San am sin, nuair a bhí líon na ndeisceabal ag méadú, thosaigh na Heilléanaigh ag casaoid ar na hEabhraigh faoi go raibh faillí dá déanamh ina mbaintreacha féin sa fhriotháileamh laethúil.
Dá chionn sin ghlaoigh an dáréag chucu na deisceabail go léir in éineacht agus labhair leo: “Ní dóigh linn,” ar siad, “go mba cheart dúinne briathar Dé a fhágáil chun dul ag freastal ag boird.
Dá bhrí sin, a bhráithre, déanaigí seachtar fear creidiúnach agaibh féin a thoghadh, fir a bheidh lán den Spiorad agus den eagna, go gcuirfimis i mbun an chúraim seo.
Bhí an slua iomlán sásta leis an moladh sin agus roghnaigh siad na daoine seo a leanas: Stiofán, fear a bhí lán de chreideamh agus den Spiorad Naomh, Pilib agus Procaras, Niocanór agus Tiomón, Parmanas agus Nioclás, iompaitheach ó Aintíoch.
De réir mar a leath briathar Dé, chuaigh líon na ndeisceabal in Iarúsailéim i méid as cuimse, agus ghlac buíon mhór de na sagairt féin leis an gcreideamh.
Bhí daoine áirithe de chuid ‘Sionagóg na Saorfhear’ mar a thugtaí uirthi–daoine ó Chíréiné agus ó Chathair Alastair, ón gCilic agus ón Áise, agus thosaigh siad ag argóint le Stiofán