A chur i gcás go bhfuil cúis casaoide ag duine agaibh in éadan bráthar, an mbíonn sé de dhánacht aige an dlí a chur air os comhair na neamhfhíréan agus ní os comhair na naomh?
Nach bhfuil a fhios agaibh go dtabharfaidh na naoimh breithiúnas ar an domhan? Agus más sibh atá le breithiúnas a thabhairt ar an domhan, an é nach bhfuil acmhainn agaibh le mioncheisteanna a mheas?
Cúis náire daoibh sin a bheith le rá agam. An féidir nach bhfuil aon fhear eadraibh a bhfuil eagna go leor aige le breithiúnas a thabhairt idir baill an bhráithreachais,
Is díomua daoibh é cúiseanna dlí a bheith agaibh le chéile ar chor ar bith. Cad chuige nach gcuireann sibh suas leis an éagóir? Nárbh fhearr ligean do dhaoine bheith ag breith buntáiste oraibh?
Nach bhfuil a fhios agaibh nach mbeidh na neamhfhíréin páirteach i ríocht Dé? Ná bíodh breall oraibh; ní bheidh páirt i ríocht Dé ag lucht an oilc, ná lucht adhartha na n-íol, ná ag lucht an adhaltranais, ná ag fir a mheallas fir ná a ligeas dʼfhir a mealladh,
“Is dual bia don bholg agus is dual an bolg don bhia”—agus cuirfidh Dia ceachtar acu ar ceal. Ní dual an cholainn don éagóir, ach don Tiarna, agus an Tiarna don cholainn.
Nach bhfuil a fhios agaibh gur baill de Chríost bhur gcolainneacha? An nglacfaidh mé mar sin baill Chríost agus an ndéanfaidh mé baill striapaí díobh? Ní dhéanfaidh choíche!
Nach bhfuil a fhios agaibh, an té a thagas le chéile le striapach, go ndéanann sé aon cholainn amháin léi? Mar atá scríofa, “beidh an lánúin ina n-aon cholainn.”