Tá aon cheist amháin agam oraibh: an de bharr an dlí a chomh-líonadh a fuair sibh an Spiorad, nó de chionn gur chreid sibh an teachtaireacht a chuala sibh?
Nuair a bhronnann Dia an Spiorad oraibh agus éachtaí a dhéanamh in bhur measc, an de bharr an dlí a chomh-líonadh a dhéanann sé amhlaidh nó de chionn gur chreid sibh an teachtaireacht
Chonaic an scrioptúr roimh ré gur de bharr an chreidimh a dʼfhíréanódh Dia na gintlithe agus réamhfhógair an dea-scéal sin dʼAbrahám: “Beannófar ionatsa na náisiúin uile.”
Iad siúd atá ag brath ar an dlí, áfach, tá mallacht anuas orthu, mar tá scríofa: “Is mallaithe gach n-aon nach gcloíonn lena bhfuil scríofa i leabhar an dlí agus iad a chur i gcríoch.”
Ach dʼfhuascail Críost ó mhallacht an dlí sinn nuair a rinneadh rud mallaithe de féin ar ár son mar tá scríofa: “Is mallaithe cách a chrochtar ar chrann.”
Tharla amhlaidh chun go dtitfeadh beannacht Abrahám ar na gintlithe in Íosa Críost agus go bhfaighimisne, tríd an gcreideamh, an Spiorad a bhí geallta.
Anois, is dʼAbrahám agus dá shíol a tugadh na gealltanais, agus féach ní “do do shíolta” atá ráite faoi mar bheifí ag tagairt dá lán daoine, ach “do do shíol”–ag tagairt don aon duine amháin, is é sin, do Chríost.
Ach is chuige seo atáim: an conradh a bhí daingnithe ag Dia, ní féidir don reacht a tháinig i bhfeidhm ceithre chéad agus tríocha bliain ina dhiaidh sin an conradh sin a chur ar ceal agus an gealltanas a chur ar neamhní.
Cad chuige an dlí mar sin? Cuireadh leis an gconradh é toisc na gcionta nó go dtiocfadh an síol úd ar tugadh an gealltanas dó. Ordaíodh trí bhíthin aingeal é le cabhair idir-ghabhálaí.
An bhfuil an dlí bunoscionn le gealltanais Dé mar sin? Níl ar chor ar bith. Dá dtugtaí dlí, áfach, a mbeadh ar a chumas beatha a thabhairt, bheadh fíréantacht ag teacht ón dlí dáiríre;