Ná bígí ag adhradh déithe bréige, más ea, faoi mar a bhí cuid acu siúd de réir mar atá scríofa: “Shuigh an pobal seo fúthu ag ithe agus ag ól agus mʼéirigh siad suas chun spóirt.”
Níor rug aon triail oraibh go dtí seo a bhí thar chumas an duine. Mar tá Dia dílis agus ní ligfidh sé bhur dtástáil thar bhur n-acmhainn agus nuair a thiocfaidh an triail cuirfidh sé an bealach ar fáil chomh maith i dtreo go mbeidh ar bhur gcumas teacht uaithi slán.
Ní hea go deimhin; ach toisc gur do dheamhain agus nach do Dhia a ofrálann na págánaigh a gcuid íobairtí, níor mhaith liom go mbeadh aon pháirt agaibh-se leis na deamhain sin.
Ní féidir daoibh cupán an Tiarna a ól agus cupán na ndeamhan a ól chomh maith. Ní féidir daoibh suí chun bord an Tiarna agus suí chun bord na ndeamhan chomh maith.
Agus má thugann neamhchreidmheach cuireadh chun dinnéir daoibh agus gurb áil libh dul ann, gach a gcuirtear os bhur gcomhair ithigí é gan cheist ó thaobh coinsiasa.
Má deir duine éigin libh áfach: “Is bia íobartha é seo,” ná caithígí an bia sin, ar mhaithe leis an té a chuir in iúl daoibh é agus ar mhaithe leis an gcoinsias–
Má chaithimse mo chuid go buíoch cén fáth a gcáinfí mé mar gheall ar bhia a altaím? Dá bhrí sin cibé acu a dhéanann sibh ithe nó ól nó ní ar bith eile, déanaigí an t-iomlán chun glóire Dé.
Sin é mo dhála-sa: bím ag iarraidh gach duine a shásamh i ngach slí gan aon tóir agam ar mo leas féin ach ar leas an tslua le hionchas go slánofaí iad.