Tar éis cúig lá tháinig an t-ardsagart Anainias anuas go Céasaráia, é féin agus cuid de na seanóirí agus abhcóide darbh ainm Teartullas agus thug siad faisnéis don ghobharnóir in aghaidh Phóil.
Nuair a glaodh isteach ar Phól, thosaigh Teartullas á chiontú mar leanas: «A Fhéilix, ró-oirirc, an tsíocháin bhuan a chuir tú faoi réim dúinn agus na leasuithe atá tugtha isteach le barr críonnachta agat ar mhaithe lenár náisiún,
ach tháinig Lisias, an ceannasaí, orainn agus neart slua aige agus sciob sé as ár lámha é agus d' ordaigh sé do lucht a chiontaithe dul faoi do bhráid.)
Nuair a sméid an gobharnóir ar Phól chun labhartha, d' fhreagair sé: «Ós eol dom go bhfuil tusa i do bhreitheamh ar an náisiún seo leis na blianta fada, táim lánsásta mo cheart a phlé.
Admhaím an méid seo, áfach, gur de réir an Bhealaigh ar a dtugann siadsan Aicme, a thugaim ómós do Dhia ár sinsear agus go gcreidim gach ní dá bhfuil de réir an dlí agus scríofa sna fáithe.
taobh amuigh den aon abairt amháin úd a scread mé amach agus mé i mo sheasamh ina measc: 'Is i dtaobh aiséirí na marbh atá breith á tabhairt ormsa inniu os bhur gcomhair.'»
Bhí eolas mós cruinn ag Féilix ar an mBealach agus chuir sé ar cairde iad, á rá: «Nuair a thiocfaidh Lisias an ceannasaí anuas, tabharfaidh mé breith ar bhur gcás.»
D' ordaigh sé don taoiseach céad é a chur faoi choimeád ach cead a chinn a bheith aige agus gan aon duine dá chairde a chosc ar fhreastal a dhéanamh air.
Faoi cheann cúpla lá tháinig Féilix agus a bhean Drúsaile in éineacht leis. Giúdach mná ba ea ise. Chuir sé fios ar Phól agus d' éist sé leis ag cur síos ar chreideamh in Íosa Críost.
Ach nuair a thosaigh Pól ag trácht ar an bhfíréantacht agus ar an ngeanmnaíocht agus ar an mbreithiúnas atá le teacht, bhuail scanradh Féilix agus dúirt sé: «Imigh leat don dul seo, nuair a bheidh caoi agam, cuirfidh mé fios arís ort.»
Nuair a bhí dhá bhliain imithe thart thóg Poircias Féastas áit Fhéilix, agus d' fhonn fabhar na nGiúdach a tharraingt air féin, d' fhág Féilix Pól i bpríosún.