Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| Ina dhiaidh sin d' imigh Íosa anonn thar farraige na Gailíle, is é sin, farraige Thibirias. |
| 2 |
| Lean slua mór é mar chonaic siad na comharthaí a bhí sé a dhéanamh ar lucht tinnis. |
| 3 |
| Ghabh Íosa an sliabh suas agus shuigh ansiúd in éineacht lena dheisceabail. |
| 4 |
| Bhí féile na nGiúdach, an Cháisc, in achmaireacht. |
| 5 |
| Nuair a d' ardaigh Íosa a shúile, mar sin, agus nuair a chonaic go raibh slua mór ag teacht chuige, dúirt sé le Pilib: «Cá gceannóimid arán chun go mbeadh bia acu seo?» |
| 6 |
| Ag baint trialach as a dúirt sé é sin, mar bhí a fhios aige féin cad a bhí sé chun a dhéanamh. |
| 7 |
| D' fhreagair Pilib é: «Níor leor luach dhá chéad déanar d' arán chun go mbeadh greim an duine acu.» |
| 8 |
| Dúirt duine dá dheisceabail leis ba é Aindrias é, deartháir Shíomóin Peadar: |
| 9 |
| «Tá ógánach anseo a bhfuil cúig builíní eorna aige, agus dhá iasc, ach cá rachadh an méid sin ar oiread daoine?» |
| 10 |
| Dúirt Íosa: «Cuirigí na daoine ina suí» bhí mórán féir san áit. Shuigh siad síos mar sin, timpeall cúig mhíle duine. |
| 11 |
| Agus thóg Íosa na builíní, d' altaigh, agus roinn iad ar na daoine agus iad ina suí; agus mar an gcéanna oiread agus a b' áil leo de na héisc. |
| 12 |
| Nuair a bhí siad sách, dúirt sé lena dheisceabail: «Bailígí an bruscar fuíligh chun nach rachadh aon ní amú.» |
| 13 |
| Bhailigh siad ansin lán dhá chiseán déag de bhruscar as na cúig builíní eorna, a d' fhág na daoine a fuair an béile. |
| 14 |
| Nuair a chonaic na daoine, mar sin, cad é mar chomhartha a bhí déanta ag Íosa, dúirt siad: «Is é seo go dearfa an fáidh atá le teacht ar an saol.» |
| 15 |
| Agus ó bhí a fhios ag Íosa go raibh ar aigne acu teacht á fhuadach chun rí a dhéanamh de, chuaigh sé i leataobh arís faoin sliabh ina aonar. |
| 16 |
| Nuair a bhí an tráthnóna ann chuaigh a dheisceabail síos chun na farraige, |
| 17 |
| agus ar dhul ar bord loinge dóibh chuaigh siad trasna na farraige i dtreo Chafarnáum. Bhí an dorchacht ann feasta agus ní raibh Íosa tagtha chucu fós. |
| 18 |
| Bhí gaoth mhór ag séideadh agus d' éirigh suaitheadh ar an bhfarraige. |
| 19 |
| Nuair a bhí cúig nó deich staid fichead d' fharraige curtha díobh acu, chonaic siad Íosa ag siúl ar an bhfarraige agus é ag teacht i gcóngar na loinge; agus tháinig scanradh orthu. |
| 20 |
| Ach dúirt sé leo: «Mise atá ann. Ná bíodh eagla oraibh.» |
| 21 |
| B' áil leo ansin é thógáil isteach sa long, agus bhí an long gan aon mhoill ag an talamh mar a raibh siad ag dul. |
| 22 |
| Lá arna mhárach chonaic an slua a d' fhan ar an taobh thall den fharraige nach raibh aon long eile ann ach an t-aon long amháin agus nach ndeachaigh Íosa sa long lena dheisceabail ach gur imigh a dheisceabail leo féin. |
| 23 |
| Tháinig, áfach, longa eile ó Thibirias isteach in aice na háite inar caitheadh an bia tar éis altú an Tiarna. |
| 24 |
| Nuair a chonaic an slua mar sin nach raibh Íosa ná a dheisceabail san áit, chuaigh siad ar bord na long agus tháinig siad go Cafarnáum ar lorg Íosa. |
