Casadh ansiúd air Giúdach darbh ainm Acula, fear a rugadh i bPontas agus a bhí tagtha le gairid ón Iodáil, é féin agus a bhean Priscille, de bharr an ordú a bhí curtha amach ag Clauidias na Giúdaigh go léir a imeacht ón Róimh. Chuaigh Pól ar cuairt chucu
Nuair a tháinig Síleas agus Tiomóid anuas ón Macadóin chaith Pól a dhúthracht ar fad leis an tseanmóireacht, á chruthú do na Giúdaigh gurb é Íosa an Críost.
Agus nuair a thosaigh siadsan á bhréagnú agus á cháineadh, chroith sé an deannach dá éadaí, á rá leo: «Bíodh bhur gcuid fola ar bhur gceann féin. Ní bheidh mise freagarthach inti. As seo amach tabharfaidh mé aghaidh ar na págánaigh.»
Chreid Criospas, uachtarán na sionagóige, sa Tiarna, áfach, é féin agus a theaghlach go léir. Agus mórán de na Corantaigh a bhíodh ag éisteacht le Pól, chreid siad agus baisteadh iad.
Bhí Pól ar tí a bhéal a oscailt nuair a labhair Gaillión leis na Giúdaigh: «Dá mba éagóir éigin nó míghníomh coiriúil éigin a bhí i gceist agaibh, a Ghiúdacha,» ar seisean, «d' éistfinn libh mar ba chóir.
Ach ós focail agus ainmneacha agus dlí éigin de bhur gcuid féin atá i gceist agaibh, féachaigí féin chuige. Ní mian liomsa bheith i mo bhreitheamh ar na cúrsaí sin,»
Ach rug siadsan go léir ar Shóstainéas, uachtarán na sionagóige, agus thug léasadh dó os comhair an tsuí bhreithimh amach. Ach bhí Gaillión beag beann ar na nithe sin.
D' fhan Pól i gCorant ar feadh i bhfad. Ansin d' fhág sé slán ag na bráithre agus chuaigh ar bord loinge chun na Síre. Chuaigh Priscille agus Acula in éineacht leis. Bhí sé tar éis a cheann a bhearradh i gCeinchré mar bhí móid air.
ach ní thoileodh sé chuige. «Ach,» ar seisean agus é ag fágáil slán acu, «tiocfaidh mé ar ais arís chugaibh, más toil le Dia é.» Chuir sé chun farraige ó Eifeasas
Tar éis dó tamall aimsire a thabhairt ann, ghluais sé chun siúil agus i ndiaidh a chéile thaistil sé dúiche Ghalaite agus Fhrigia ag treisiú leis na deisceabail go léir.
Bhí oiliúnt faighte aige ar bhealach an Tiarna, agus cé go labhraíodh sé go díograiseach agus go dtugadh sé teagasc cruinn faoi Íosa, ní raibh ar eolas aige ach baisteadh Eoin.
Thosaigh sé ag labhairt go dána sa tsionagóg agus nuair a chuala Priscille agus Acula é, thug siad leo abhaile é agus thug léiriú ní ba chruinne dó ar bhealach an Tiarna.
Agus ó tharla go raibh fonn air dul go hAcháia thug na bráithre spreagadh dó agus scríobh siad chun na ndeisceabal thall á iarraidh orthu fáilte a chur roimhe. Agus ar theacht go Corant dó, trí ghrásta Dé ba mhór an chabhair do na creidmhigh é,