“A bhráithre agus a aithreacha,” ar seisean, “éistigí liom. Thaispeáin Dia na Glóire é féin dár n-athair Abrahám nuair a bhí sé sa Mheaspatáim sula ndeachaigh sé chun cónaithe i Hárán
Leis sin dʼfhág sé Tír na gCaildéach agus chuaigh chun cónaithe i Hárán. Agus tar éis bhás a athar, dʼaistrigh Dia as sin é chun na tíre ina bhfuil sibh-se in bhur gcónaí anois.
Níor thug Dia seilbh dó, áfach, ar a oiread agus fód de thalamh na tíre: ach gheall sé go dtabharfadh sé dó é agus dá shliocht ina dhiaidh, siúd is nach raibh aon sliocht air san am.
Seo mar a labhair Dia: ‘Beidh do shliocht ar deoraíocht i dtír iasachta, agus cuirfear faoi dhaorsmacht agus faoi leatrom iad go ceann ceithre chéad bliain;
ach an cine a mbeidh siad faoi dhaoirse acu, tabharfaidh mé daorbhreith orthu,’ arsa an Tiarna, ‘agus ina dhiaidh sin tiocfaidh siad amach as an tír sin agus tabharfaidh ómós dom-sa san áit seo.’
“Ansin rinne Dia conradh an timpeallghearrtha leis, agus mar sin nuair a rugadh Íosác, rinne Abrahám é a thimpeallghearradh ar an ochtú lá. Rinne Íosác an rud céanna le hIacób agus rinne Iacób é leis an dáréag uasalaithreacha.
agus thug sé slán é ó gach gábh dá raibh i ndán dó, bhronn air grástúlacht agus eagna i bhfianaise Fharó, rí na hÉigipte, agus rinne ceannaire ar an Éigipt de agus ceann ar an teaghlach ríoga.
Nuair a chonaic sé éagóir dá déanamh ar dhuine acu, chuaigh sé dá chosaint, threascair sé an tÉigipteach agus bhain díoltas amach don té a ndearnadh éagóir air.
Lá arna mhárach tháinig sé orthu agus iad ag bruíon le chéile agus nuair a dʼfhéach sé le síocháin a dhéanamh eatarthu, dá rá: ‘A fheara, nach bráithre sibh? Cad uime a bhfuil sibh ag déanamh éagóra ar a chéile?’
Tá droch-íde mo phobail san Éigipt feicthe agam go dearfa–tá a gcuid osna cloiste agam agus tháinig mé dá bhfuascailt. Agus seo anois, táim chun tusa a chur mar theachtaire go dtí an Éigipt.’
“An Maois seo ar dhiúltaigh siad dó dá rá: ‘Cé a cheap thusa i do cheann urra agus i do bhreitheamh orainn,’ sin é an fear a sheol Dia chucu ina cheann agus ina fhuascailteoir le cabhair an aingil a thaispeáin é féin dó ag an tor.
Sin é an fear a bhí leis an bpobal sa bhfhásach i gcuideachta an aingil a labhair leis ar Shliabh Shíonáí, agus i gcuideachta ár sinsear, agus a fuair briathra beo le tabhairt dúinne.
Ach dʼiompaigh Dia uathu agus lig dóibh adhradh a thabhairt do na ranna Neimhe de réir mar atá scríofa i leabhar na bhfáithe: ‘Ní dom-sa a thug sibh tíolacthaí agus íobairt ar feadh daichead bliain sa bhfhásach, a theaghlach Iosrael;
is í both Mholoch a rinne sibh a iompar agus réalta Ráífean, bhur ndia; bʼin iad na híomhánna a rinne sibh le hadhradh agus díbreoidh mé sibh thar an mBablóin soir.’
“Bhí both an fhoilsithe ag ár sinsir sa bhfhásach. An té úd a bhíodh ag labhairt le Maois, dʼordaigh sé dó í a dhéanamh de réir an phatrúin a bhí feicthe aige.
Fuair an chéad ghlúin eile dár sinsir í mar oidhreacht agus thug siad féin agus Iósua isteach leo í i ndúiche na gciníocha a ruaig Dia amach rompu; agus dʼfhan sí ann go dtí aimsir Dháiví.
“Nach ceanndána an dream sibh agus nach stuacach atá bhur gcroí agus bhur gcluasa? Bíonn sibh ag cur in aghaidh an Spioraid Naoimh de shíor mar a dhéanadh bhur sinsir romhaibh.
Cén duine de na fáithe nach ndearna bhur sinsir géar-leanúint air? Agus dʼimir siad an bás orthu siúd a thairngir teacht an Fhíréin. Agus anois tá sibh-se tar éis é a bhrath agus a chur chun báis,