Agus ós rud é go bhfuil flúirse den uile shórt agaibh, flúirse den chreideamh, den líofacht, den eolas, den uile dhíograis agus den ghrá a d' fhoghlaim sibh uainne, bígí flaithiúil sa charthanacht seo chomh maith.
Tá a fhios agaibh go maith an chomaoin a chuir ár dTiarna Íosa Críost oraibh: siúd is go raibh sé saibhir rinne sé bochtán de féin ar mhaithe libhse, d' fhonn is go ndéanfaí daoine saibhre díbh trína bhochtaineachtsan.
Tá comhairle agam, áfach, le tabhairt daoibh sa ghnó seo, comhairle bhur leasa, mar ní hé amháin gur sibhse na chéad daoine a thosaigh ar an ngnó seo a chur i ngníomh bliain ó shin ach bhí sibh ar na chéad daoine a bheartaigh é.
Níl ann ach ceist cothroime: an fuílleach atá agaibhse i láthair na huaire, coinneoidh sé riar a gcáis leo siúd: agus an fuílleach a bheidh acu sin coinneoidh sé riar bhur gcáis libhse ar ball, agus sa tslí sin beidh cothrom ann
Agus ní amháin sin, ach is é atá tofa ag na heaglaisí ina chompánach aistir agamsa sa bheartas carthanachta seo atá idir lámha againn ar son glóire an Tiarna agus d' fhonn ár ndíograis a thaispeáint.
Agus chuireamar bráthair dár gcuid lena gcois, fear a bhfuil a dhíograis tástáilte againn go mion minic agus gur díograisí ná riamh anois é le méid na hiontaoibhe atá aige asaibhse.
Maidir le Títeas, is páirtí liom féin é agus cúntóir chun freastail oraibhse. Agus i dtaca lenár mbráithre de, is teachtaí ó na heaglaisí iad agus is creidiúint iad do Chríost.