Dúirt an Samárach mná leis ansin: «Conas go n-iarrann tusa, agus gur Giúdach thú, deoch ormsa agus gur Samárach mná mé?» Ní bhíonn aon chaidreamh ag Giúdaigh ar Shamáraigh.
D' fhreagair Íosa: «Dá mba eol duit tabhartas Dé,» ar sé léi,
«agus cé hé a deir leat: 'Tabhair dom deoch,' is tusa a bheadh ag iarraidh airsean, agus thabharfadh sé duit uisce beo.»
Ach má olann aon duine an t-uisce a thabharfaidh mise dó, ní bheidh tart air go brách na breithe. Ach an t-uisce a thabharfaidh mise dó, déanfaidh tobar uisce de istigh ann, ag brúchtaíl chun na beathn síoraí.»
Dúirt an bhean leis: «A dhuine uasail, tabhair dom an t-uisce sin i dtreo nach mbeidh tart orm choíche, agus nach gcaithfidh mé teacht anseo ag tarraingt uisce.»
Dúirt Íosa léi:
«Creid uaimse é, a bhean go bhfuil an uain ag teacht nuair nach ar an gcnoc seo ná in Iarúsailéim a dhéanfaidh sibh an tAthair a adhradh.
Ach tá an uain ag teacht, agus is anois féin é, ina ndéanfaidh lucht an fhíoradhartha an tAthair a adhradh sa Spiorad agus san fhírinne; óir sin iad an sórt is mian leis an Athair á adhradh.
Dúirt an bhean leis: «Tá a fhios agam go bhfuil an Meisias ag teacht» is é sin le rá an Críost «agus nuair a thiocfaidh seisean inseoidh sé gach aon ní dúinn.»
Lena linn sin tháinig a dheisceabail agus rinne siad ionadh de go raibh sé ag caint le bean. Ní dúirt aon duine acu, áfach: «Cad tá uait?» ná «Cén fáth tú a bheith ag caint léi?»
Nach ndeir sibhse ' Ceithre mhí eile agus beidh an fómhar ann'? Seo mise á rá libh: Tógaigí bhur súile agus féachaigí ar na goirt; tá siad geal chun an fhómhair.
Tá a thuarastal á fháil ag an mbuanaí cheana féin, agus tá toradh á bhailiú aige chun na beatha síoraí, i dtreo go bhfuil lúcháir ar an síoladóir agus ar an mbuanaí in éineacht.
agus deiridís leis an mbean: «Ní mar gheall ar do chuid cainte a chreidimid a thuilleadh; óir chualamar féin é agus tá a fhios againn gurb é seo dáiríre Slánaitheoir an domhain.»
Ach ar theacht don Ghailíl dó dá bhrí sin ghlac muintir na Gailíle é de bhrí go bhfaca siad na nithe go léir a rinne sé in Iarúsailéim lá na féile mar chuaigh siad féin ar an bhféile chomh maith.
Ar a chloisteáil dó go raibh Íosa tar éis teacht ó Iúdáia go dtí an Ghailíl, chuaigh an fear seo ag triall air agus d' iarr air teacht anuas agus a mhac a leigheas mar bhí sé le hucht báis.