Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| Ba mhaith liom dá gcuirfeadh sibh suas anois le beagán díth céille uaimse. Déanaigí sin, más ea. |
| 2 |
| Táim ag éad libh mar a bheadh Dia féin, mar tá sibh luaite agam le Críost mar a bheadh maighdean gheanmnaí á tabhairt dá haon fhear céile. |
| 3 |
| Ach faoi mar a mheall an nathair nimhe Éabha lena chuid glicis tráth, is é eagla atá orm go gclaonfar bhur smaointe agus go dtréigfidh sibh bhur nglandílseacht do Chríost. |
| 4 |
| Mar, má thagann duine éigin ag fógairt Íosa daoibh nach é an té a fhógraíomana, nó má fhaigheann sibh spiorad nach é an Spiorad a fuair sibh uainne, nó má ghlacann sibh le dea-scéal seachas an dea-scéal lenar ghlac sibh, is breá mar a chuireann sibh suas leis. |
| 5 |
| Ní dóigh liom go bhfuilimse pioc chun deiridh ar na sáraspail sin. |
| 6 |
| Más tuata féin ar urlabhra mé, ní aon tuata mé ar eolas, rud atá léirithe agam i ngach slí daoibh riamh anall. |
| 7 |
| Nó an é peaca atá déanta agam dea-scéal Dé a fhógairt daoibh saor in aisce agus mé féin a ísliú d' fhonn sibhse a ardú? |
| 8 |
| Lom mé eaglaisí eile agus ghlac mé pá uathu chun freastal oraibhse; |
| 9 |
| agus fad a bhí mé in bhur measc agus mé ar an ngannchuid, ní raibh mé i mo mhuirear ar dhuine ar bith agaibh mar ba iad na bráithre a tháinig ón Macadóin a choinnigh riar mo cháis liom. Níor lig mé dom féin bheith i m' ualach ar bith oraibh ná ní ligfidh mé amach anseo. |
| 10 |
| Dar fírinne Chríost ionam, ní mhúchfar an maíomh seo ionam laistigh de chríocha Acháia. |
| 11 |
| Agus cén fáth? Toisc nach bhfuil cion agam oraibhse, an ea? Tá a fhios ag Dia go bhfuil. |
| 12 |
| An ní seo atáim a dhéanamh leanfaidh mé á dhéanamh sa tslí nach bhfágfaidh mé cos fúthu siúd a bhíonn i gcónaí ag lorg leithscéil chun bheith ag maíomh go bhfuil siad ar aon chéim linne. |
| 13 |
| Níl iontu siúd ach aspail bhréige, oibreoirí mímhacánta faoi riocht aspail Chríost. |
| 14 |
| Ach cá hionadh sin, nuair a chuireann Sátan féin riocht an aingil ghil air féin? |
| 15 |
| Ní mór an ní é, dá bhrí sin, má théann a sheirbhísigh sin i riocht sheirbhísigh na fíréantachta. Bhéarfaidh críoch iad sin, áfach, a bheidh de réir a ngníomhartha. |
| 16 |
| Deirim arís é: ná tugadh aon duine meas amadáin ormsa. Ach más é sin an meas atá agaibh orm, glacaigí liom mar amadán go ndéanfaidh mé beagán mórtais chomh maith le cách. |
| 17 |
| Níl an méid a deirim á rá agam le húdarás an Tiarna ach le barr díth céille agus mé ag maíomh go teann. |
| 18 |
| Ós rud é go bhfuil mórán eile ag maíomh as a gcumas nádúrtha, déanfaidh mise maíomh chomh maith leo, |
| 19 |
| mar tá sibhse chomh stuama sin go gcuireann sibh suas go fonnmhar le hamadáin: |
| 20 |
| cuireann sibh suas, mar shampla, leis an duine a bhíonn ag déanamh giollaí díbh, nó ag déanamh foghla oraibh, nó ag teacht i dtír oraibh, nó ag cur gothaí air féin, nó ag tarraingt leiceadair oraibh. |
| 21 |
| Is náir liom a admháil go bhfuilimidne rólag chun a leithéid a dhéanamh, ach aon ní a leomhfadh duine ar bith acu sin maíomh as caint bhuile í seo tá an maíomh céanna le déanamh agamsa. |
| 22 |
| An Eabhraigh iad? Is ea mise freisin. An Iosraelaigh iad? Is ea mise chomh maith. An sliocht Abrahám iad? Is ea mise chomh maith céanna. |
| 23 |
| An searbhóntaí do Chríost iad? Tá saochan céille anois orm ní foláir ach is mó ná sin mise, mar is mó go mór a shaothraigh mé ná iad; ba mhinice i gcarcair mé: fuaireas léasadh gan áireamh agus ba mhinic mé i mbaol an bháis. |
| 24 |
| Cúig uair fuair mé na naoi mbuillí is tríocha ó na Giúdaigh. |
| 25 |
| Gabhadh de shlata orm faoi thrí agus gabhadh de chlocha orm aon uair amháin; longbhriseadh mé faoi thrí agus thug mé lá agus oíche san uisce. |
| 26 |
| Ba mhinic i mo shiúlta mé agus gur bhaol dom aibhneacha agus gur bhaol dom robálaithe; ba bhaol dom mo chine féin agus ba bhaol dom na gintlithe. Ba bhaol dom sa chathair agus ba bhaol dom faoin bhfásach; ba bhaol dom ar muir agus ba bhaol dom na bráithre bréige. |
| 27 |
| Ba mhinic ag saothar agus ag tiaráil mé agus ar easpa codlata; ba mhinic ocras agus tart orm agus mé gan bhia, gan teas, gan éadach. |
| 28 |
| Agus gan na nithe eile a bhac, bíonn cúram na n-eaglaisí uile ina mhuirín laethúil orm. |
| 29 |
| Cé bhaintear dá threoir nach mbímse scólta mar gheall air? |
| 30 |
| Más éigean dom maíomh a dhéanamh, is as mo laigí féin a mhaífidh mé. |
| 31 |
| Tá a fhios ag Dia, ag Athair ár dTiarna Íosa Críost, moladh go deo leis nach aon bhréag atáim á rá: |
| 32 |
| i nDamaisc dom bhí ceannfort rí Aratas ag faire na cathrach chun mé a ghabháil; |
| 33 |
| ach scaoileadh anuas i gciseán mé trí fhuinneog san fhalla agus d' éalaigh mé uaidh. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/2corinthians/011.mp3
13
11