Tiomna Nua 2012
|
| 1 |
| Mise Pól aspal–ach ní ó dhaoine ná trí dhuine ach trí Íosa Críost agus trí Dhia an tAthair, a thóg ó mhairbh é. |
| 2 |
| Táim féin agus a bhfuil i mo theannta de na bráithre ag cur ár mbeannachta chuig eaglaisí na Galáite. |
| 3 |
| Grásta chugaibh agus síocháin ó Dhia ár nAthair agus ón Tiarna Íosa Críost |
| 4 |
| a thug suas é féin in éiric ár bpeacaí chun sinn a fhuascailt ón saol urchóideach seo de réir mar ba thoil le Dia ár nAthair |
| 5 |
| moladh go deo leis. Áiméan. |
| 6 |
| Is ionadh liom a thapúla atá sibh ag tréigean an té a ghlaoigh oraibh i ngrásta Chríost agus ag iompú ar dhea-scéal eile. |
| 7 |
| Níl aon dea-scéal eile ann ar ndóigh ach go bhfuil daoine áirithe ag cur mearbhaill oraibh agus ag iarraidh dea-scéal Chríost a chur as a riocht. |
| 8 |
| Mar, má dhéanaimidne féin nó aingeal ó neamh dea-scéal a fhógairt daoibh a bheadh bunoscionn leis an dea-scéal atá fógartha againn, go raibh mallacht Dé air. |
| 9 |
| An ní atá ráite againn, deirim anois arís é: duine ar bith a dhéanann dea-scéal a fhógairt daoibh atá bunoscionn leis an dea-scéal atá faighte agaibh, go raibh mallacht Dé anuas air. |
| 10 |
| Cé atáim ag iarraidh a mhealladh chugam anois, daoine nó Dia? An daoine a shásamh is mian liom? Dá mba dhaoine a bhí mé ag iarraidh a shásamh, ní i mo sclábhaí ag Críost a bheinn. |
| 11 |
| An dea-scéal atá fógartha agam-sa, a bhráithre, geallaimse daoibh nach aon earra daonna atá ann. |
| 12 |
| Ní ó dhuine a fuair mise é ná ó mhúinteoir ar bith, ach trí fhoilsiú ó Íosa Críost. |
| 13 |
| Chuala sibh iomrá, ní foláir, ar mo chuid iompair tráth nuair a lean mé an creideamh Giúdach, mar a rinne mé géar-leanúint as cuimse ar eaglais Dé ag iarraidh í a dhíothú, |
| 14 |
| agus mar a sháraigh mé formhór lucht mo linne de mo chine féin i gcleachtadh an Ghiúdachais, de bharr na díograise thar meán a bhí ionam i dtaobh thraidisiúin mo shinsear. |
| 15 |
| Ach nuair ba dheoin leis an té, a dhealaigh amach mé fad a bhí mé fós i mbroinn mo mháthar, agus a ghlaoigh chuige féin mé as ucht a ghrásta– |
| 16 |
| nuair ba dheoin leis siúd a Mhac a fhoilsiú dom chun go gcraobhscaoilfinn a dhea-scéal i measc na ngintlithe, ní dheachaigh mé i gcomhairle le daonnaí ar bith |
| 17 |
| ná ní dheachaigh mé suas go hIarúsailéim ag triall ar na daoine a bhí ina n-aspail romham, ach imeacht liom láithreach chun na hAráibe agus ar ais go Damaisc ina dhiaidh sin. |
| 18 |
| Trí bliana ina dhiaidh sin chuaigh mé suas go hIarúsailéim ag fiosrú Chéafas agus thug mé coicís ina theannta, |
| 19 |
| ach duine ar bith eile de na haspail ní fhaca mé ach amháin Séamas, bráthair an Tiarna. |
| 20 |
| Dearbhaím i bhfianaise Dé nach bhfuil focal bréige ina bhfuil dá scríobh agam. |
| 21 |
| Agus is go dúichí na Siria agus na Cilice a chuaigh mé ina dhiaidh sin. |
| 22 |
| Ní raibh aithne súl fós ag eaglais Chríost in Iúdáia orm; |
| 23 |
| ní raibh acu ach scéal scéil “faoin duine úd a bhíodh dár ngéar-leanúint tráth agus atá anois ag craobhscaoileadh an chreidimh a bhíodh sé ag iarraidh a scriosadh roimhe seo,” |
| 24 |
| agus thugaidís glóir do Dhia mar gheall orm. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish2012/galatians/001.mp3
6
1