acht thugamar cúl leis na neithibh náireacha cleachtar fá rún, agus ní bhímíd ag siubhal i ngliocas, ná ag truailliú briathair Dé, acht, ag foillsiú na fírinne dhúinn, tuillimíd moladh i gcoinsias gach duine i bhfiadhnaise Dé.
Óir Dia d’órduigh do’n tsolas soillsiú as lár an dorchadais, do shoillsigh sé ’n‐ár gcroidheachaibh, chum solas glóire Dé do thabhairt dúinn i ngnúis Íosa Críost.
mar tá a fhios againn, an té do thóg suas an Tighearna Íosa, go dtógfaidh sé suas sinne i n‐éinfheacht le h‐Íosa, leis, agus go gcuirfidh sé ’n‐a láthair sinne i n‐éinfheacht libh‐se.
Uime sin ní chailleann ar ár meisneach; acht gidh go mbíonn an taobh amuigh de’n duine ag meath orainn, atá an taobh istigh de d’á athnuadhadh ó lá go chéile.
gan ár súile bheith ar na neithibh so‐fheicsiona, acht ar na neithibh do‐fheicsiona: óir ní thugann na neithe so‐fheicsiona acht seal, acht is síor‐bhuan iad na neithe do‐fheicsiona.