Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| Má labhraím i dteangacha daoine agus aingeal ach gan aon ghrá a bheith agam, níl ionam ach mar a bheadh prás ag fuaimneach nó ciombail ag clingeadh. |
| 2 |
| Má tá bua fáidheoireachta agam, eolas ar gach rúndiamhair agus fios gach ní agam agus oiread lánchreidimh agam agus a d' aistreodh na sléibhte ach gan aon ghrá a bheith agam, is neamhní mé. |
| 3 |
| Má roinnim amach mo mhaoin shaolta go léir, agus má thugaim suas mo chorp le dó ach gan aon ghrá a bheith agam, ní aon tairbhe dom é. |
| 4 |
| Bíonn an grá foighneach agus bíonn sé lách; ní bhíonn éad air; ní dhéanann sé maíomh |
| 5 |
| ná mórtas; ní bhíonn sé mímhúinte ná leithleasach, míchéadfach ná agrach. |
| 6 |
| Ní áil leis an éagóir ach is aoibhinn leis an mhaith. |
| 7 |
| Bíonn sé lán d' fhadfhulaingt, lán de chreideamh, lán de dhóchas agus lán d' fhoighne. |
| 8 |
| Rachaidh an fháidheoireacht ar ceal, rachaidh na teangacha dá dtost, agus rachaidh an t-eolas ar neamhní, ach ní rachaidh an grá i léig go deo. |
| 9 |
| Mar tá ár gcuid eolais easnamhach agus tá ár bhfáidheoireacht easnamhach; |
| 10 |
| agus nuair a thiocfaidh ann an rud foirfe, rachaidh an rud easnamhach ar neamhní. |
| 11 |
| Fad a bhí mé i mo leanbh, bhí caint agus meon agus réasún an linbh agam, ach ar m' éirí suas i m' fhear dom, d' fhág mé bealaí an linbh i mo dhiaidh. |
| 12 |
| Faoi láthair ní fheicimid ach mar a bheadh scáil go doiléir i scáthán ach ar ball gheobhaimid radharc aghaidh ar aghaidh air. Níl ach breaceolas agam faoi láthair ach beidh eolas iomlán agam ar ball, chomh hiomlán leis an eolas atá orm. |
| 13 |
| Tá trí nithe ann atá buan, más ea, creideamh dóchas agus grá, ach is é an grá an ní is mó orthusan. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/1corinthians/013.mp3
16
13