Fáiltígí roimpi ar son an Tiarna mar is dual do na naoimh agus cuidigí léi in aon ní a mbeidh gá aici libh: mar is iomaí duine ar sheas sí leis agus liom féin chomh maith.
Beannaígí do Thriofáíne agus do Thriofósa, beirt atá ag saothrú ar son an Tiarna. Beannaígí do Pheirsis ionúin, bean a shaothraigh go dian ar son an Tiarna.
Achainím oraibh, a bhráithre, súil a choimeád orthu sin a adhnann achrainn agus a dhéanann deacrachtaí in éadan an teagaisc a múineadh daoibh. Seachnaígí iad,
mar ní do Chríost ár dTiarna atá a leithéidí sin ag fónamh ach dá gcraos féin agus meallann siad croí na neamhurchóideach lena gcuid bladair agus plámáis.
Rud eile, tá a fhios ag an saol a dhílseacht atá sibh, agus is mé atá ríméadach asaibh. Mar sin féin ba mhaith liom sibh a bheith eolgaiseach ar an maith agus dall ar an olc.
Beannacht chugáibh ó Gháias, fear an tí seo atá ina dhea-thíosach don eaglais go léir; beannacht ó Earastas, cisteoir na cathrach, agus ón mbráthair Cuartas. (
Moladh leis an té úd atá in ann sibh a dhaingniú de réir an dea-scéil a chraobhscaoilimse, agus an fhorógra faoi Íosa Críost, an dea-scéal ina bhfoilsítear an rúndiamhair a bhí folaithe ar feadh na gcianta
ach atá nochta anois agus curtha in iúl, ar ordú an Dé shíoraí le cabhair scríbhinní na bhfáithe, do na náisiúin uile dʼfhonn iad a thabhairt chun géillsine an chreidimh.