Má ghabhann sí le fear eile, mar sin, fad is beo dá fear céile glaofar adhaltrach uirthi; ach má chailltear a fear bíonn sí saor ón dlí, sa tslí nach adhaltrach í má ghabhann sí leis an bhfear eile.
Is é an dála céanna agaibh-se é, a bhráithre; fuair sibh bás mar leis an dlí trí chorp Chríost, chun go ngabhfadh sibh le fear céile eile, leis an té úd a tógadh ó mhairbh, agus gur do Dhia a thabharfaimis toradh.
Mar fad a mhaireamar sa cholainn, bhíodh na hainmhianta peacúla úd a bhíonn dá gcothú ag an dlí go gníomhach inár mbaill bheatha ag tabhairt toraidh don bhás.
Anois, áfach, ó tá bás faighte againn ó thaobh an ní úd a bhí dár gcoinneáil i ngéibheann, táimid fuascailte ón dlí chun seirbhís a dhéanamh faoi chóras nua an spioraid in ionad faoi sheanchóras an chóid scríofa.
Cad a déarfaimid mar sin? Gur peaca é an dlí? Ní hea ar chor ar bith. Mar sin féin ní chuirfinnse eolas ar an bpeaca murach an dlí. Ní thuigfinn cad is saint ann, ach go ndúirt an dlí “ná santaigh”.
An raibh rud maith ina chúis bháis dom, mar sin? Ní raibh ar chor ar bith, ach an peaca, i dtreo go mba léir gur pheaca é dáiríre, bhain sé feidhm as rud maith chun bás a imirt orm; agus sa tslí sin trí bhíthin na haithne, go n-éireodh an peaca peacúil thar na bearta.
Tá a fhios agam nach aon ní ar fónamh atá lonnaithe ionam, is é sin le rá sa chuid chollaí díom, mar bíonn fonn an dea-ghnímh orm ach ní fhaighim ionam é a chur i gcríoch.
ach tugaim dlí eile faoi deara i mo bhaill bheatha agus é i ngleic leis an dlí atá i mʼaigne agus ag déanamh cime díom ag dlí an pheaca atá lonnaithe i mo bhaill.
A bhuí le Dia go bhfuasclófar mé trí Íosa Críost ár dTiarna. Má fhágtar fúm féin mé, mar sin, is amhlaidh a bhím ag fónamh do dhlí Dé le mʼaigne agus ag fónamh do dhlí an pheaca le mo cholainn.