Anois bhí fáithe agus lucht teagaisc san eaglais in Antíoc, mar atá, Barnabas, Síomón ar gaireadh Niger de, Lucias as Círéne, Manaen duine de lucht cúirte Iorua an teatrarch, agus Sáúl.
Nuair a bhí siad ag adhradh Dé ina dtroscadh, dúirt an Spiorad Naomh, “Cuirigí Barnabas agus Sáúl i leataobh dom le haghaidh na hoibre ar thogh mé iad lena déanamh.”
Nuair a bhí an t‑oileán uile siúlta acu ó cheann ceann chomh fada le Páfós, casadh asarlaí orthu, Giúdach a bhí ina fháidh bréige, a raibh Bar Íosa mar ainm air.
Bhí seisean i gcuideachta an phrochonsail, Sergius Paulus, fear tuisceanach, a thug cuireadh do Sháúl agus do Bharnabas agus a raibh fonn air briathar Dé a chluinstin uathu.
agus ar seisean, “A mhic úd an mhic mhallachta, a namhaid gach cirt, a bhithiúnaigh fhealltaigh, an é nach toil leat stad de bheith ag iarraidh cosáin dhíreacha an Tiarna a chamadh?
Agus anois, seo Dia ag leagan a láimhe ort, agus beidh tú i do dhall nach bhfeicfidh an ghrian ar feadh tamaill.” Ní luaithe sin ráite ná thit ceo agus dorchadas air agus chuaigh sé a chuartú daoine lena threorú ar ghreim láimhe.
ach chuaigh siad ar aghaidh ó Pherga go raibh siad san Antíoc atá i gcríoch Phisidia. Agus lá na sabóide chuaigh siad isteach sa tsionagóg gur shuigh ansin.
Nuair a léadh na sleachta as an dlí agus na fáithe, chuir rialtóirí na sionagóige focal chucu, á rá, “A bhráithre, má tá aon fhocal agaibh leis na daoine a ghríosú chun dúthrachta, abraigí é.”
Dʼéirigh Pól ina sheasamh ansin, agus rinne sé comhartha lena láimh agus labhair sé mar seo: “A Iosraelíteacha, agus a dhream a thugas ómós do Dhia, éistigí liom.
Thogh Dia an cine seo, Dia Iosrael, ár sinsir, agus rinne sé cine mór díobh san am ar bhain siad fúthu i dtír na hÉigipte, agus thug sé amach as an tír sin iad le láimh in airde.
Agus nuair a bhí seacht gcine scriosta aige i dtír Chánáin, thug sé a dtír dhúchais mar oidhreacht dóibh, ar feadh conablach ceithre chéad go leith de bhlianta.
Agus nuair a chuir sé as an riocht é, dʼardaigh sé Dáibhí le bheith ina rí orthu; ar thug sé fianaise air agus ar dhearbhaigh sé faoi, ‘Fuair mé i nDáibhí mac Iesse an fear a thaitníos le mo chroí, a dhéanfas mo thoil go huile is go hiomlán.’
Agus nuair a bhí ceann a chúrsa sroichte ag Eoin, dúirt sé, ‘Cé a shíleann sibh is mise? Ní mise é. Ní mé, ach tá fear ag teacht i mo dhiaidh, nach fiú mé iallacha a chuarán a scaoileadh de’.
“A bhráithre, a chlann mhac shliocht Abrachaim, agus a dhream atá ina measc a mbíonn ómós agaibh do Dhia, is chugainne a cuireadh an scéal seo an tslánaithe.
Mar is é a rinne áitreabhaigh Iarúsailéim agus a lucht rialaithe, nuair nár aithin siad é agus nár thuig siad cainteanna na bhfáithe a léitear gach sabóid, is é rud, dʼfhíoraigh siad iad nuair a thug siad breithiúnas báis air.
agus i rith mórán laethanta thaispeánadh sé é féin don dream a tháinig aníos ó Ghalailí go hIarúsailéim ina chuideachta, an dream atá anois mar fhinnéithe aige os comhair na ndaoine.
Agus an méid a bhaineas leis an aiséirí inar thóg sé é ó mhairbh, gan filleadh chun truaillithe, is mar seo a labhair sé air, ‘Tabharfaidh mé duit naomhbheannachtaí buanseasmhaca Dháibhí.’
Mar níl amhras faoi Dháibhí, i ndiaidh é freastal ar chomhairle Dé ina ghlúin féin, gur thit sé ina chodladh, agus gur cuireadh san uaigh é, i gcuideachta a sheacht sinsear, agus gur bhlais sé an truailliú;
‘Féachaigí, a lucht na fonóide, a dtiocfadh an t‑iontas agus an t‑éag oraibh; mar is in bhur laethanta a bheidh an gníomh á dhéanamh agam, an gníomh nach gcreidfidh sibh choíche má insítear daoibh faoi.’”
Agus nuair a bhí deireadh leis an gcruinniú a bhí sa tsionagóg, lean mórán de na Giúdaigh agus de na daoine cráifeacha a thiontaigh chun Giúdachais Pól agus Barnabas, agus labhair siadsan leo ag agairt orthu seasamh go daingean i ngrásta Dé.
Agus labhair Pól agus Barnabas go dána neamh-eaglach, agus ar siadsan, “Bhí sé riachtanach briathar Dé a labhairt libhse ar dtús. Ach ó cuireann sibh uaibh é, agus ó measann sibh nach fiú sibh an bheatha shíoraí a fháil, féachaigí, seo ag tabhairt aghaidh ar na Gintlithe sinn.
Mar tá ordaithe ag an Tiarna dúinn sin a dhéanamh, á rá, ‘Chuir mé thú mar sholas ag na Gintlithe, ionas go dtuga tú an slánú go dtí an ceann is faide uainn den domhan.’”
Ach nuair a chuala na Gintlithe é, bhí lúcháir orthu agus thug siad glóir do bhriathar Dé; agus chreid an méid acu a bhí ordaithe chun na beatha síoraí.
Ach shéid na Giúdaigh faoi mhná céimiúla cráifeacha agus faoi phríomhfhir na cathrach, agus dʼadhain siad géarleanúint in aghaidh Phóil agus Bharnabais, gur chuir tóir orthu as na críocha sin.