |
| Dúirt ardsagairt na nGiúdach le Píoláit: “Ná scríobh, ‘rí na nGiúdach’, ach, ‘dúirt sé seo: Is mé rí na nGiúdach.’” |
| 22 |
| Dʼfhreagair Píoláit: “An rud atá scríofa agam, tá sé scríofa.” |
| 23 |
| Nuair a bhí na saighdiúirí tar éis Íosa a chéasadh, thóg siad a chuid éadaigh agus rinne siad ceithre sciar díobh–sciar don saighdiúir acu–agus an t-ionar. Ní raibh uaim ar bith san ionar, ach é fite slan ó bharr anuas. |
| 24 |
| Mar sin, dúirt siad le chéile: “Ná stróicimis é, ach é a chur ar chrainn cé aige go mbeidh sé”–chun go gcomhlíonfaí an scrioptúr a deir: “Roinn siad mo chuid éadaigh eatarthu, agus chuir siad ar chrainn mo chulaith.” Rinne na saighdiúirí an méid sin. |
| 25 |
| Bhí ina seasamh le hais chros Íosa, a mháthair, agus deirfiúr a mháthar, Máire Chlópas, agus Máire Mhaigdiléana. |
| 26 |
| Nuair a chonaic Íosa a mháthair agus an deisceabal a ghráigh sé ina sheasamh lena hais, dúirt sé lena mháthair: “A bhean, sin é do mhac.” |
| 27 |
| Ansin dúirt sé leis an deisceabal: “Sin í do mháthair.” Agus ón uair sin amach ghlac an deisceabal isteach ina bhaile féin í. |
| 28 |
| Tar éis an méid sin, ó bhí a fhios ag Íosa go raibh gach ní déanta feasta, chun go gcomhlíonfaí an scrioptúr, dúirt sé: “Tá tart orm.” |
| 29 |
| Bhí soitheach ansiúd lán dʼfhínéagar. Thum siad spúinse san fhínéagar agus chuir siad ar bharr craoibhe íosóipe é, agus chuir siad chun a bhéil é. |
| 30 |
| Tar éis dó an fínéagar a ghlacadh dúirt Íosa. “Tá sé curtha i gcríoch.” Chrom sé a cheann agus thug uaidh a spiorad. |
| 31 |
| Ba é lá an ullmhaithe é, agus ionas nach bhfanfadh na coirp ar chros le linn na sabóide–óir ba lá mór sollúnta an tsabóid sin–rinne siad achainí ar Phíoláit go ndéanfaí na lorgaí a bhriseadh agus na coirp a chartadh as an tslí. |
| 32 |
| Mar sin tháinig na saighdiúirí agus bhris siad lorgaí an chéad duine agus an duine eile a céasadh mar aon leis. |
| 33 |
| Ar theacht dóibh go dtí Íosa, áfach, ó chonaic siad go raibh sé marbh cheana féin, níor bhris siad a lorgaí, |
| 34 |
| ach rinne duine de na saighdiúirí a chliathán a tholladh le sleá, agus tháinig fuil agus uisce amach as láithreach. |
| 35 |
| Agus an té a chonaic is aige atá fianaise tugtha air, agus is fíor í an fhianaise, agus tá a fhios aige-sean gur fíor a ndeir sé, chun go gcreidfeadh sibh-se chomh maith. |
| 36 |
| Óir tharla an méid sin chun go gcomhlíonfaí an scrioptúr: “Aon chnámh ann ní bhrisfear.” |
| 37 |
| Agus tá scrioptúr eile a deir: “Breathnóidh siad ar an té a tholl siad.” |
| 38 |
| Ina dhiaidh sin dʼiarr Iósaef ó Aramatáia cead ar Phíoláit–ba dheisceabal dʼÍosa é; os íseal, áfach, ar eagla na nGiúdach–dʼiarr sé corp Íosa a bhreith leis, agus thug Píoláit an cead. |
| 39 |
| Tháinig sé mar sin agus thóg sé an corp. Niocadaemas freisin–é siúd a tháinig san oíche chuige ar dtús–tháinig sé agus meascán miorr agus aló aige, timpeall céad punt meáchain. |
| 40 |
| Thóg siad corp Íosa dá bhrí sin agus rinne siad é a chuachadh i línéadaí maille le spíosraí, de réir nós adhlactha na nGiúdach. |
| 41 |
| San áit inar céasadh Íosa bhí gairdín, agus sa ghairdín sin bhí tuama nua nár cuireadh aon duine ann riamh roimhe. |
| 42 |
| Is ansiúd a chuir siad Íosa, de bhrí gurbh é lá ullmhaithe na nGiúdach é, agus ó bhí an tuama in aice láimhe. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish2012/john/019.mp3
21
19