Tiomna Nua 2012
|
| 1 |
| Thug mé cuntas cheana, a Theofal, ar gach a ndearna Íosa agus ar ar thug sé de theagasc uaidh ó thús |
| 2 |
| go dtí an lá ar tógadh suas ar neamh é, tar éis dó a chuid orduithe a thabhairt le cabhair an Spioraid Naoimh do na haspail a bhí tofa aige. |
| 3 |
| I ndiaidh a pháise is iomaí cruthú a thug sé dóibh go raibh sé beo, dá nochtadh féin dóibh ar feadh daichead lá agus ag cur síos ar Ríocht Dé. |
| 4 |
| Uair dá raibh sé ina gcuibhreann dʼordaigh sé dóibh gan corraí ó Iarúsailéim ach fanacht ann go dtí go gcomhlíonfaí gealltanas an Athar, “An gealltanas úd,” ar sé, “ar chuala sibh mé ag trácht air: |
| 5 |
| rinne Eoin baisteadh le huisce, ach déanfar sibh-se a bhaisteadh leis an Spiorad Naomh i gceann beagán laethanta.” |
| 6 |
| Más ea, nuair a bhí siad cruinnithe le chéile, thosaigh siad dá cheistiú: “A Thiarna,” ar siad, “an anois atá tú chun ríocht Iosrael a ath-bhunú?” |
| 7 |
| Ach dʼfhreagair sé iad: “Ní haon chuid de bhur ngnósa é eolas a fháil ar na hamanna ná ar na tráthanna atá leagtha amach ag an Athair as a údarás féin. |
| 8 |
| Ach gheobhaidh sibh neart an Spioraid Naoimh atá le tuirlingt oraibh agus beidh sibh in bhur bhfinnéithe orm-sa in Iarúsailéim agus ar fud Iúdáia go léir agus na Samáire agus a fhad le himeall an domhain.” |
| 9 |
| Ar rá an méid sin dó, tógadh suas os comhair a súl é agus dʼardaigh scamall as a radharc é. |
| 10 |
| Fad a bhí siad ag stánadh in airde sa spéir ina dhiaidh sheas beirt fhear in éadaí bána ina n-aice. |
| 11 |
| “A fheara na Gailíle,” ar siad, “cad ab áil libh in bhur seasamh ansin ag amharc in airde sa spéir? An Íosa seo a tógadh suas ar neamh uaibh, tiocfaidh sé an tslí chéanna ina bhfaca sibh ag dul suas é.” |
| 12 |
| Ar ais leo ansin go hIarúsailéim ó Chnoc na nOlóg mar a thugtar air, cnoc atá i ngiorracht siúl lá sabóide dʼIarúsailéim. |
| 13 |
| Nuair a shroich siad an chathair chuaigh siad in airde go dtí an seomra uachtarach mar a raibh siad ag baint fúthu: bhí Peadar ann, Eoin agus Séamas, Aindrias, Pilib agus Tomás, Parthalán, Matha agus Séamas Alfáias, Síomón Díograiseach agus Iúdás Shéamais. |
| 14 |
| Lean siad-san go léir ag guí gan staonadh le chéile mar aon le mná áirithe agus le Muire máthair Íosa agus lena bhráithre. |
| 15 |
| Lá de na laethanta sin, nuair a bhí tuairim is céad agus fiche duine de shlua le chéile ann, mʼéirigh Peadar ina sheasamh os a gcomhair: |
| 16 |
| “A bhráithre,” ar sé, “níorbh fholáir an tuar a theacht faoin tairngreacht úd a labhair an Spiorad Naomh sa scrioptúr trí bhéal Dháiví faoi Iúdás, an fear a rinne eolas na slí dóibh siúd a ghabh Íosa, |
| 17 |
| tar éis dó a bheith ar aon bhuíon linne agus páirt a fháil sa chúram seo.” |
| 18 |
| Mar is eol daoibh cheannaigh an fear seo gort ar luach a choirpeachta, ach thit sé i ndiaidh a chinn, phléasc ina lár agus bhrúcht a inní go léir amach. |
| 19 |
| Fuair muintir Iarúsailéim ar fad eolas an scéil, agus dá chionn sin tugadh ‘Haicealdamach’ mar ainm ar an ngort sin ina dteanga féin, is é sin le rá, ‘Gort na Fola’. |
| 20 |
| “Mar atá scríofa i leabhar na Salm: ‘Go raibh a áitreabh ina fhásach, agus gan Aon neach ina chónaí ann.’ Agus: ‘Tógadh duine eile a fheidhmeannas.’ |
| 21 |
| “Ní foláir, dá bhrí sin, do dhuine acu siúd a bhí ar aon bhuíon linne fad a bhí an Tiarna Íosa ag siúl inar measc, |
| 22 |
| ón uair a bhí Eoin ag baisteadh go dtí an lá úd ar tógadh suas uainn é, ní foláir do dhuine acu siúd a bheith ina fhinné linn ar a aiséirí.” |
| 23 |
| Chuir siad beirt ar aghaidh: Iósaef dá ngoirtí ‘Barsabas’ agus dar chomhainm ‘Iústas’, agus Maitias. |
| 24 |
| Agus rinne siad guí mar seo: “A Thiarna,” ar siad, “ós tú a léann croí an uile dhuine, taispeáin dúinn cé acu den bheirt seo atá tofa agat |
| 25 |
| chun dul i mbun an chúraim aspalda seo ar thréig Iúdás é chun dul ina áit féin.” |
| 26 |
| Agus chuir siad ar chrainn é agus thit an crann ar Mhaitias agus áiríodh ar an dáréag aspal é. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish2012/acts/001.mp3
28
1