Sin é go díreach an rud a scríobh mé chugaibh i dtreo, nuair a thiocfainn, nach brón a gheobhainn ó na daoine dar dual áthas a chur orm, mar bhí mé cinnte fúibh go léir go mba chúis áthais daoibhse áthas a bheith ormsa.
Is mór an buaireamh agus an scalladh croí a bhí orm ag scríobh chugaibh agus is iomaí deoir a thit ó mo shúile, ach ní d' fhonn sibhse a bhuaireamh a scríobh mé ach d' fhonn is go dtuigfeadh sibh méid mo ghrá daoibh.
mar sin féin ní raibh aon suaimhneas ar m' anam nuair nach bhfuair mé mo bhráthair Títeas ann romham. D' fhág mé slán acu dá bhrí sin agus d' imigh liom go dtí an Mhacadóin.
A bhuí le Dia a bhíonn i gcónaí dár seoladh ina mhórshiúl caithréimeach i gCríost agus ag leathadh eolais air trínár mbíthin i ngach áit mar a bheadh boladh cumhra ann.
Mar is cuma sinne nó cumhracht Chríost ag dul suas chun Dé i measc na ndaoine atá ar bhealach a slánaithe agus i measc na ndaoine atá ar bhealach a millte chomh maith;
do bhuíon acu is boladh marfach é a sheolann chun báis iad, agus don bhuíon eile is boladh beomhar é a sheolann iad chun na beatha. Agus cé atá in ann chun na hoibre seo?
Táimidne, mar ní ag mangaireacht bhriathar Dé a bhímidne dála a lán eile ach á fhógairt go dílis i gCríost i bhfianaise Dé, mar theachtaireacht ó Dhia.