| 25 |
| Nuair a fuair siad é taobh thall den fharraige dúirt siad leis: «A raibí, cén uair a tháinig tú anseo?» |
| 26 |
| D' fhreagair Íosa: «Amen, Amen, a deirim libh, tá sibh ar mo lorg, agus ní de bhrí go bhfaca sibh comharthaí ach de bhrí gur ith sibh na builíní agus go bhfuair sibh bhur sáith. |
| 27 |
| Ná saothraigí an bia a théann amú, ach saothraigí an bia a mhaireann chun na beatha síoraí, é siúd a thabharfaidh Mac an Duine daoibh. Óir is air sin a chuir Dia an tAthair a shéala.» |
| 28 |
| Dúirt siad leis ansin: «Cad tá le déanamh againn ionas go ndéanfaimis oibreacha Dé?» |
| 29 |
| D' fhreagair Íosa: «Is í seo obair Dé,» ar sé leo, «go gcreidfeadh sibh sa té a chuir sé uaidh.» |
| 30 |
| Dúirt siad leis: «Cén comhartha mar sin atá tú a dhéanamh ionas go bhfeicfimis é agus go gcreidfimis ionat? Cad atá tú a dhéanamh? |
| 31 |
| D' ith ár n-aithreacha manna san fhásach faoi mar atá scríofa: 'Thug sé arán ó neamh dóibh le hithe.'» |
| 32 |
| Dúirt Íosa leo ansin: «Amen, Amen, a deirim libh, ní hé Maois a thug an t-arán ó neamh daoibh, ach is é m' Athair a thugann an t-arán ó neamh daoibh, an t-arán fírinneach. |
| 33 |
| Óir is é arán Dé an té a thagann anuas ó neamh agus a thugann beatha don domhan.» |
| 34 |
| «A dhuine uasail,» ar siad ansin leis, «tabhair dúinn an t-arán sin i gcónaí.» Dúirt Íosa leo: |
| 35 |
| «Mise arán na beatha, an té a thagann chugamsa ní bheidh ocras air choíche, agus an té a chreideann ionamsa ní bheidh tart air choíche. |
| 36 |
| Ach dúirt mé libh go bhfaca sibh mé agus nach gcreideann sibh. |
| 37 |
| Gach a dtugann an tAthair dom tiocfaidh sé chugam, agus an té a thagann chugam ní chaithfidh mé amach é. |
| 38 |
| Óir tháinig mé anuas ó neamh ní chun go ndéanfainn mo thoil féin ach toil an té a chuir uaidh mé. |
| 39 |
| Agus is é seo toil an Athar a chuir uaidh mé, nach gcaillfinn aon chuid dár thug sé dom, ach go dtógfainn suas é an lá deireanach. |
| 40 |
| Óir is é seo is toil leis an Athair a chuir uaidh mé, gach duine a fheiceann an Mac agus a chreideann ann, go mbeadh an bheatha shíoraí aige, agus tógfaidh mé suas é an lá deireanach.» |
| 41 |
| Thosaigh na Giúdaigh ansin ag cnáimhseáil mar gheall air go ndúirt sé: «Is mise an t-arán a tháinig anuas ó neamh.» |
| 42 |
| «Nach é seo,» a deiridís, «Íosa mac Iósaef a bhfuil aithne againn ar a athair agus ar a mháthair? Cén chaoi is féidir leis a rá: 'Tháinig mé anuas ó neamh'?» |
| 43 |
| D' fhreagair Íosa: «Ná bígí ag cnáimhseáil eadraibh féin,» ar sé. |
| 44 |
| «Ní féidir d' aon duine teacht chugam, gan an tAthair a chuir uaidh mé á tharraingt, agus tógfaidh mise suas é an lá deireanach. |
| 45 |
| Tá sé scríofa sna fáithe: ' Beidh siad go léir á dteagasc ag Dia.' An té a chluineann teagasc an Athar, agus a fhoghlaimíonn, tagann sé chugamsa. |
| 46 |
| Ní hé go bhfaca aon duine an tAthair; ach an té atá tagtha ón Athair, chonaic seisean an tAthair. |
| 47 |
