Tiomna Nua 2012
|
| 1 |
| Bíodh gach duine géilliúil do na húdaráis atá os a chionn, mar níl údarás ar bith ann ach ó Dhia; agus na húdaráis atá ann is é Dia a cheap iad. |
| 2 |
| Aon duine, mar sin, a chuireann in aghaidh an údaráis, is ag cur in aghaidh ordú Dé a bhíonn sé, agus na daoine a chuireann ina aghaidh sin tarraingeoidh siad daorbhreith orthu féin. |
| 3 |
| Ní don dea-ghníomh is baol na rialtóirí ach don drochghníomh. An áil leat gan eagla fhear an údaráis a bheith ort? Más áil déan an mhaith agus beidh moladh agat uaidh |
| 4 |
| mar is é seirbhíseach Dé é ar mhaithe leat. Ach más é an t-olc a dhéanann tú, bíodh a eagla ort mar ní gan ábhar a bhíonn an claíomh dá iompar aige: is é seirbhíseach Dé é chun díoltas a agairt le díbheirg ar an té a dhéanann an t-olc. |
| 5 |
| Ar an ábhar sin is éigean géilleadh don údarás agus ní le heagla na díbheirge amháin é ach ar mhaithe leis an gcoinsias chomh maith. |
| 6 |
| Is ar an ábhar céanna a íocann sibh cánacha; feidhmeannaigh Dé iad na bailitheoirí agus caitheann siad a ndúthracht ar an obair seo. |
| 7 |
| Íocaigí do chách a bhfuil dlite dó, mar sin: an cháin dʼfhear na cánach agus an dleacht dʼfhear na dleachta, urraim don té is díol urraime agus ómós don té is díol ómóis. |
| 8 |
| Ná bíodh fiacha ar bith ag aon duine oraibh ach amháin fiacha an ghrá a thabhairt dá chéile. Mar an té a thugann grá dá chomharsa tá an dlí comhlíonta aige. |
| 9 |
| Na haitheanta “ná déan drúis,” “ná déan marú,” “ná déan goid,” “ná santaigh,” agus aon aithne eile dá bhfuil ann, tá coimriú déanta orthu go léir san abairt seo: “Gráigh do chomharsa mar thú féin.” |
| 10 |
| Ní dhéanann an grá aon olc ar an gcomharsa, agus, dá bhrí sin, is é an grá comh-líonadh an dlí. |
| 11 |
| Agus de bhrí go dtuigeann sibh an uair atá ann, is mithid daoibh dúiseacht as bhur gcodladh, mar is gaire dúinn ár slánú anois ná nuair a ghlacamar leis an gcreideamh. |
| 12 |
| Tá sé i bhfad amach san oíche agus ní fada uainn an lá. Caithimis oibreacha an dorchadais uainn, mar sin, agus cuirimis orainn cathéide an tsolais. |
| 13 |
| Mairimis go béasach mar dhaoine atá faoi sholas an lae, gan ragairne gan meisce, gan striapachas gan drúis, gan achrann gan éad. |
| 14 |
| Agus cuirigí oraibh an Tiarna Íosa Críost mar éide agus ná bígí ag déanamh cúraim den cholainn dʼfhonn a hainmhianta a shásamh. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish2012/romans/013.mp3
16
13