Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| Ceist agam mar sin: An bhfuil Dia tar éis a phobal féin a shéanadh? Níl ar chor ar bith. Nach Iosraelach mé féin de shliocht Abrahám agus de threibh Bhiniáimin? |
| 2 |
| Níor shéan Dia an pobal a bhí aitheanta aige ó thus mar a phobal féin. An é nach eol daoibh cad é a deir an scrioptúr sa trácht úd ag Éilias agus clann Iosrael á gcásamh aige le Dia: |
| 3 |
| «A Thiarna, mharaigh siad do chuid fáithe, leag siad d' altóirí ar lár, níor fágadh ach mé féin agus tá siad ar thóir m' anama.» |
| 4 |
| Agus cad é an freagra a thug Dia air? «Choimeád mé dom féin seacht míle fear nár fheac a nglúin do Bhál.» |
| 5 |
| Is é an dála céanna é san am i láthair: tá fuíoll ann agus iad tofa trí ghrásta. |
| 6 |
| Agus más trí ghrásta a toghadh iad ní de bharr oibreacha é, mar dá mba ea níor ghrásta an grásta a thuilleadh. |
| 7 |
| Cad a thagann de sin? Tá, an ní a raibh clann Iosrael ar a thóir, ní fhuair siad é; ach an mhuintir thofa, fuair siad agus cruadh an chuid eile, |
| 8 |
| mar atá scríofa: «Dhall Dia an aigne iontu: d' fhág sé a súile gan radharc agus a gcluasa gan éisteacht go dtí an lá inniu féin.» |
| 9 |
| Agus deir Dáiví freisin: «Go raibh a bhféasta ina ghaiste dóibh agus ina líon, ina cheap tuisle agus ina shás pionóis dóibh. |
| 10 |
| Go ndalltar a súile chun nach mbeadh radharc acu, agus coinnigh a ndroim ar cromadh de shíor.» |
| 11 |
| Ceist eile agam: An é tuisle a dtreascartha a baineadh as na Giúdaigh? Ní hea ar chor ar bith; ach ba chúis slánaithe do na gintlithe a gcoir ar shlí go mbeadh cúis éada ag na Giúdaigh leo. |
| 12 |
| Má ba rath ar an domhan a gcoir agus má ba rath ar na gintlithe a meath, nach mó go mór an rath a bheidh ann nuair a thiocfaidh a líon iomlán isteach. |
| 13 |
| Agus tá rud le rá agam libhse, a ghintlithe: Sa mhéid gurb aspal na ngintlithe mé, is ag méadú m' fheidhmeannais a bheidh mé |
| 14 |
| le mo chine féin a spreagadh chun iomaíochta agus cuid éigin acu a shlánú. |
| 15 |
| Mar, má tugadh an domhan chun athmhuintearais trína gcaitheamh amach, cad a thiocfaidh dá nglacadh ar ais ach beatha ó mhairbh? |
| 16 |
| Más naofa céadtoradh an taois, ní taise don chnapán ar fad é; agus más naofa fréamh an chrainn, ní taise do na craobhacha é. |
| 17 |
| Agus má scoitheadh féin cuid de na craobhacha den chrann olóige agus má nódaíodh thusa, an ológ fhiáin, ina n-áit sa tslí go bhfuil tú páirteach anois i sú na holóige, |
| 18 |
| ná bí á mhaíomh sin ar na craobhacha scoite. Ach má tá maíomh le déanamh agat, bí ag maíomh nach tusa atá ag iompar na fréimhe ach gurb í an fhréamh atá do d' iomparsa. |
| 19 |
| Déarfaidh tú liom ar ndóigh: «Is ea, ach scoitheadh craobhacha den chrann chun mise a nódú ann.» |
| 20 |
| Tá go maith, ach is mar gheall ar easpa creidimh a scoitheadh iad agus is é do chreideamh atá do do choimeádsa suas. Ná bíodh aon éirí in airde ort, dá bhrí sin, ach eagla. |
| 21 |
| Más rud é nár lig Dia leis na craobhacha dúchais ní ligfidh sé leatsa ach oiread. |
| 22 |
| Tabhair do d' aire cineáltas Dé agus a dhéine: a dhéine a bhí sé orthu siúd a thit ar lár agus a chineáltacht atá Dia leatsa ma leanann tú faoina chineáltas: ach mura leanann, gearrfar thusa anuas chomh maith. |
| 23 |
| Agus iad siúd, má shéanann siad a ndíchreideamh, nódófar sa chrann arís iad, mar tá sé ar chumas Dé iad a nódú ar ais ann. |
| 24 |
| Má gearradh tusa den ológ fhiáin ba dhúchas duit is gur nódaíodh in aghaidh nádúir san fhíorológ tú, nach móide go mór go nódófar na craobhacha dúchais ar ais ina n-ológ dhílis féin? |
| 25 |
| Le heagla go mbeadh rómheas agaibh ar bhur gcuid gaoise féin ní áil liom gan fios na rúndiamhaire seo a bheith agaibh, a bhráithre: Tá cruas croí tagtha ar chuid d' Iosrael, nó go mbeidh iomlán na ngintlithe tagtha isteach |
| 26 |
| agus, mar sin, slánófar Iosrael ar fad de réir mar atá scríofa: «Tiocfaidh an fuascailteoir as Síón; ruaigfidh sé an éagráifeacht as Iacób. |
| 27 |
| Agus seo é an conradh a dhéanfaidh mé leo nuair a thógfaidh mé a bpeacaí chun siúil.» |
| 28 |
| Maidir leis an dea-scéal, is naimhde iad do Dhia rud a théann chun sochair daoibhse; ach maidir leis an toghadh is ionúin leis iad mar gheall ar na patrarcaí, |
| 29 |
| mar ní cúis aiféala choíche do Dhia a thíolacthaí ná an rogha a bhíonn déanta aige. |
| 30 |
| Bhí sibhse tráth easumhal do Dhia ach tá trócaire déanta anois oraibh trína n-easumhlaíochtsan. |
| 31 |
| Is é an dála céanna acu siúd é: tá siadsan éirithe easumhal anois nuair atá trócaire déanta oraibhse chun go ndéanfaí trócaire orthu chomh maith. |
| 32 |
| Mar chuir Dia an uile dhuine i ngeibheann san easumhlaíocht d' fhonn trócaire a dhéanamh orthu uile. |
| 33 |
| Cad é doimhneas ollmhaitheasaí agus eagna agus eolas Dé! Nach do-thuigthe atá a bhreithiúnais agus nach dorianta atá a bhealaí! |
| 34 |
| «Cé a thuig aigne an Tiarna? Nó cé a bhí riamh ina chomhairleoir aige?» |
| 35 |
| Nó «Cé a thug rud riamh dó go bhfaighidh sé a chúiteamh?» |
| 36 |
| Mar is uaidhsean agus trídsean agus dósan gach uile ní dá bhfuil ann. Glóir go deo leis. Amen. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/romans/011.mp3
16
11