| Amen, Amen, a deirim libh, an té a chreideann, tá an bheatha shíoraí aige. |
| 48 |
| Mise arán na beatha. |
| 49 |
| D' ith bhur n-aithreacha manna san fhásach agus fuair siad bás. |
| 50 |
| Is é seo an t-arán a thagann anuas ó neamh, i dtreo má itheann duine é nach bhfaighidh sé bás. |
| 51 |
| Is mise an t-arán beo a tháinig anuas ó neamh. Má itheann duine an t-arán seo mairfidh sé go deo, agus an t-arán a thabharfaidh mé uaim is é m' fheoil é [a thabharfar] ar son bheatha an domhain.» |
| 52 |
| Bhí na Giúdaigh ansin ag aighneas le chéile á rá: «Conas is féidir don duine seo a fheoil a thabhairt dúinn le hithe?» |
| 53 |
| Dúirt Íosa leo: «Amen, Amen, a deirim libh, mura n-íosfaidh sibh feoil Mhac an Duine, agus a chuid fola a ól, ní bheidh beatha agaibh ionaibh. |
| 54 |
| An té a itheann m' fheoil agus a olann m' fhuil, tá an bheatha shíoraí aige, agus tógfaidh mé suas é an lá deireanach. |
| 55 |
| Is bia go fíor mo chuid feola agus is deoch go fíor mo chuid fola. |
| 56 |
| An té a itheann m' fheoil agus a ólann m' fhuil cónaíonn sé ionamsa agus cónaímse ann. |
| 57 |
| Amhail mar a chuir an tAthair beo mise uaidh, agus mar is beo mise tríd an Athair, mar an gcéanna, an té a itheann mise, mairfidh sé tríom. |
| 58 |
| Is é seo an t-arán a tháinig anuas ó neamh. Ní ionann is an manna ar ith bhur n-aithreacha é agus go bhfuil siad marbh; an té a itheann an t-arán seo, mairfidh sé go deo.» |
| 59 |
| Dúirt sé na nithe seo i gCafarnáum agus é ag teagasc sa tsionagóg. |
| 60 |
| Ar gclos na cainte dá lán dá dheisceabail dúirt siad: «Is crua an chaint í seo, agus cé a d' fhéadfadh éisteacht léi?» |
| 61 |
| Bhí a fhios ag Íosa ann féin go raibh a dheisceabail ag cnáimhseáil ina thaobh seo agus dúirt sé leo: «An bhfuil an méid seo ina cheap tuisle agaibh? |
| 62 |
| Ach cad é má fheiceann sibh Mac an Duine ag dul suas mar a raibh sé cheana? |
| 63 |
| Is é an spiorad a dhéanann beoú, ní dhéanann an fheoil aon tairbhe. Na focail atá ráite agam libh, is spiorad agus is beatha iad. |
| 64 |
| Ach tá cuid agaibh nach gcreideann.» Óir bhí a fhios ag Íosa ó thús cérbh iad nár chreid agus cé a bhí ar tí é a bhrath. |
| 65 |
| Lean sé air: «Uime sin is ea a dúirt mé libh nach féidir d' aon duine teacht chugam gan sin a bheith tugtha dó ag m' Athair.» |
| 66 |
| Ansin tharraing a lán dá dheisceabail siar agus ní théidís timpeall lena chois a thuilleadh. |
| 67 |
| Dúirt Íosa dá bhrí sin leis an dáréag: «Cad mar gheall oraibhse, an mian libhse freisin imeacht?» |
| 68 |
| D' fhreagair Síomón Peadar é: «A Thiarna, cé chuige a rachamaid? Is agatsa atá briathra na beatha síoraí, |
| 69 |
| agus chreideamar agus tá a fhios againn gur tusa Neach Naofa Dé.» |
| 70 |
| D' fhreagair Íosa iad: «Nach ndearna mé, sibhse, an dáréag agaibh, a thoghadh? Agus is diabhal duine agaibh.» |
| 71 |
| Is ar Iúdás mac Shíomóin ó Isceiriót a bhí sé ag caint; óir bhí seisean chun é a bhrath agus gur dhuine den dáréag é. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/john/006.mp3
21
6