Tiomna Nua 1951
|
| 1 |
| I n‐a dhiaidh sin d’imthigh sé ó Chathair na h‐Aithne, agus tháinig sé go Coirinnt. |
| 2 |
| Agus fuair sé Iúdach áirithe annsin darbh ainm Aculas, fear rugadh i bPontus, tháinig tamall roimhe sin ó’n Iodáil, mar aon le n‐a bhainchéile Priscilla, de bhrigh gur órduigh Claudius do na h‐Iúdachaibh go léir imtheacht ó’n Róimh: |
| 3 |
| agus tháinig sé chuca‐san; agus, toisc é bheith ar aon cheárd leo, d’fhan sé aca, agus d’oibrigh sé ’n‐a bhfochair, óir ba dhéantóirí pailliún iad de réir ceirde. |
| 4 |
| Agus gach sabóid do bhí ann bhíodh sé ag pléidhe san tsionagóig, ag iarraidh Gréagaigh agus Iúdaigh do thabhairt leis. |
| 5 |
| Acht nuair tháinig Sílas agus Timótéus anuas ó’n Maiceadóin, do labhair Pól an briathar le lán‐dúthracht, g‐á dhearbhú do na h‐Iúdachaibh gur ab é Íosa an Críost. |
| 6 |
| Agus nuair do chuireadar ’n‐a choinnibh, ag cainnt go masluightheach, do chroth sé a chuid éadaigh, agus adubhairt sé leo, Ar bhúr gceann féin go raibh bhúr gcuid fola; atáim‐se glan: as so amach rachfad chum na gCineadhach. |
| 7 |
| Agus d’imthigh sé ó’n áit sin, agus do‐chuaidh sé isteach i dtigh duine darbh ainm Titus Iustus, duine do bhí umhal do Dhia, go raibh a theach láimh leis an tsionagóig. |
| 8 |
| Agus do chreid Crispus, uachtarán na sionagóige, san Tighearna, é féin agus muinntear a theaghlaigh go léir; agus do chreid mórán de na Coirinnteachaibh do bhí ag éisteacht leis, agus do baisteadh iad. |
| 9 |
| Agus adubhairt an Tighearna le Pól i n‐aisling na h‐oidhche, Ná bíodh eagla ort, acht labhair gan do bhéal do chosc: |
| 10 |
| óir atáim‐se leat, agus ní thiocfaidh aoinneach dod’ ionnsaighe le dochar do dhéanamh dhuit: óir atá a lán mór daoine agam san gcathair seo. |
| 11 |
| Agus d’fhan sé annsin bliadhain agus sé mí, ag teagasc briathair Dé ’n‐a measc. |
| 12 |
| Acht an tráth ’n‐a raibh Gallió ’n‐a phróconsúl i nAcháia, d’éirigh na h‐Iúdaigh de thoil a chéile i gcoinnibh Phóil, agus thugadar os cómhair cathaoireach an bhreitheamhnais é, |
| 13 |
| g‐á rádh, Atá an fear so g‐á thafann orainn Dia d’adhradh i n‐aghaidh an reachta. |
| 14 |
| Acht nuair do bhí Pól ag tosnú ar labhairt, adubhairt Gallió leis na h‐Iúdachaibh, Dá mba ceist éagcóra nó cuirptheachta é, a Iúdacha, ba cheart go dtiubhrainn éisteacht daoibh: |
| 15 |
| acht má’s ceisteanna i dtaobh focal agus anmann, agus i dtaobh bhúr ndlighe féin é, féachaidh féin chuige; ní h‐áil liom‐sa bheith im’ bhreitheamh ar a leithéidibh sin. |
| 16 |
| Agus do chuir sé as cathaoir an bhreitheamhnais amach iad. |
| 17 |
| Agus rugadar uile ar Shostenés, uachtarán na sionagóige, agus do bhuaileadar é os cómhair cathaoireach an bhreitheamhnais. Agus níor chuir Gallió suim dá laighead ins na neithibh sin. |
| 18 |
| Agus tar a éis do Phól tamall maith eile do chaitheamh annsin, d’fhág sé slán ag na bráithreachaibh, agus do chuaidh sé ar luing go Siria, agus Priscilla agus Aculas i n‐éinfheacht leis; tar éis a chinn do bhearadh i gCenchréa: óir do bhí ceangal móide air. |
| 19 |
| Agus tháinig siad go h‐Eiféis, agus d’fhág sé annsin iad: acht do chuaidh sé féin isteach san tsionagóig, agus do bhí sé ag diospóireacht leis na h‐Iúdachaibh. |
| 20 |
| Agus nuair d’iarradar air fanamhain ní b’fhuide, níor thoiligh sé chuige; |
| 21 |
| acht d’fhág sé slán aca, g‐á rádh, Fillfead cugaibh arís, má’s toil le Dia é, agus d’imthigh sé ar luing ó Eiféis. |
| 22 |
| Agus ar ndul i dtír dhó i gCéasaria, do chuaidh sé suas ag cur tuairisce na h‐eaglaise, agus annsin chuaidh sé síos go h‐Antuaigh. |
| 23 |
| Agus tar a eis do tamall do chaitheamh annsin, d’imthigh sé, agus do ghluais sé ar fud réigiúin Ghalátia agus Frigia i ndiaidh a chéile, ag neartú na ndeisceabal go léir. |
| 24 |
| Agus tháinig go h‐Eiféis Iúdach amháin darbh ainm Apollós, Alecsandríneach, fear an‐léigheanta, agus eolas mór ar na scrioptúiribh aige. |
| 25 |
| Do bhí an fear so oilte i slighe an Tighearna; agus ó bhí díoghrais croidhe aige, do labhair agus do mhúin sé go cruinn i dtaobh Íosa, gan ar eolas aige acht baisteadh Eoin: |
| 26 |
| agus do thosnuigh sé ar labhairt go dána san tsionagóig. Acht nuair d’éist Priscilla agus Aculas leis, thugadar leo é, agus do mhínigheadar slighe an Tighearna ní ba chruinne dhó. |
| 27 |
| Agus nuair do cheap sé imtheacht go h‐Acháia, thug na bráithreacha meisneach dhó, agus do scríobhadar chum na ndeisceabal g‐á iarraidh ortha a ghlacadh: agus nuair tháinig sé, thug sé congnamh mór dóibh‐sean do chreid tré ghrása: |
| 28 |
| óir do sháruigh sé go bríoghmhar ar na h‐Iúdachaibh go poiblidhe san diospóireacht, g‐a chrothú dhóibh gurbh é Íosa an Críost. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish1951/acts/018.mp3
28
18