Dúirt siad an chaint sin á phromhadh, chun go mbeadh rud éigin acu le cur ina leith. Ach chrom Íosa síos agus thosaigh sé ag scríobh lena mhéar ar an talamh.
Ós rud é nach ndeachaigh aon stad orthu ach á cheistiú, d' éirigh sé suas agus dúirt leo: «An duine agaibh atá gan pheaca, bíodh sé ar an gcéad duine ag caitheamh clocha léi.»
Arna chlos sin dóibh d' imigh siad leo ina nduine is ina nduine ag tosú leis na seanóirí, agus ag dul síos go dtí deireadh; agus fágadh Íosa ina aonar agus an bhean ina seasamh i lár baill.
Labhair Íosa leo arís más ea: «Is mise,» ar sé,
«solas an tsaoil. An té a leanfaidh mise, ní shiúlfaidh sé sa dorchacht, ach beidh aige solas na beatha.»
D' fhreagair Íosa:
«Cé go bhfuil mé ag tabhairt fianaise i mo thaobh féin, is iontaofa í m' fhianaise, óir is eol dom cad as ar tháinig mé agus cá bhfuil mo thriall. Ach ní eol daoibhse cad as ar tháinig mé nó cá bhfuil mo thriall.
Dúirt siad leis ansin: «Cá bhfuil d' Athair?» D' fhreagair Íosa:
«Níl aithne agaibh ormsa ná ar m' Athair. Dá mbeadh aithne agaibh ormsa, bheadh aithne agaibh ar m' Athair chomh maith.»
Dúirt Íosa leo arís:
«Tá mé ag imeacht agus beidh sibh ar mo lorg, agus gheobhaidh sibh bás in bhur bpeaca. An áit ina bhfuilim ag dul, ní féidir daoibhse teacht.»
Chrom na Giúdaigh dá bhrí sin ar á rá: «An amhlaidh go maróidh sé é féin ós rud é go ndúirt sé: 'An áit ina bhfuilimse ag dul, ní féidir daoibhse teacht ann'?»
Tá a lán agam le rá agus le cáineadh agam in bhur dtaobh. Ach is fíor é an té a chuir uaidh mé agus na nithe a chuala mé uaidh is iad a labhraím sa saol.»
«Nuair a thógfaidh sibh in airde Mac an Duine, ansin beidh a fhios agaibh gur mise é, agus nach ndéanaim aon ní uaim féin, ach gur mar a theagasc an tAthair dom a labhraím na nithe seo.
D' fhreagair siad é: «De shíol Abrahám sinne é, agus ní rabhamar inár ndaoir ag aon duine riamh. Conas go ndeir tú: 'Saorfar sibh'?» D' fhreagair Íosa iad:
Dúirt Íosa leo:
«Dá mba é Dia bhur nAthair, bheadh grá agaibh domsa. Óir is ó Dhia a ghluais mé agus a tháinig mé; mar ní uaim féin a tháinig mé, ach chuir seisean uaidh mé.
Is ón diabhal, mar athair, sibhse agus is iad mianta bhur n-athar a theastaíonn uaibh a dhéanamh. Ba dhúnmharfóir é siúd ó thús, agus níor sheas sé san fhírinne, mar níl aon fhírinne ann. Nuair a labhraíonn sé an bhréag labhraíonn sé as a stór féin, mar is bréagaire é agus is é athair an bhréagaire é.
D' fhreagair na Giúdaigh agus dúirt siad leis: «Nach bhfuil an ceart againn nuair a deirimid gur Samárach thú agus go bhfuil deamhan ionat?» D' fhreagair Íosa:
Dúirt na Giúdaigh leis: «Tá a fhios againn anois go bhfuil deamhan ionat. Tá Abrahám marbh agus na fáithe agus deir tusa: 'Má choinníonn aon duine mo bhriatharsa, ní bhlaisfidh sé bás choíche.'
D' fhreagair Íosa:
«Dá mbeinn féin do mo ghlóiriú féin, ba neamhní mo ghlóir. Is é m' Athair a dhéanann mé a ghloiriú, an té a ndeir sibhse mar gheall air: 'Is é ár nDia é.'
Ach níl aithne agaibh air. Tá aithne agamsa air, áfach. Dá ndéarfainn: 'Níl aithne agam air,' bheinn cosúil libhse, bréagach. Ach tá aithne agam air, agus coinním a bhriathar.